Forlámhas lucht oibre

In Eagrán 37 (Meán Fómhair 2009) a foilsíodh an rogha seo den saothar a rinne An Chomhdháil Phoblachtach i nGaeilge.

Tá sé 75 bliana ó cuireadh tús leis an gComhdháil Phoblachtach, eachtra thábhachtach i stair eite chlé na hÉireann. Cé go bhfuil eolas forleathan ar obair na Comhdhála le fáil, ní heol dá lán go ndeachaigh sí chun oibre i nGaeilge freisin ná go ndearna sí an-phlé ar chúrsaí na Gaeltachta. Anseo tá roinnt samplaí den obair sin, as a páipéar seachtainiúil An Chomhdháil Phoblachtach.

Comheagraígí Comhdháil

[12 Bealtaine 1934]

Sibhse gur mian libh Éire a bheith saor agus Gaelach, ar taibhsíodh riamh daoibh cad é an forlámhas ba chóir d’Éirinn? Ar samhlaíodh riamh daoibh cad é an Rialtas ba chóir a bheith ann chun Éire Shaor Ghaelach a bhaint amach .i. chun an ceangal le Sasana a bhriseadh, chun Gaelachas a chur fé réim, chun deire a chur le dealbhas agus le drochshaol i measc an phobail?

Forlámhas na Saibhir ba chóir—an ea? Ní hea. Óir ní raibh lucht an airgid riamh ar thaobh na saoirse ná na teangan. A mhalairt ar fad! Ní mór do lucht gustail, de réir dúchais riamh, mathshluaite a bheith fúthu agus iad ag baint feidhme astu. Is dual d’fhorlámhas an tsaibhir an-fhlaitheas d’imirt ar an ndaibhir.

Breathnaígí ar an saol fé mar atá sé inniu. Deineann sibh éadach agus é thar bhur gcumas é a cheannach daoibh féin! Tógann sibh tithe agus gan cead agaibh dul ina seilbh ná cónaí iontu! Baineann sibh iomadúlacht barraí agus mar sin féin, sin é i ndeirc an bhochtanais sibh! Lucht oibre ag saothrú ó dhubh dubh agus gan puinn de thoradh a saothair acu féin—é go léir ag lucht an airgid.

D’fhonn san go léir d’athrú ní mór daoibh forlámhas de bhur gcuid féin a sholáthar. Forlámhas lucht oibre—agus san amháin—a dhéanfaidh Éire Shaor Ghaelach a bhaint amach.

Ach conas a thiocfaidh an forlámhas san i gcrích? Ní thiocfaidh sé i gcrích, a lucht oibre, go dtabharfaidh sibhse i gcrích é. A ógánacha na Gaeltachta, a sclábhaithe brúite, a ainniseoirí d’fheirm­eoirí beaga agus de shiopadóirí—is é bhur gcúram cuid a bheith agaibh i dtógáil an fhorlámhais—mar is é amháin a fhéadfaidh sibh a shaoradh.

Chun oibre libh, mar sin! Comhoibrígí le chéile. Comheagraígí Comhdháil thaibhseach fhor-fhairsing mar bhun ina chóir.

Téadh lucht oibre i gcomhairle a chéile, i monarchain, i mbailte agus i bparóistí. Toghtar teachtaí chun na Comhdhála Náisiúin. Is ann a dhéanfar gníomh.

EITHNE NÍ CHUMHAILL
PROINSIAS Ó RIAIN1

Gan Faoiseamh le Fáil
Fimíneacht de Valéra

[2 Meitheamh 1934]

Béalchráifeacht a bhí á spalpadh uaidh ag de Valéra i gConamara. Trua aige do mhuintir na Gaeltachta, ach fágfaidh sé i mbochtanas iad. Ní ligfidh sé isteach ar na tailtí bána iad.

Do labhair Éamon de Valéra ag cruinniú mór in aice Casla, Conamara Dé Domhnaigh seo caite.

Bíonn a lán daoine ag caint libh (ar seisean), ach mar adeir an seanfhocal, ‘Ní bheathaíonn na briathra na bráithre.’ Ní thuigeann na daoine seo go bhfuil oraibh slí bheatha a bhaint amach, agus ba cheart dóibh a bheith toilteanach rud éigin a dhéanamh ionas go mbeadh sé ar bhur gcumas slí bheatha a bhaint amach in bhur dtír féin.

Agus, ansan, thosnaigh de Valéra ag beathú na mbráithre leis na briathra! Dhein sé olagón mar gheall air gur díbríodh Gaeil go Connachta agus gur fágadh na tailtí bána fé bha. Ní raibh de leigheas aige ar an scéal ach so:

Ní mór do na daoine a bhfuil na tailtí míne acu rud mór a dhéanamh chun slí bheatha a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta.

Ní dúirt sé cén rud an “rud mór”, ach ba ghairid dó a chur in iúl dos na fíor-Ghaeil ná fuil aon chúiteamh i ndán dóibh. Ní roinnfear na tailtí bána. “Theastódh 40 blian chun san a dhéanamh.”

Ar theastaigh 40 blian chun na Gaeil do dhíbirt? Nár deineadh a ruagairt i gceann uair a’ chloig go minic? Agus nárbh fhéidir na Gall-phoic do ruagairt san tslí chéanna?

Ach, is cinnte ná déanfaidh de Valéra san. Is cinnte go gcaithfidh muintir na Gaeltachta seasamh ar a mbonna féin, gluaiseacht a chur ar bun dóibh féin, a dtaoisigh féin i gceannas, agus dul i seilbh a n‑oidhreachta féin gan spleáchas do de Valéra ná do bhaoth-cháirde eile.

Saothar Stairiúil

[23 Meitheamh 1934]

Beidh áthas ar léitheoirí an pháipéir seo a chlos go bhfuil údar clúúil ag cur Gaeilge ar chuid de scríbhinní Shéamuis Uí Chonghaile, agus go bhfoilseofar a shaothar sa pháipéar so.

Cuirtear go minic i leith Gaeilgeoirí ná fuil suim acu ach sa teanga Ghaeilge. Is léir ná tuigeann a bhformhór acu cad is saoirse ann. Ceapann siad ná fuil i gceist ach an ceangal poilitíochta le Sasana a scaoileadh agus an Ghaeilge a chur á labhairt ar fud Éireann. Má labhrann duine leo ar chúrsaí bídh is beatha déarfaid gur ‘Cumannach Coigríochach’ an duine sin. Agus táid (a bhformhór acu) chomh haineolach san ar shaothar an Chonghailigh go gceapaid gur duine é nár chuir suim riamh i nGaeilge ná i nGaelachas.

Cá mhéid Gaeilgeoir go bhfuil fhios acu gur scríobh an Conghaileach aistí ar an nGaeilge? Agus cá mhéid díobh a léigh na haistí sin?

Tharla dúinn le déanaí a bheith ag léamh leabhar staire a ceapadh i nGaeilge le haghaidh na scol. Na daoine a scríobh iad—nó na daoine a d’ordaigh iad a scríobh—is léir nár léadar riamh scríbhinní an Chonghailigh. Agus an té nár léigh scríbhinní an Chonghailigh, níl sé infeidhme ar stair na hÉireann a scríobh.

D’fhonn eolas ar na scríbhinní sin a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí —is é sin, d’fhonn réalt eolais ar shlí na saoirse a thabhairt dóibh—is ea a chuirfimid i gcló anso, chomh luath agus is féidir linn, Stair na hÉireann a chéad-scríobh Séamus Ó Conghaile.2

Tógtar Thar nAis Iad!
Oidhreacht na nGael

[21 Iúil 1934]

Dé Domhnaigh seo caite tháinig ‘Muintir na Gaeltachta’ le chéile ar fud an Iarthair agus chuireadar in iúl go poiblí go bhfuil fúthu a gceart féin a bhaint amach. Bhí cruinnithe acu ins an Spidéal, Cnoc, Tulach, Ceathrú Rua, Litir Mór, Camus, Rosmuc, agus Carna. Orthu san a labhair ag na cruinnithe sin bhí: Seán Ó Coistealbha, Peadar Ó Duibhgeannáin, Pádraic Ó Coinceannain, Éamon de Bháldron, Micheál Ó Catháin, Liam Ó Buachalla, Tomás Ó Conghaile, Pádraic Ó Conghaile, agus Máirtín Ó Cadhain.

’Sé cuspóir atá ag ‘Muintir na Gaeltachta’ ná an talamh a sciobadh ós na Gaeil fadó a fháil thar n‑ais arís.

Níl rialtas de Valéra i bhfábhar an talamh san a thógaint ós na Gallphoic go bhfuil sé acu fé láthair.

Nuair a chuaigh fir Chonamara ar thoscaireacht go de Valéra, ráithe ó shoin,3 ní bhfuaireadar sásamh uaidh. Agus tar éis do de Valéra cuairt a thabhairt ar Chonamara dhá mhí ó shoin, agus tar éis dó a admháil nár chreid sé go dtí sin go raibh na daoine chomh bocht san, ná go raibh orthu stracadh leis an saol chomh crua sin—níor dhein de Valéra faic.

Is amhlaidh a thug sé an leithscéal uaidh ná raibh go leor talún ann chun í a roinnt ar mhuintir na Gaeltachta!

Is maith linn a thabhairt fé ndeara go bhfuil muintir na Gaeltachta á riaradh féin chun dul i seilbh a n‑oidhreachta. Tá na tailtí bána ann ó bhord na Sionainne soir go Baile Átha Cliath.

Mara dtabharfar do Ghaeil iad, agus is baol linn ná tabharfar—tógtar iad!

Ath-Ghaelú na Tíre
An tAon Slí Amháin Chuige

[6 Deireadh Fómhair 1934]

“Is cuma le lucht na Comhdhála an Ghaeilge agus an Ghaeltacht,” adeir ball de Chonradh na Gaeilge liom le déanaí. Ag tagairt don Chomhdháil Phoblachtach a bhí sé. “Féach an scéim atá á mholadh acu,” ar seisean agus fearg ina ghlór, “an Ghaeltacht álainn a bhriseadh as a chéile, na cainteoirí breátha líofa d’aistriú amach go dtí an Ghalltacht! I gcoinne na Gaeltachta agus na Gaeilge atáid,” ar seisean, sa deire, agus é ag léimt le neart feirge.

An gá dhom é a rá libh, a mhuintir na Gaeltachta, nach díbh an cainteoir feargach úd? Rugadh sa Ghalltacht é. Níl d’aithne aige oraibhse ach an mhéid a fuair sé uair dá dtug sé cuairt oraibh agus é ar a laethanta saoire.

Is ionúin leis an Ghaeilge, ach ní thuigeann sé ‘ceist na Gaeltachta’. Ba mhaith leis an Ghaeilge a shábháil, ach ní heol dó aon slí eile chuige ach an Ghaeltacht do choimeád fé mar atá sí—í ina ‘tír álainn’ do lucht saoire, í ina ‘hIfreann thiar’ dóibh sin a chaithfidh maireachtaint ann. Agus ní thuigeann sé, ach oiread, gurab iad muintir na Gaeltachta féin a cheap an scéim úd go bhfuil sé go láidir ina choinne!

Ós rud é go bhfuil a lán daoine eile ann atá ar bheagán céille, leis, i dtaobh na Gaeltachta ba mhian liom labhairt leo anso amach. Agus dearbhóidh sibhse, a mhuintir na Gaeltachta, gurab í an fhírinne atá á insint agam.

Cad is Gaeltacht ann? Áit cónaithe Gaeilgeoirí, nach ea? Más ea (agus is ea) ná beadh Condae na Mí ina Ghaeltacht leis dá líonfaí le muintir na Gaeltachta é? Cinnte, bhéadh. Ach, b’fhéidir go bhfuil eagla ar dhaoine áirithe go gcaillfí an Ghaeilge ag gabháil thar Sionainn aniar di! Cé hiad a choimeádann an Ghaeilge beo? Muintir na Gaeltachta, nach ea? Anois—cé a choimeádfaidh muintir na Gaeltachta beo?

Siod í an cheist atá le réiteach. Níl slí—ní áirím slí beatha—dá leath san dúthaigh ar a dtugtar an Ghaeltacht inniu. Má fágtar ann iad tá deire le Gaeltacht, le Gaeilgeoirí agus le Gaeilge. Nach cúinge an Ghaeltacht inniu, nach teirce na ‘cainteoirí dúchais’, ná mar a bhí deich mbliana ó shoin?

An scéim a moladh ag an gComhdháil Phoblachtach,4 siod í an scéim a shábhálfaidh agus a leathnóidh an Ghaeltacht.

Nótaí

  1. Bhí an bheirt seo ina measc siúd a chuir ainm leis an ngairm scoile a thionscnaigh an Chomhdháil Phoblachtach an mhí roimhe seo. Ba é Ó Riain eagarthóir An Chomhdháil Phoblachtach.Athfhoilsíodh an t‑alt seo in eagrán 1 Meán Fómhair den pháipéar, ach gan aon ainm leis.
  2. Níor foilsíodh aistriúchán ar aon scríbhinní de chuid Uí Chonghaile ar An Chomhdháil Phoblachtach. Mhaígh an páipéar nach raibh soláthar den chló gaelach acu chuige.
  3. Chuaigh baill de Mhuintir na Gaeltachta go Baile Átha Cliath ar rothair, áit ar chas siad le de Valera lena n‑éileamh a bhrú air.
  4. Nuair a tionóladh an Chomhdháil féin an mhí roimhe seo, glacadh le rún go n‑aistreofaí aos óg na Gaeltachta chuig feirmeacha stáit ar thalamh a ghabhfaí ó rainséirí.