An frithdhúnadh ón bhFrainc

Céad bliain tar éis frithdhúnadh Bhaile Átha Cliath, thug an t-aistriú seo ar altanna a scríobh Fabra Rivas léargas ar dhearcadh eite chlé na Fraince air, in Eagrán 54 (Nollaig 2013).

Cuireadh tús le l’Humanité mar pháipéar laethúil sóisialach i bPáras i 1904, agus Jean Jaurès (1859-1914) ina bhun. Ghlac páirtí sóisialach na Fraince, an SFIO, leis mar pháipéar oifigiúil i 1911. Bhí tuairiscí aige ar ghluaiseacht na n‑oibrithe sa Fhrainc féin agus ar fud an domhain. Ní hionadh go raibh frith­dhúnadh Bhaile Átha Cliath i measc a chuid nuachta i 1913.

Ba é Antonio Fabra i Ribas is mó a thuairiscigh ar thús an aighnis. Rugadh é sa Chatalóin i 1879 agus tar éis céim ollscoile a bhaint amach i 1900 bhí sé gníomhach sa gluaiseacht shóisialach sa Fhrainc, sa Bhreatain, agus sa Ghearmáin. Chaith sé tamall i mBéal Feirste, áit ar mhúin sé i scoil teangacha. D’fhill sé ar Barcelona i 1908, ag cur páipéar sóisialach amach agus ag glacadh páirt i Seachtain na Tragóide, nuair a throid oibrithe na cathrach le harm na Spáinne. D’fhill sé ar an bhFrainc ina dhiaidh sin. Bhí sé i bpáirtí sóisialach na Spáinne tar éis an chéad chogadh domhanda. Ba theachta dála i bpoblacht na Spainne é, ag obair sa roinn oibreachais ó 1931 ag tacú le comharchumainn, agus ansin ina thaidhleoir san Eilvéis. Theith sé go Meiriceá Theas nuair a tháinig Franco i gcumhacht, mar a raibh baint aige leis an gcomharchumannachas arís, ag scríobh a lán leabhar. Ligeadh ar ais chun na Spáinne i 1950 é, ar choinníoll nach bhfágfadh sé a cheantar dúchais. Fuair sé bás i 1958.

Aistrítear anseo a chuid tuairiscí ó Shasana a foilsíodh ar l’Humanité i dtús fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath, a thugann léargas maith ar an gcaoi ar fhreagair gluaiseacht na n‑oibrithe dó sa Bhreatain agus sa Fhrainc.

Troid ar feadh dhá uair dhéag ar shráideanna Bhaile Átha Cliath

[L’Humanité, 2 Meán Fómhair 1913]

Tá trioblóidí Bhaile Átha Cliath, ar labhair l’Humanité orthu inné san Eagrán Stadchló, thar a bheith tromchúiseach. Is éard a spreag iad, an cosc ansmachtúil a cuireadh le cruinniú a ghairm Ceardchumann Oibrithe Iompair Éireann de bharr gabháil cheannairí stailc na dtram­bhealaí agus bagairt na bhfostóirí bata is bóthar a thabhairt do na hoibrithe a ardaíonn bratach dhearg an cheardchumainn.

Níl sé ach beagán le cois deich lá ó thug an Dublin Tramway Company bata is bóthar do roinnt oibrithe ar aon chúis amháin, gur bhaill iad dá gceardchumann, an Irish Transport Union. Mar agóid in aghaidh an ghnímh ansmachtúil seo, d’fhógair an ceardchumann an stailc atá ar siúl le seachtain. Deich la tar éis fógairt na stailce, gabhadh ceathrar ceannairí de chuid na n‑oibrithe,1 ina measc an Saoránach Séamas Ó Lorcáin, rúnaí an cheardchumainn, ach scaoileadh saor ar bannaí iad. Ar deireadh, Dé hAoine, chuir na póilíní cosc le cruinniú a d’eagraigh an ceardchumann, a bhí le bheith ar siúl Dé Domhnaigh seo caite.

Níor mhian leis an Saoránach Ó Lorcáin déanamh de réir eascaire phóilíní Bhaile Átha Cliath. Chuir sé litir chuig an Sunday Freeman, a aistrítear anseo:

A chara,
Tuigtear dom go bhfuil fógraithe agat nach mbeidh aon chruinniú in O’Connell Street amárach. Ba mhaith liom a chur in iúl duit go bhfuil sé de rún agamsa, Séamas Ó Lorcáin, cibé tuairim atá ag oibrithe eile, an cruinniú a thionól ar ais nó ar éigean. Dá bhrí sin, má dhearbhaítear a mhalairt duit, is in aghaidh mo thola-sa é.
————————————Is mise, Jim Larkin.

Dé Domhnaigh, idir a haon is a dó a chlog san iarnóin, bhí O’Connell Street, ceann de na bóithre is gnóthaí i mBaile Átha Cliath, dubh le daoine. Chomh maith leis na daoine a bhíonn ag dul thar bráid de ghnáth, bhí roinnt oibrithe tar éis teacht le chéile.

Go tobann, ar vearanda an Imperial Hotel shómasaigh, tháinig fear faoi chasóg eireabaill agus hata ard i láthair. Bhí croiméal fada air agus féasóg fhada den dubh is deise. Le gotha mór dá lámh dheas, tugann an duine uasal aghaidh ar an slua, agus tosaíonn ag labhairt.

Is é Séamas Ó Lorcáin, i mbréagriocht, ag fógairt don phobal go bhfuil sé tagtha lena gheallúint a chomhlíonadh agus nach n‑imeoidh sé go ngabhfar é.

Is é an chuid is spéisiúla den scéal gur leis an Uasal Murphy é an Imperial Hotel, stiúrthóir an Chomhlacht Trambhealaí arb iad a imeachtaí ansmachtúla a spreag an stailc, agus gur bheannaigh na póilíní le mórmheas, tar éis dóibh mionchuardach a dhéanamh san óstán, don Saoránach Ó Lorcáin, a raibh Miss Donnelly in éineacht leis, agus a shínigh an clár mar thaistealaí a tháinig ó Learpholl.2

Thóg teacht Uí Lorcáin ar bhalcóin an Imperial Hotel callán ollmhór i measc an tslua. D’fháiltigh bualadh bos díograiseach roimh ghaisce Uí Lorcáin.

Ghníomhaigh na póilíní láithreach bonn. Phléasc siad isteach san óstán agus thug ruathar faoi na léirsitheoirí. Chaith na marcghardaí iad féin leis an slua go fíorfhíochmhar. Bhuail na póilíní buillí smachtín ar mhná agus ar dhaoine óga. Thit a lán agus fuil lena gcloigne. Agus iad ag iarraidh seasamh arís, thug na póilíní fúthu arís, ag bualadh le smachtíní as an nua iad.

Bhí radharc agam ar an iomlán—a deir comhfhreagraí an Daily News—ritheadh i ndiaidh daoine a bhí iomlán neamhurchóideach agus iad ag teitheadh thar lánaí in aice le páirc an áir agus buaileadh gan trócaire iad.

Ach níor dhada iad radharcanna foréigin is fiántais na hiarnóna le hais radharcanna an tráthnóna.

Idir a seacht agus leathuair tar éis a hocht tráthnóna—a dhearbhaíonn an Daily News—thug na póilíní breis is leathchéad ruathar.
Ó mhoch maidine inniu tá tuilleadh daoine gortaithe á dtabhairt chun an ospidéil.

Thairis sin, scríobhann comhfhreagraí an Manchester Guardian i mBaile Átha Cliath na focail thromchúiseacha seo:

Tá go leor finnéithe neamhchlaonta tagtha chun cinn, agus tá siad ar aon fhocal go raibh na póilíní ag gníomhú faoi thionchar an óil tráthnóna aréir, cuid mhaith.

Ta torthaí an chatha a d’fhear na póilíni in aghaidh muintir na cathrach scanrúil.

Tá breis is 400 (ceithre chéad!) duine, idir fhir, mhná is pháistí, gortaithe go trom nó go héadrom. Áiríodh daoine marbha, ce nach eol an líon cruinn.3

Cuireann ár gcomhghleacaí an Daily Citizen,4 agus nuachtain liobrálacha uile Shasana leis, go dian dúthrachtach in aghaidh na radharcanna cruálacha atá ag titim amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.

Dearbhaíonn sé: “ní féidir na modhanna a mbaintear leas astu sa Rand5 a chur i bhfeidhm sa mhórchathair”.

Táimid cinnte—a deir an Daily Citizen lena chois—go dtacóidh tuairim an phobail sa Bhreatain Mhór ar gach bealach is féidir leis na hÉireannaigh atá ag troid leis an gceart cruinnithe a chosaint.

Déanta na fírinne, is é anois nó riamh é le cruthú gurb ann don tsaoirse in Éirinn freisin agus go bhfuil na cearta céanna agus na pribhléidí céanna ag muintir na hÉireann iathghlaise is atá ag saoránaigh Shasana agus na hAlban.

Fabra Ribas

An t‑ár i mBaile Átha Cliath

[L’Humanité, 3 Meán Fómhair 1913]

Tá tuairim an phobail agus nuachtáin Shasana ar aon fhocal in aghaidh na radharcanna fiántais agus brúidiúlachta a bhfuil Baile Átha Cliath mar láthair dóibh.

Tá iallach ar an Times, a dhéanann iarracht maolú ar chúraimí troma phóilíní Bhaile Átha Cliath, a admháil: “i gceantair áirithe thug na póilíní ruathar le brúidiúlacht nach raibh gá léi” (unnecessary brutality).

Dearbhaíonn an nuachtán céanna gurbh éigean cóir leighis a chur ar 500 duine, agus 57 póilín ina measc, de bharr créachta troma nó éadroma a fuarthas tráthnóna nó oíche Dé Domhnaigh.

Scríobhann an Daily Citizen, in alt ina gcuireann sé go feargach in aghaidh ár na bpóilíní i gCorn na Breataine6 agus i mBaile Átha Cliath:

Dá mhéid nuachta a fhaighimid ó Bhaile Átha Cliath, is amhlaidh is mó ár bhfearg le hamaidí choiriúil na n‑údarás agus seasamh barbartha na bpóilíní.
…Is féidir na rudaí a spreag an chruálacht seo a achoimriú mar a leanas: Tá socraithe ag dornán caipitlithe i mBaile Átha Cliath deireadh a chur leis an gceardchumannachas agus thar aon ní eile ceardchumann na n‑oibrithe iompair a chur faoi chois. Tá siad tar éis leas a bhaint as beart ansmachta nach bhféadfadh gan stailc a thabhairt. Tá tacaíocht ríchroíúil na n‑údarás acu ina ngníomhartha… Tá gach ab fhéidir leo déanta ag fostóirí, údaráis agus póilíní le fearg a adhaint agus anord a spreagadh.

Cuirimis leis sin gurb é an tUasal Murphy atá ar cheann na gcaipitlithe. Is leis an duine uasal seo trambhealaí uile na cathrach, nach mór; is é úinéir an Imperial Hotel inar chuir an Saoránach Ó Lorcáin faoi, úinéir shiopa éadaigh Clery, úinéir nuachtán an Irish Independent, uachtarán an West Clare Railway Co., stiúrthóir an Great Southern and Western Railway Co., agus tógálaí bóithre iarainn in Uganda agus san Airgintín.

Is é Mr Murphy féin a threoraíonn an choimhlint in aghaidh an Irish Transport Union, agus is eisean a chomhairligh go dtabharfaí an frithdhúnadh mar fhreagra ar agóid na n‑oibrithe.

Rinne an tUasal Murphy iarracht fáil réidh le ceannairí na n‑oibrithe, go mór mór an Saoránach Ó Lorcáin, a bhfuil géarleanúint righin déanta air.

Ach ainneoin a chuid airgid, a thionchair agus a chuid póilíní féin, ní éireoidh leis an Uasal Murphy. Le ceardchumainn Bhaile Átha Cliath atá sé ag plé go dtí seo. Anois tá aicme oibre uile na Breataine Móire os a choinne.

Óir, faoi láthair, is é an ceardchumannachas uile go léir, agus an Chomhdháil ata ina suí anois i Manchain mar ionadaí air,7 a éilíonn fuascailt Uí Lorcáin, atá ag iarraidh fiosrúchán iomlán ar na himeachtaí i mBaile Átha Cliath, agus atá ullamh chun cuidiú le hiomlán a fhórsa ar gach bealach is féidir le stailceoirí agus ceard­chumannaithe phríomhchathair na hÉireann.

FR

An caipitleachas in aghaidh na gceardchumann

[L’Humanité, 14 Meán Fómhair 1913]

Ta alt an-deas agus an-bhríomhar ag an Saoránach Keir Hardie san eagrán is deireanaí den Labour Leader8 ar na himeachtaí i mBaile Átha Cliath.

Tá Keir Hardie tar éis dul go dtí príomhchathair na hÉireann. Theastaigh uaidh tábhacht na gluaiseachta atá ar siúl a thuiscint lena shúile cinn, agus is é an t‑adhmad a bhaineann sé aisti, cibé tábhacht a bhain le cosc an chruinniú agus le brúidiúlacht na bpóilíní—tábhacht ollmhór, gan amhras—níl iontu seo ach sonraí d’fhadhb atá i bhfad níos tromchúisí.

Is féidir an fhadhb seo a chur i bhfocal mar seo: Tá na caipitlithe i mbun comhcheilge leis na ceardchumainn a chur faoi chois.

Seo ceann de na hargóintí atá ag Keir Hardie chun tacú lena chás:

Is toradh í forbairt ollmhór na gceardchumann le blianta beaga—ní amháin ó thaobh ball ach ó thaobh na tuisceana aicmí agus na dlúthpháirtíochta freisin, agus bunú an Labour Party, spreagtha ag an sóisialachas—ar mhearbhall mór i measc na haicme caipitlí. Ní sos do na gnéithe is mífhreagraí de Pháirtí na dTóraithe agus na nuachtáin ach ag éileamh dlíthe ansmachta agus gníomh bríomhar ag na húdaráis.
An Páirtí Liobrálach atá i gcumhacht faoi láthair, ní eilíonn sé dada: gníomhaíonn sé. Caithfear fórsaí an lucht oibre a mhúchadh má tá contúirtí níos mó le cosc.
…Tá buíochas poiblí tugtha ag an gComhlachas Tráchtála don Uasal Murphy as “an Lorcánachas a chur faoi chois”. Tacaíonn Caisleán Bhaile Átha Cliath (áras fhear ionaid an rí in Éirinn)9 leis an Uasal Murphy, agus seasann Downing Street (áras phríomh-aire Shasana) ar chúl Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Ansin, ag tabhairt aghaidh ar naimhde na prólatáireachta, scríobhann Keir Hardie na focail laidre seo:

Ach ní chloífear oibrithe Bhaile Átha Cliath arís. Ta an leath­chéad míle fear agus ban a shiúil i ndiaidh corp James Nolan lán misnigh agus diongbháilteachta. Tá na deich míle saoránach ar labhair mé leo ag Beresford Square10 ullamh chun troid mar aon duine amháin. Tuigeann ceannairí ghluaiseacht ceardchumann na hÉireann, ó thuaidh agus ó dheas, an scéal go binn. Is cinnte go dteastaíonn ó ghluaiseacht Shasana uile go léir a cion a dhéanamh ar an ócáid seo. Ní stailc atáimid a fheiceáil i mBaile Átha Cliath; is comhcheilg é le gluaiseacht na gceardchumann a scrios.

Críochnaíonn Keir Hardie le hachainí ar na hoibrithe uile agus na sóisialaithe uile teacht i gcabhair ar na comrádaithe i mBaile Átha Cliath. “Caithfear an chomhcheilg chaipitleach”, scríobhann sé, “a mharú i mBaile Átha Cliath. Mura maraítear, beidh orainn í a throid sna hOileáin Bhriotanacha ar fad.”

Níl feicthe ag an gceannaire cróga sóisialach ach an ceart. Déanta na fírinne, cuireann Times an lae inné in iúl dúinn go bhfuil socraithe ag fostóirí Bhaile Átha Cliath go dtroidfidh siad an Irish Transport Union go deireadh agus nach bhfreastalóidh siad ar na cainteanna a osclóidh Dé Luain seo chugainn ina bhféadfadh ionadaithe na n‑oibrithe agus na bhfostóirí réiteach ar an gcoimhlint seo a lorg.

Ní mian leis na fostóirí a thuilleadh margaíochta a dhéanamh. Is mian leo troid. Níor chuir ár ‘Dhomhnach na Fola’ aon eagla orthu. Is é an chaoi go bhfuil cluiche mór á imirt acu agus go mbraitheann siad go bhfuil an rialtas ar a gcúl.

Idir an dá linn, tá Ó Lorcáin scaoilte saor ar bannaí. D’fhógair sé in óráid a thug sé ag Beresford Square go bhfuil socraithe aige féin agus a chomrádaithe go dtroidfidh siadsan go deireadh freisin. Imeoidh sé inniu, Dé Domhnaigh, go Sasana, áit a míneoidh sé an chaoi a gcaitheann an rialtas agus na póilíní le hoibrithe na hÉireann.

Tá comhcheilg an chaipitleachais in aghaidh na gceardchumann cáinte ag Keir Hardie. Tá fógraithe ag an Lorcánach agus ag an Uasal Murphy go bhfuil sé ina chath agus go rachaidh siad go bun an angair leis.

Más fíor nach gcuireann an méid seo isteach ar rialtas Shasana agus nach gcuireann sé a ladar isteach leis an tsíocháin agus an ceart a chur ar bun athuair, cruthóidh sé nach bhfuil liobrálachas ar bith ag baint leis agus nach bhfuil ann ach oifig ghnó atá faoi threoir agus smacht chaipitlithe na tíre.

Fabra Ribas

Nótaí

  1. Cúigear acu a gabhadh.
  2. Donnelly a thug Ó Lorcáin mar ainm, agus ba í Nellie Gifford a lig uirthi féin gurbh í a iníon í.
  3. Fuair James Nolan bás maidin Dé Domhnaigh ó bhuillí a thug póilíní dó an oíche roimhe. An lá a foilsíodh an tuairisc seo, bhásaigh John Byrne de bhuillí a fuair sé ó phóilíní ar an oíche chéanna.
  4. Páipéar Chomhdháil Ceardchumann na Breataine.
  5. Mharaigh na póilíní 25 léirsitheoir le linn stailc mianadóirí san Afraic Theas mí Iúil roimhe seo.
  6. Rinne póilíní ionsaí smachtíní ar mhianadóirí le linn stailce i gCorn na Breataine.
  7. Comhdháil Ceardchumann na Breataine.
  8. Ba é James Keir Hardie an chéad chathaoirleach ar Pháirtí Lucht Oibre na Breataine nuair a bunaíodh é i 1906. Tháinig sé go Baile Átha Cliath le labhairt ag cruinniú ar shon oibrithe na cathrach go gairid tar éis Domhnach na Fola. Ba é féin a bhunaigh an Labour Leader in 1888, paipéar Pháirtí Neamhspleách an Lucht Oibre faoi seo.
  9. Ní ansin ach i bPáirc an Fhionnuisce a bhí a áras seisean, ach ba é an Caisleán croílár rialtas na Breataine in Éirinn.
  10. Plás Beresford atá i gceist, in aice le Halla na Saoirse.