Gluaiseacht na saoirse

Phléigh Sinéad Nic Íomhair cás na dteifeach ag bogadh chun na hEorpa, agus doicheall an chórais rompu , in Eagrán 62 (Nollaig 2015) .

Caidé a thug an nath “géarchéim na dteifeach” chuig barr achan mheán cumarsáide an samhradh seo a chuaigh thart? Bhí na milliúin teifeach ar domhan, cinnte, ach ní nuaíocht ar bith é sin. Is é an rud úr a tharlaigh i mbliana nach raibh na teifigh seo sásta fanacht ciúin san áit a raibh siad go mbeadh lucht na cumhachta ullamh rud inteacht a dhéanamh ar a son. Ina ionad sin, rug siad greim ar a gcinniúint féin. D’fhág siad na campaí ina ndiaidh, agus thug siad fá réiteach a fháil ar a gcruachás. Bhog siad go dtí áit a dtiocfadh leofa saol níos fearr a fháil, agus ba sin an ghéarchéim nach raibh an córas in ann aici.

Thógfadh sé do chroí a bheith ag amharc ar na scórtha teifeach ag leagan na gclaíocha a sheas sa bhealach orthu, ag rith fríd na teorainneacha a tarraingíodh lena gcoinneáil amach, agus gan neart ar bith ag saighdiúirí is gardaí air. Ba chuma caidé a rinne na húdaráis le bac a chur rompu, d’éirigh le daoine é a shárú. Ní ábhar trua a bhí sna daoine seo a thuilleadh, íospartaigh ag fulaingt, ach daoine a bhí ag iarraidh a bhfuascailt féin a bhaint amach, cibé rialacha a bhí le briseadh acu. Gluaiseacht saoirse a bhí ann.

Cad chuige a bhfuil an oiread sin teifeach ann? Mar go bhfuil an córas caipitleach ag milleadh an domhain ar a dhícheall. Brabach is bun agus barr leis mar chóras, agus le blianta beaga ní thig leis an méid céanna brabaigh a bhaint. Go deimhin, is fadhb é sin a bhuaileann an córas céanna go rialta, agus fiú nuair atá airgead millteanach á charnú aige, ní bhíonn sé ach ag cothú trioblóide dó féin san am le teacht.

Le fada an lá, tá an chogaíocht ar na freagraí is fearr leis an chóras seo ar a chuid géarchéimeanna féin. Nuair nach bhfuil an oiread céanna creiche le fáil ag na gadaithe, titeann siad amach fán dóigh is ceart í a roinnt eatarthu. Tugann na stáit is cumhachtaí iarraidh fá thíortha eile a thabhairt fána smacht, go díreach nó go neamh­dhíreach. Ma thagann sin salach ar chumhacht eile, is é an claíomh—nó na buamaí ollscriosta, ba chirte a rá—a shocraíonn an t‑aighneas. Ar ndóiche, aon phobal nach bhfuil sásta luí fá thiarnas ollchumhachta, bíonn lámh láidir an impiriúlachais ann i dtólamh agus fonn uirthi iad a chur fá chois.

Le deireanas tá saint an chórais ag gabháil thar fóir. Tá acmhainní nádúrtha an domhain á n‑ídiú aige, agus na rudaí a choinníonn an córas ag imeacht ag gabháil i laghad. Dá bharr sin, is géire fós an iomaíocht ar son an mhéid atá fágtha. Déanann seo díobháil as cuimse don domhan féin, ag cur na haeráide as a riocht agus ag milleadh na dtimpeallachtaí a mbraitheann muid orthu le bheith beo.

Cúlú eacnamaíochta, cogaíocht, géarchéim timpeallachta: is tubaist ceann ar bith acu seo ina aonar, ach nuair a chuirtear le chéile iad, tá an saol ina dhiabhal. Fágtar daoine gan dóchas, gan dadaidh i ndán daofa, agus ní hionadh go ndéanann siad a ndícheall bogadh chuig áit inteacht eile ina mbeidh seans níos fearr acu, b’fhéidir. Tá an cine daonna á dhéanamh seo chomh fada is atá an cine daonna ann. Is cuid dár ndúchas é, agus níl fál go haer a thig le rialtas ar bith a thógáil a stopfas é.

Is cruthúnas beo ar anchás na ndaoine seo go raibh na mílte acu ullamh a ghabháil sa tseans ar bhádaí beaga contúirteacha plódaithe trasna na Meánmhara le héalú uaidh. Fuair corradh le trí mhíle acu fód a mbáis sa mhuir chéanna anuraidh, ar mhacasamhail na linne seo de longa báis an ghorta mhóir s’againne. Ní thugann duine ar bith fá aistear den chineál sin ar mhaithe le spraoi.

Agus ba leor imirce seo an tsamhraidh leis an Eoraip a chur bun os cionn ar fad. Tionóladh cruinnithe éigeandála ar mhuin a chéile le gabháil i ngleic leis an fhadhb uafásach seo—agus níorbh í staid na ndaoine seo an fhadhb, ach a mhéid a bhí siad ag cur isteach ar fheidhmiú an chórais. Neartaíodh teorainneacha agus lucht a bhfaire, na milliúin á gcaitheamh le Dún na hEorpa a chosaint ar na sluaite isteach. Nach trua nach ngníomhóidís chomh gasta céanna fán athrú aeráide, fán bhochtanas, nó ceann ar bith eile de na fíorfhadhbanna atá ag crá an domhain?

Chuir siad an milleán ar na gáinneálaithe. Is cinnte gur suarach é a gceird, ag teacht i dtír ar dhaoine dealbha, ag baint airgid díofa le iad a thabhairt ar aistear contúirteach, gan a bheith cinnte go mbainfear an ceann scríbe amach ar scor ar bith. Ach is iad stáit na hEorpa na cairde is fearr atá ag an lucht gáinneála. Murach na coscanna a chuireann stáit leis an imirce, ní bheadh gnó ar bith ag na gáinneálaithe, agus achan uair a dhaingníonn siad a gcuid teorainneacha, méadaítear ar an airgead fola a bhaineann siad as daoine san fhaopach.

Is é an fhírinne nach mallacht ach beannacht don Eoraip í an imirce. Ní gá d’Éireannaigh ach amharc ar ár dtaithí féin anseo. Caidé an córas iompair a bheadh le fáil sa Bhreatain murach imircigh ó Éirinn a thóg bóithre agus tolláin daofa? Tá fíor-dhrochdhóigh ar chóras leighis na hÉireann, ach thitfeadh sé as a chéile roimh mhaidin gan na dochtúirí is banaltraí as tíortha eile atá ag obair ann. Ní easpa spáis ach easpa daoine atá ag cur ar an Eoraip, agus an daonra s’againn féin fós dhá mhilliún faoi bhun an daonra roimh an ghorta mór.

Ní ualach ar thír iad lucht inimirce, cé go ndéantar ualach díofa nuair a cheiltear comhchearta orthu. Má chuirtear cosc orthu a bheith ag obair, má choinnítear i gcampaí nó ionaid ar leith iad, is doiligh daofa aon pháirt a ghlacadh i saol na tíre. Ach má ligtear daofa obair a dhéanamh, ar an pháidhe agus na coinníollacha céanna le achan duine eile, thig leo comaoin a chur ar an tír, cuidiú le seirbhísí  agus earraí riachtanacha a chur ar fáil. Agus is feabhas ar thír ar bith dathanna úra a chur lena tuar ceatha, cultúir nua a chuireann le héagsúlacht an tsaoil. In Éirinn, tá monaplacht an Bhéarla briste ag teangacha eile, rud a thugann áiméar níos fearr don Ghaeilge féin.

Tuigeann caipitlithe na hEorpa go mbeidh an imirce de dhíth orthu féin, nó beidh ganntanas oibrithe orthu roimh i bhfad eile. Cad chuige a ndoicheall, mar sin? Teastaíonn na hoibrithe uathu, ach teastaíonn uathu srian a chur leo agus lena gcearta, beagán a ligean isteach ó uair go chéile agus iad ar chearta níos lú ná daoine eile. Ansin thig leo úsáid a bhaint astu mar fhoireann oibre ar pháidhe níos measa agus coinníollacha níos measa, le méadú ar a mbrabach agus ding a chur san aicme oibre. Má sheasann siad air gur fadhb atá sna hinimircigh seo, baol dár sibhialtacht, b’fhéidir go scoiltfidh siad a thuilleadh fós muid. Is é an seanchleas céanna ó impireacht na Róimhe anall é: roinnt agus rialú.

Is cuid den iarracht seo polasaí na hEorpa maidir le cuótaí teifeach a leagan síos. Ba cheart go mbeadh cead ag daoine a ghabháil chuig cibé tír is mian leofa, agus go mbeadh achan tír sásta fáiltiú rompu. Ba ghránna an dóigh a raibh airí Éireannacha ag diúltú glacadh le daoine go mb’éigean daofa, agus ansin féin ní raibh san fhigiúr a luaigh siad ach sprioc fhadtréimhseach a dtiocfadh leis a bheith fíor nó bréagach i gcionn na mblianta fada. An méid sin féin, bhí brú de dhíth lena bhaint astu, ó phobal ar mó go mór a mbá le teifigh ná a bhí ag rialtas a bhfuil dualgas ón dlí idirnáisiúnta air tearmann a thabhairt daofa.

Lena chois sin, ní mar theifigh a ligfear isteach iad ach mar dhídeanaithe. Beidh cosc orthu a bheith ag obair nó ag staidéar, ach cead acu iarratas a dhéanamh fanacht in Éirinn. Córas claon a thabharfas breith ar an iarratas sin, córas a dhiúltaíonn os cionn 90% de na hiarratais mar atá. Idir an dá linn, is é an “soláthar díreach” atá i ndán daofa, beatha gan dóchas in ionaid gan mhaith.

Tá an córas dídine sin in ainm is aithint idir teifeach polaitíochta agus imirceach eacnamaíochta. Le fírinne, is déistineach an deighilt bhréige é. Cá bhfuil an líne le tarraingt idir polaitíocht agus eacnamaíocht? Nuair nach mbíonn saol ceart le fáil ag daoine ina dtír féin, meascán de theip pholaitiúil agus eacnamaíochta is cúis leis i gcónaí. Ba cheart go mbeadh bealach amach ag daoine ón bhochtanas, ón chos ar bolg, nó ón dá rud le chéile.

Ar ndóiche, níl inimircigh de dhíth ó chiníochas na hÉireann, nó tá sé sásta fuath a léiriú do phobal dúchasach fosta: an lucht siúil. Níl sé i bhfad ó fuair deichniúr acu bás i gCarraig Mhaighin a bhuíochas ar dhrochstaid na n‑áiteanna cónaithe a gcaithfidh siad cur suas leofa. Nuair a rinneadh iarracht malairt áit chónaithe a chur ar fáil do dhaoine a tháinig slán ón dóiteán, chuir pobal socraithe an cheantair a gcuid carranna mar bhac rompu. In áit iad a ghabháil agus a gcarranna a tharraingt ar shiúl, tugadh cuireadh daofa an scéal a phlé leis an chomhairle condae, agus labhair an Taoiseach féin leofa. Fuair siad a mhian ar deireadh nuair a lonnaíodh na daoine ar iar-dhumpa gan córas ceart séarachais. Níl ann ach giota eile den leatrom atá á imirt ar an lucht siúil in Éirinn leis na blianta.

Nuair atá deireadh ráite, nach eachtrannaigh muid uilig? Má théann muid siar, gheobhaidh achan duine againn Lochlannach nó Normannach nó Cromaileach inteacht ar ár sinsir. Fonn gabhála a thug iad siúd go hÉirinn, ach níl d’fhonn ar inimiricigh an lae inniu ach maireachtáil anseo mar chomharsana. Tá dualgas orainn a chinntiú go dtiocfaidh leofa sin a dhéanamh, agus na cearta céanna acu is atá ag achan duine eile. Má dhéanann muid sin, is láidre a bheas muid le chéile agus is fearrde a bheas muid in ann cearta eile fós a bhaint amach dúinn uilig, agus aghaidh a thabhairt ar an fhíor­namhaid: an aicme brabúsóirí a mhillfeas ár ndomhan an fad a fhágtar i gceannas air iad.

Níl leigheas ar an chrá ach pósadh

In Eagrán 58 (Nollaig 2014) phléigh Sinéad Nic Íomhair cuid de na ceisteanna a bhain leis an reifreann ar chomhionannas pósta a bhí geallta.

Ba rud mór ag na Gaeil le fada é pósadh cothrom a dhéanamh. Beidh reifreann ar siúl go gairid a chuirfeas ar ár gcumas pósadh cothrom a chur ar bun fá dheireadh, pósadh a bheas ar fáil d’aon bheirt a bhfuil fonn orthu a bheith in éineacht. Céim eile a bheas ann i dtreo saol nach gcuirfidh cos ar bholg daoine i ngeall ar a gcuid collaíochta.

Níl call dáiríre le reifreann, ar ndóigh. Áit ar bith a luaitear an pósadh i mbunreacht na sé chondae fichead, níl dada ag rá gur fear agus bean amháin atá i gceist leis. I ndlí an stáit atá an t‑idirdhealú sin le fáil, san Acht um Chlárú Sibhialta 2004. Ba leor Alt 2(2)(e) den acht sin a aisghairm, seacht bhfocailín a bhaint as, le cead a thabhairt do dhaoine atá ar aon inscne pósadh. Ach tá Teach Laighean lán go béal le liobrálaithe gan chnámh droma, polaiteoirí ar dual dóibh fadhbanna a chur ar an mhéar fhada—ach amháin fadhbanna atá ag cur as do dhaoine saibhre, a réitítear thar oíche le reachtaíocht éigeandála más gá. Scór bliain i ndiaidh Cás X a thóg sé orthu dlí ginmhillte a thabhairt isteach, agus an uair sin féin níor leigheas ar bith é ag na mílte ban a chaithfeas a ghabháil thar lear le haghaidh rud ba chóir a bheith ar fáil daofa anseo. Faichill a dtóna féin is bun lena reifreann, iad ag gabháil i bhfolach ón chás a réiteach iad féin.

Ach bíodh acu: tá reifreann chugainn, agus níl fáth ar bith nach mbuafadh muid go réidh é. De réir sraith pobalbhreitheanna, tá trí cheathrú den phobal sásta an pósadh cothrom a thabhairt isteach. Is annamh a chastar an hómafóibe ghlan ort ar na saolta seo, duine a déarfadh amach nach cóir comhchearta a bheith ag daoine hómaighnéasacha.

Go deimhin, bíonn na hómafóbaigh féin ag séanadh na hómafóibe anois. Tá sparán mór ag cuid acu, agus é méadaithe ag meatacháin shuaracha in RTÉ nach raibh iontu an fód a sheasamh ar son saoirse díospóireachta. Ná baintear a ainm den bhairneach, áfach: hómafóibe is bun leis na hargóintí in éadan cead pósta a bheith ag daoine aeracha. Nuair a deir siad nár cheart sainmhíniú an phósta a athrú, tá siad ag rá nár cheart na hómaighnéasaigh a ligean isteach ann. Nuair a deir siad go mba cheart don phósadh a bheith ina institiúid speisialta, tá siad ag rá go dtruailleofaí é dá mbeadh sé ar fáil do hómaighnéasaigh. Nuair a deir siad nach é leas na bpáistí é, tá siad ag maíomh gur dochar do pháiste a bheith in aice le hómaighnéasach.

Domlas mailíseach atá á chur amach acu, agus is é an chuid is measa den scéal go dtabharfaidh an reifreann ardán eile daofa lena gcuid nimhe a spré. Cé go bhfuil titim an-mhór ar a gcuid tacaíochta, tá neart airgid sa bhanc agus cairde sa chúirt acu fós. Caithfear an deis seo is achan deis eile a thapú le buille eile fós a bhualadh orthu. Is hómafóibe é comhchearta a cheilt ar dhaoine de bharr a gcollaíochta, agus ní mór an scéal sin a chur abhaile.

Ar ndóigh, tá sainmhíniú an phósta athraithe go minic. Bhí lá ann agus ní thiocfadh leat pósadh gan bliain is fiche a bheith sáraithe agat. Ba chiallmhaire go mór an argóint go bhfuil 18 mbliana ró-óg le pósadh ná aon argóint in éadan pósadh aerach. Go dtí le deireanas, ba ionann pósadh agus a ghabháil fá chuing bhuan, ach anois is féidir pósadh a scaoileadh—más le stró rómhór é, stró a chuireann leis an bhuairt a leanann de chliseadh caidrimh go minic. Ba mhó go mór d’athrú iad laghdú na haoise agus teacht an cholscartha ná an leasú atá i gceist anois, an leasú a chuireann olc mór orthu siúd atá ag impí go mbeadh a dteastas pósta ina chruthúnas heitrighnéasachais.

Is cleas eile acu a rá nach bhfuil aon chall leis an phósadh aon inscne, tharla go bhfuil an pháirtnéireacht shibhialta ar fáil. Na daoine céanna a chuir a mbundúin Chríostaí amach le cinntiú nach mbeadh an pháirtnéaracht shibhialta ar fáil agus an dlí sin á thabhairt isteach, tá siad ag gabháil ar a scáth anois leis an phósadh cothrom a chosc. Ach ní hionann iad ar chor ar bith. Tá na scórtha difríochtaí aimsithe ag lucht dlí, cearta bunúsacha atá ag daoine pósta nach bhfuil ag páirtnéirí sibhialta. Agus is minic a admhaíonn naimhde an chomh­ionannais gurb éard atá uathu, nach mbeadh ainm an phósta ar chaidreamh hómaighnéasach. Ba chuma lena lán acu cad é a thabharfaí air nó cé na cearta a ghabhfadh leis, a fhad is nach n‑ionannaítear leis an phósadh é. Sin é go díreach an fáth nach mór an t‑éitheach a thabhairt dóibh: le daoine aeracha a thabhairt ar comhchéim go hiomlán le daoine heitrighnéasacha, leis an rian is lú de stádas níos ísle a bhaint díofa.

Níl aon rud ‘nádúrtha’ fán phósadh: is rud é a tháinig ar an saol, atá ag athrú in imeacht na staire, agus a ghlacfas cruthanna eile amach anseo mura n‑imíonn sé as uilig. Ní grá ná rómánsaíocht is foinse dó, ach sealúchas. Nuair a bhí talamh nó saibhreas príobháideach á chruinniú, theastaigh ó lucht a chruinnithe a bheith cinnte gur ag a gclann féin amháin a d’fhágfaidís é. Nuair a cuireadh an monagamas i bhfeidhm ar na mná chuige seo, leag an pósadh buanchruth dlí ar an nós sóisialta, agus séala níos daingne ar an sealúchas príobháideach.

Is gné de dhul chun cinn na staire é go bhfuil an pósadh á chlaonadh ó chonradh sealúchais go dtí compánachas daonna le deireanas. Níos mó ná mar a bhíodh, thig le daoine pósadh nó gan pósadh mar is toil leofa, clann a bheith acu gan pósadh, socrú síos le daoine agus scaradh leofa mar is fearr leofa féin é. Níl an t‑aistear sin críochnaithe ná baol air. Tá cuid mhór daoine nach ligeann faitíos fá chúrsaí airgid, tithíochta agus eile daofa éirí as pósadh cliste, mar shampla. Ach beidh an pósadh aerach ina chéim mhór eile ar an bhóthar. Dearbhóidh sé tuilleadh nach ionann pósadh agus giniúint, gur féidir an dá rud sin a dhealú óna chéile, agus a shocrú de réir breith na ndaoine féin a bhíonn i gceist, gan an stát a bheith ag bualadh múnla fá leith anuas orthu.

Tá daoine a deir nár chóir don eite chlé bacadh le ceist mar seo. Tá ár ndóthain ar ár n‑aire, dar leo, ag cur in aghaidh ciorruithe, táillí agus a leithéid, gan am is fuinneamh a chaitheamh le ceist mar seo nach mbaineann le bunfhadhbanna an aicme oibre. Ach ba dhiachta don dream seo níos lú den cheart a bheith acu.

Nuair a labhrann muid fá dhaoine aeracha, is cuid den aicme seo againne atá i gceist, cuid a bhfuil ualach breise leatroim le n‑iompar acu i dteannta na héagóra is dán d’oibrithe i gcoitinne. Agus cuireann an leatrom breise seo leis na fadhbanna a bhíonn rompu mar oibrithe. Mura dtig leat, cuir i gcás, post múinteora a fháil nó a bhuanú mar gheall ar chráifeachas hómafóbach bhainisteoirí na scoile, aireoidh tú sin i do phóca agus i do shaol trí chéile. Nó má choisceann an hómafóbachas céanna agus a thionchar ar dhaltaí páirt iomlán a ghlacadh i saol na scoile, féadfaidh a thoradh sin dochar a dhéanamh dá gcuid oideachais agus dá mbeatha.

Nuair a thugtar leadradh do dhaoine ag siúl i ngreim láimhe de bhrí gur d’aon inscne iad, tá an oiread dualgais orainn troid ina éadan sin agus atá orainn troid in aghaidh an Gharda a thugann leadradh do stailceoir ar líne picéid. Is cuma sa mhí-ádh mór cén aicme lena mbaineann siad, mar is cúrsa oinigh don aicme oibre é seasamh gualainn ar ghualainn le achan dream atá fá chois. Is fíor fós do Leinin nach ceardchumannaí cúng ach curadh an phobail atá sa sóisialaí, duine a thugann dúshlán gach leatrom mar chuid de choimhlint leathan in éadan an chaipitleachais. Is fánach dúinn a bheith ag caint ar shaol sóisialach mura saol é a chuirfeas deireadh le gach cineál daoirse in éineacht le bundaoirse an oibrí féin.

Agus beidh saol mar sin de dhíth chun deireadh a chur leis an daoirse. Is suarach an beart é ag go leor den ghluaiseacht aerach glacadh le nead bheag taobh istigh den chaipitleachas. Is nead é atá bunaithe ar gheilleagar aerach, lucht gnótha ag cnuasach bonn bán­dearg ina gcuid scipéad. Dar leis an ghrúpa feachtais MarriagEquality, bheadh sé “good for foreign investment” dá gceadófaí póstaí aeracha in Éirinn: “It leads to better productivity… The ‘business case’ for civil marriage equality is well recognised by major US and inter­national companies.” Luann siad liosta díofa, go fiú: Amazon, Starbucks, Ben & Jerry’s, Microsoft, Google… cad chuige a mbeadh beann ar bith againn ar a ndearcadh siúd? Nár chóra an cháin ar fad atá seachanta acu a lorg uathu sula lorgfaí a mbarúil ar an cheist seo? Is é an mallacht atá orainn go bhfuil ár saol á rialú de réir mar a fheileann do bhrabach na n‑ollchomhlachtaí seo: ní argóint ar bith ar son pósadh cothrom é go bhfuil sé ag teacht lena mianta siadsan.

Ná ní haon argóint é seo acu:

marriage is good for people… it keeps couples together and families together. It is accepted by the majority of people as good for society e.g. the family unit looks after itself, takes on a caring role for the members of that family and therefore is less dependent on the State for support.

Tá an pósadh go maith do dhaoine pósta atá ag iarraidh a bheith pósta. Leofa féin amháin a bhaineann sé, agus níor cheart d’aon ‘sochaí’ a ladar a chur isteach ar son nó in éadan an phósta. Ní maith ar chor ar bith an teaghlach a bheith ina aonad iata fá leith, rud a chaitheann ualach rómhór ar thuistí is cúramóirí. Ba cheart go mbeadh muid ar fad ag baint taca as an phobal, ag roinnt na hoibre mar fhreagracht shóisialta. Deir MarriagEquality go dtugann an bun­reacht cosaint ar leith don teaghlach atá bunaithe ar phósadh: “This means that other families… do not have this special, elevated and protected status in Irish law.” Sea, ach ba cheart é sin a athrú agus an chosaint chéanna a thabhairt do chách, pósta nó neamhphósta, seachas an chosaint chlaonta a leathnú amach de bheagán.

Cuid acu siúd ag cur ar son ceart pósta do dhaoine aeracha, is aisteach an cás atá siad a dhéanamh. Le fada an lá in Éirinn, tá cineál amháin teaghlaigh á chur chun cinn mar mhúnla, agus teir ar dhaoine nach bhfuil san áireamh seo, daoine nach gcloíonn leis an bharr­shamhail oifigiúil. Seachas é sin a athrú, táthar ag glacadh leis an bharrshamhail sin ach ag rá nach ndéanfaidh sé aon dochar daoine aeracha a ghlacann léi a ligean isteach sa chlub.

Ach sin é an buille: caithfear an scothchlub seo a leagan, in áit a chuid rialacha a dhéanamh níos liobrálaí. Bíodh cead pósta ag daoine a bhfuil sé uathu, ach ná cuirtear an saol pósta ar chéim is airde ná aon chaidreamh eile. Ba cheart ligean do dhaoine a dtoil féin a dhéanamh le chéile, cibé bealach is áil leofa féin nach gcuireann isteach ar dhaoine eile. Níor chóir aon chreat a leagan síos, aon fhábhar sóisialta ná pribhléid dlí a thabhairt do dhaoine a mhaireann dá réir. Bheadh muid níos sona mar phobal agus an pobal bunaithe ar shonas gach duine de. Aisling inteacht mar sin a spreag na glúnta daoine aeracha a throid go calma ar son cearta agus fuascailte. Más múchta atá sí faoi láthair, tá ag an sóisialachas an aisling sin a choinneáil in airde le linn an reifrinn seo chugainn agus na gcathanna go léir a thiocfas ina dhiaidh.

An tIdirnáisiúntán

Aistríodh móramhrán sóisialach Eugène Edme Pottier in Eagrán 20 i Samhain 2004.

Bhí Eugéne Edme Pottier gníomhach i ngluaiseacht shóisialach na Fraince i lár an naoú céad déag. Ghlac sé páirt i gComún Pháras in 1871, nuair a ghabh oibrithe na cathrach ceannas uirthi ar feadh cúpla mí. Nuair a cuireadh an Común faoi chois, daoradh chun báis é, ach d’éirigh leis éalú ón tír. I Meitheamh na bliana sin chum sé ‘L’Internationale’, agus d’fhoilsigh sé an dán i gcnuasach filíochta in 1887, an bhliain a bhásaigh sé. Chuir Pierre Degeyter ceol le dán Pottier an bhliain dár gcionn. Tá sé ina amhrán ag sóisialaithe an tsaoil mhóir ó shin i leith.

Agus é i gcampa géibhinn an Churraigh le linn an dara cogadh domhanda, chuir Máirtín Ó Cadhain Gaeilge ar chuid den amhrán: an chéad rann agus an loinneog. Bhí sé ag obair ó leagan a thug Micheál Ó Ríordáin, ceannaire na bpríosúnach Cumannach, dó. Dealraíonn sé gur meascán den bhunamhrán agus den aistriú Béarla a bhí aige.

Seo é an chéad leagan iomlán Gaeilge den ‘Idirnáisiúntán’. Tá na cúig rann ar fad aistrithe anseo ón bhFraincis, agus cloítear le rannaireacht an bhunamhráin.

Éirigí, a sclábhaithe an domhain!
Éirigí, a ocracháin an tsaoil!
Tuiscint in ard a cinn a labhrann
An focal scoir óna béal.
Cuirimis chun siúil anois an sean-am
Éirigí, a shlua mhóir na ndaor!
Athróimid an saol ó bhonn, a mh’anam
Beidh gach uile shórt faoinár réir!

Loinneog
Tá cath na cinniúna ann
In aon slua linn!
An tIdirnáisiúntán
A chomhaontóidh sinn.
Tá cath na cinniúna ann
In aon slua linn!
An tIdirnáisiúntán
A chomhaontóidh sinn.

Ní thiocfaidh aon ardslánaitheoirí:
Dia, curadh ná rialtóir
Fúinn féin atá sé, a tháirgeoirí!
Leas na ndaoine mar is cóir!
Le ceart a bhaint den ghadaí gránna
Ár meon a scaoileadh saor ó gheis
Gaibhnímis ár gclaíomh go dána
Is tapaímis ár ndeis!

LOINNEOG

Éagóir an stáit is feall an dlí
Ár bhfuil a thugaimid mar cháin
Níl bacainn ar an rachmasaí
Téann ceart na mbocht le fán.
Cuirimis uainn anois an umhlóid
Tá an chóir ag iarraidh malairt dlí:
“Ní ceart go dualgas” a nua-mhóid,
“Ná dualgas go ceart!” deir sí.

LOINNEOG

Míofaireacht is ea a bhflaitheas
Ríthe guail, iarainn is cruach
Céard a rinne siad de mhaitheas?
Lucht saothair a dhíol faoina luach.
Faoi ghlas i mbancanna na buíne úd
Tá toradh ár n‑oibre is ár mbeart;
I gcúiteamh ghadaíocht na ndaoine úd
Níl ón bpobal ach a gceart.

LOINNEOG

Chun lámhaigh brúnn ríthe sinne.
Síocháin eadrainn, cogadh orthu sin!
Stailc na n‑arm ina gcoinne
Amach as na ranga catha linn!
Go stadann siad, na conablaigh seo,
Dár bhfuil a ligean braon ar bhraon
Tuigfidh siad go bhfuil na piléirí seo
Ag díriú ar ár nginearáil féin.

LOINNEOG

Oibrí is feirmeoir le chéile
Lucht saothair i bpáirtí mór amháin;
Leis an gcine daonna é an saol seo
Níl áit don saibhir ann.
Nach iomaí colainn bhreá a shloig siad!
Ach má imíonn siad amach anseo,
Badhbha is amplacháin mar iad,
Beidh solas na gréine linn go deo!

LOINNEOG

Clasaicí Sóisialacha: Leon Trotscaí, ‘An tIdirchlár’

In Eagrán 53 (Meán Fómhair 2013) mheas Seán Ó Gadhra saothar mór an Trotscaíochais 75 bliana ar aghaidh.

Ceann de mhórscéalta laochais an tsóisialachais atá ann: Leon Trotscaí ar ionnarbadh ó fhothrach na réabhlóide, ar a sheachaint i Meicsiceo, ag iarraidh an bhratach a choinneáil ar foluain ar éigean agus scáil na deachtóireachta is na cogaíochta ag titim anuas ar an gcine daonna. Chreid sé go raibh sé in am ag an dornán beag dílis a fhógairt go raibh gluaiseacht úr dá tógáil acu ar fud an domhain. Rinneadh amhlaidh i 1938, agus chum sé Arraingeacha Báis an Chaipitleachais agus Cúraimí an Cheathrú hIdirnaisiúntán mar chlár dóibh. Ní hionadh gur ghreamaigh ainm ba ghonta de roimh i bhfad, An tIdirchlár, agus ba shin a bhí ann, clár a dhéanfadh ceangal idir inniu agus amárach, idir na cathanna beaga agus na coimhlintí báis is beatha, idir céadriachtanais na n‑oibrithe agus an claochlú sóisialach: “Caithfear cuidiú leis an bpobal i rith na coimhlinte laethúla teacht ar an droichead idir éilimh an ama i láthair agus clár sóisialach na réabhlóide.” (Leon Trotscaí, An tIdirchlár: Arraingeacha Báis an Chaipitleachais agus Cúraimí an Cheathrú hIdirnáisiúntán, foilsithe ag D R O’Connor Lysaght, Baile Átha Cliath 2013, lch 20.)

Is é freagra Throtscaí ar an mboilsciú an sampla is cáiliúla de na hidiréilimh a bhí i gceist aige. Agus praghsanna bunearraí ag ardú thar acmhainn na n‑oibrithe, “ní féidir troid ach faoi mhana an scála aistritheach pá”: go rachadh pá suas bonn ar aon le praghsanna (lch 21). Tá an chuma air gur réiteach breá simplí é, ach más ea, tuige nach gcuireann oibrithe chun cinn mar éileamh ariamh é?

Ar an gcéad dul síos, i dtréimhsí maithe don aicme oibre, bíonn siad in ann arduithe go maith os cionn an ráta boilscithe a bhaint amach, agus ba dhíchéillí dóibh cloí le scála ba lú ná sin. Is éileamh é nach bhfuil feidhm leis ach amháin nuair nach bhfuil na hoibrithe sách laidir lena chur i gcion. Anuas air sin, thabharfaí mar fhreagra láithreach air nach bhféadfadh an córas caipitleach a leithéid a sheasamh. Go breá, arsa tusa—ach má tá sciar mhaith den aicme oibre ullamh a ghabháil chomh fada leis an gcóras a chur ar ceal, cén call dóibh a bheith ag méirínteacht le scálaí pá ar chor ar bith? Déanann an t‑éileamh dearmad ar ghá a shonraíonn Trotscaí in áit eile, manaí “a bheith faoi réir ag comharthaí na gluaiseachta” (lch 24). Agus gluaiseacht ag fás, tugann sí a cuid éileamh féin chun tosaigh le freastal ar riachtanais na huaire. Is leis na héilimh seo a chaithfeas sóisialaithe tosaí, nasc a dhéanamh idir iad seo agus an sóisialachas. Ní gar dóibh éilimh réamhdhéanta a tharraingt as a bpóca mar mhalairt orthu. Nuair a leagtar éilimh síos roimh ré, cothaíonn sé meon aisteach i measc sóisialaithe, gur againne atá na freagraí agus nach gá ach iadsan—na hoibrithe—a thabhairt ar aon bharúil linn. Go deimhin, spreagann sé amhras roimh éilimh a eascraíonn ón ngluaiseacht féin, an tuairim go gcaithfear a theacht rompu sula gcuirfí an réabhlóid den bhóthar ceart, mar dhóigh de.

Is minic a cheapann daoine—lucht leanta Throtscaí san áireamh—gurb ionann idiréileamh agus éileamh nach féidir a chomhlíonadh faoin gcaipitleachas, ach dearbhaíonn Trotscaí: “Braitheann sé ar sheasamh na bhfórsaí i ngach cás ‘an féidir’ nó ‘nach féidir’ rud a bhaint amach”. Díreach ina dhiaidh sin, áfach, deir sé go dteaspánfaidh coimhlint ar shon idiréileamh bealach na réabhlóide, “cibé rath praiticiúil laithreach a bheidh uirthi” (lch 22). Cheapfá uaidh seo gur cuma bua nó bris i bhfeachtas an lae inniu ach na ceachtanna cuí a fhoghlaim as. Is beag tuiscint a léirítear anseo ar thábhacht na bhfeachtas seo, ar an difríocht a dhéanann feabhas anseo is ansiúd do staid agus meon an aicme oibre. Is fearr a throideann daoine agus buanna ar a gcúl. Níl aon chodarsnacht idir an réabhlóid agus gnáthchathanna an lae, agus ní féidir “an obair seo a dhéanamh gan aon deighilt ó fhíorchúraimí na réabhlóide” (lch 20) má cheapann tú nach luíonn siad le chéile go dlúth.

Is fíor do Throtscaí go bhfuil gá leis an droichead a luann sé, ach is fíor dó freisin nach bhfuil idiréilimh ach “mar chuid den droichead seo” (lch 20). Ní féidir an milleán a bhualadh airsean as an nós atá ag go leor dá lucht leanta ó shin idiréileamh a spíonadh mar aonfhreagra gach ceiste. Ní annamh a dhéantar sin leis an éileamh go mbunófaí “grúpaí féinchosanta oibrithe” (lch 30), ach leagann Trotscaí béim ar an gcomhthéacs, go raibh caipitlithe ag eagrú buíonta armtha in aghaidh na n‑oibrithe, agus an faisisteachas féin ag fás. Ní bithéileamh i gcomhair chuile ócáid é, cuma cá seasann gluaiseacht na n‑oibrithe, ach é “ag dul ar aghaidh léi céim ar chéim. Nuair a theastóidh sé ón bprólatáireacht, tiocfaidh sí ar bhóthar agus modh a harmála.” (Lch 31.) Ní hé liosta beartanna a dhéanann droichead go dtí an réabhlóid, ach tuiscint ar an méid a bheas ag teastáil leis an mbruach thall a bhaint amach as seo.

Agus i measc na n‑idiréilimh réamhcheaptha uilig, tá tuiscint dá leithéid le fáil anseo. Ní leor éilimh is manaí a fhógairt don saol (lgh 34-5): “Caithfear na bunsmaointe seo a léirmhíniú, á mbriseadh síos i smaointe níos nithiúla éagsúla, ag brath ar an gcaoi a dtéann cúrsaí ar aghaidh agus meon aigne an phobail.” Ba iomaí caint faoi ‘chosaint an náisiúin’ a bhí le cloisteáil sa tráth seo, mar shampla, ach seachas í a cháineadh as éadan, ba cheart aithneachtáil idir náisiúnachas na saibhre a bhí ag iarraidh a gcreach impiriúlach féin a chosaint, agus náisiúnachas na cosmhuintire a raibh cosaint a dteallach féin ar a chúl, “agus caithfimid an chaoi le breith ar na gnéithe seo a thuiscint” (lch 35).

Tá ceann de na rudaí is luachmhaire a chuir Trotscaí le stór an tsóisialachais le fáil san Idirchlár, leiriú ar an gcaoi a gcomh­cheanglaítear bunéilimh dhaonlathacha—ar neamhspleáchas náisiúnta, parlaimint, deireadh leis an tiarnas talún agus a leithéid—go dlúth leis an gcoimhlint ar shon an tsóisialachais. “Ní scartar ó chéile manaí daonlathacha, idiréilimh agus fadhbanna na réabhlóide sóisialaí ina réanna stairiúla ar leith sa choimhlint seo: leanann siad ar a chéile go díreach.” (Lch 42.)

Agus teastaíonn an daonlathas go géar ón gcoimhlint shóisialach. Is iad comhairlí na n‑oibrithe a buaic, iad ag eagrú troid leathan an aicme oibre agus ag freagairt go beo di (lgh 41-2):

Osclaíonn siad a ndoirse don phobal faoi chois ar fad. Tagann ionadaí gach sraith isteach trí na doirse seo, á dtarraingt isteach i sruth ginearálta na coimhlinte. Athnuaitear an eagraíocht seo, ag leathnú in éineacht leis an ngluaiseacht, arís is arís eile ina broinn.… ag feidhmiú mar mhaighdeog a n‑aontaítear na milliúin den lucht oibre timpeall uirthi ina gcoimhlint in aghaidh na ndúshaothraithe…

Bhí fios a ghnóthaí ag Trotscaí anseo, nó bhí sé féin chun tosaigh nuair a cuireadh comhairlí mar seo ar bun sa Rúis, na ‘sóivéidí’, i 1905 agus aríst i 1917. Cé go raibh ainm na sóivéide ar institiúidí riaracháin ansin fós, b’fhada an daonlathas glanta chun siúil astu. Ní raibh sa stát sin anois ach “arm foréigneach maorlathach in aghaidh an aicme oibre”. Mar sin féin, “is stát meata de chuid na n‑oibrithe i gcónaí é”, dar le Trotscaí (lch 47). Cé go raibh maorlathas Stailin i gceannas an stáit, bhí seilbh ag an stát ar an ngeilleagar, agus ba cheart do shóisialaithe troid leis sin a chosaint le linn dóibh troid leis an maorlathas a chur ó chumhacht.

Ach—mar is léir ó na bancanna a bhfuair muintir na hÉireann seilbh orthu le deireanas, mar dhea—cén mhaith seilbh an stáit gan an stát a bheith i seilbh na n‑oibrithe? Riar daonlathach na n‑oibrithe ar mhaithe leis an bpobal a chuirfeadh réabhlóid shóisialach ar chúrsaí eacnamaíochta, agus ní bheadh aon chosúlacht idir sin agus an riar ollsmachtach ar mhaithe lena aicme féin a bhí ag Stailin orthu. Ní fhéadfái an sóisialachas a chur chun cinn aríst gan é a dhealú glan ón Stailineachas, agus ba laincis ar an iarracht sin an chaoi ar sheas Trotscaí is a lucht leanta air go raibh fiúntas áirid le cosaint i gcóras na Rúise.

“Tá an réamhchoinníoll eacnamaíochta leis an réabhlóid phrólatáireach bainte amach cheana i gcoitinne”, a chreid Trotscaí, agus ba “D’aineolas nó dallamullóg d’aon turas” a mhalairt a rá. Ba mhinic “go raibh an phrólatáireacht ullamh ó chroí an córas caipitleach a threascairt” gur chuir ceannairí a ngluaiseachta stad leo: “Is é nádúr deistapaíoch cheannaireacht na prólatáireachta an phríomhbhacainn sa bhealach”. Dá bharr sin, “níl i ngéarchéim stairiúil an chine dhaonna ach géarchéim na ceannaireachta réabhlóidí” (lgh 17-18).

Is dearcadh coitianta ar an eite chlé ariamh é, go bhfuil fonn cráite ar na hoibrithe an caipitleachas a leagan ar maidin marach na fealltóirí diabhlaí i gceannas orthu dá gcoinneáil siar. Ach má bhíonn na hoibrithe chomh réabhlóideach seo i ndáiríre, ullamh an aicme chaipitleach a chur de leataobh, ba réidh a bhrúfaidís ceannairí gan mhaith as a mbealach freisin. Is fusa réamhchoinníollacha eacnamaíochta an tsóisialachais a chur ar fáil ná an coinníoll is cinniúnaí ar fad, go mbeadh formhór mór an aicme oibre suite de ina gcroí istigh gur gá agus gur féidir saol nua a chur in ionad an chaipitleachais. Ach an dearcadh gurb iad na ceannairí bun is barr na faidhbe, tógtar é ar mhímhuinín as an aicme oibre, ar an tuairim nach dtig leo iad féin a fhuascailt as a stuaim féin, go gcaithfidh ceannaireacht sheachtrach de chineál éicint iad a stiúrú chun bua. Is é an bunghnó i gcónaí, mar sin, ceannaireacht cheart a chur le chéile le áit an cheannaireacht mhícheart a ghlacadh.

Tá an dearcadh le brath agus Trotscaí ag fiafraí cé a réiteos anchás an domhain: “Faoin bprólatáireacht atá sé anois .i. a hur­gharda réabhlóideach go príomha” (lch 18). Go tobann, ní hí an aicme oibre a chuirfeas an sóisialachas i gcrích, ach dream amháin díobh ag obair thar a gceann. Dá chomhartha sin, is é “príomhchúram” na linne eagar a chur ar an dream seo, “Páirtithe réabhlóid­eacha náisiúnta a thógáil” (lch 23). Ar ámharaí an tsaoil, bhí eagraíocht nua ag Trotscaí féin a dhéanfadh sin: “is ar ghuaillí an Cheathrú hIdirnaisiúntán ar fad a thiteann an choimhlint réabhlóid­each” agus cogadh ag bagairt (lch 33). Seachas é, go deimhin, “níl oiread agus sruth réabhlóideach amháin ar an bpláinéad ar fiú an t‑ainm é” (lch 57).

Bhí mórdhifríocht idir bunú an idirnáisiúntáin seo agus an trí idirnáisiúntán a chuaigh roimhe. Cuireadh iad sin ar bun tráthanna a raibh borradh ag teacht faoi ghluaiseacht na n‑oibrithe, in 1864, 1889, 1919. Ba scéal eile ar fad é i 1938, áfach, cúis na n‑oibrithe ar an bhfaraoir géar mara raibh sí báite faoin deachtóireacht. D’amhdaigh Trotscaí gur eascair an Ceathrú hIdirnaisiúntán ó “na díomuanna is mó a bhain don phrólatáireacht i rith a staire” (lch 57), ach d’fhéach sé le áil a dhéanamh den éigean seo, ag rá go mba é donas an scéil go díreach a d’éiligh é. Bhí an aicme oibre ag cúlú, agus ba é a gcloch nirt greim a choinneáil ar a raibh acu, ach gheall an t‑idirnáisiúntán beag bídeach seo dóibh go raibh “bratach an bhua atá chugaibh” ina lámha (lch 57). Agus an fhéiníomhá seo ina aigne, ní fhéadfadh sé maireachtáil ach i dtuilleamaí na dallamullóige, ag iarraidh comharthaí bua a léamh áit a raibh tubaist le feiceáil. Is deacair a chreidiúint go bhféadfadh Trotscaí abairt mar seo a thabhairt uaidh (lch 47): “Tá oibrithe tosaigh an domhain deimhin de cheana nach dtreascrófar Mussolini, Hitler agus a gcuid gníomhairí is aithriseoirí ach faoi cheannaireacht an Cheathrú hIdirnaisiúntán.”

Le fírinne, ba é “bratach gan smál” (lch 57) an t‑aon rud a bhí le tairiscint acu: mara raibh aon bhua bainte acu ná a chosúlacht sin orthu, ní raibh siad páirteach sa bhfeall agus sa gcur i gcéill a bhí ag gabháil in ainseal ar ghluaiseacht na n‑oibrithe. Tráth a raibh ceannairí ag baint slí beatha shocair aisti, scríobh Trotscaí (lch 56): “Ní bhfaighidh bealach isteach chugainn ach iad siúd arb ail leo a bheith beo ar son na gluaiseachta, seachas a bheith beo ar an ngluaiseacht.” Tráth a raibh an bhréag is an cleas in uachtar inti, dhearbhaigh sé (lgh 53-4): “Aghaidh chóir a thabhairt ar an bhfírinne; gan slí na saoráide a lorg; rudaí a ghlaoch ina n‑ainm; an fhírinne a rá leis an bpobal, dá sheirbhe í; gan eagla a bheith orainn roimh chonstaicí; a bheith fíor i dtaobh rudaí beaga chomh maith le rudaí móra; an clár a bhunú ar chiall choimhlint na n‑aicmí; a bheith dána nuair a thagann uair an ghnímh—seo iad rialacha an Cheathrú hIdirnáisiúntán.” Scríobh sé an méid seo agus é ag faire thar a ghualainn dóibh siúd a mharódh gan trócaire é roimh i bhfad eile. Ní hionadh an fonn sin a bheith orthu, agus tá tairbhe le baint againn i gcónaí as a chath uaigneach in ainneoin na n‑ainneoin.

Cúis na bhfear oibre

Céad bliain ar aghaidh ó fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath, in Eagrán 51 (Márta 2013) foilsíodh alt a scríobh Liam P Ó Riain ar son na n-oibrithe lena linn.

Céad bliain ó shin bhi sé ina chath idir oibrithe is fostóirí i mBaile Átha Cliath. Bhí Liam P Ó Riain (1867-1942) suntasach an tráth sin mar iriseoir agus údar sóisialach i nGaeilge agus Béarla araon. Bhí sé ina eagarthóir cúnta ar an Daily Herald, páipéar lucht oibre i Londain, agus rinne sé a lán le dlúth­pháirtíocht a chothú d’oibrithe Bhaile Átha Cliath. D’iarr sé a chur ina luí ar lucht na Gaeilge, freisin, gur chóir dóibh dul le taobh na n‑oibrithe. Foilsíodh an t‑alt seo ar an bhfrithdhúnadh ar leathanach tosaigh eagrán Mheadhón Fóghmhair 13 1913 de An Claidheamh Soluis, páipéar Chonradh na Gaeilge, agus seo é an chéad uair a foilsíodh ó shin é.

Tá ‘éirí amach’ i measc na bhfear oibre i mBaile Átha Cliath agus in áiteacha eile in Éirinn, agus tá sé ag déanamh buartha do Ghaeilgeoirí áirithe. Samhlaítear dóibhsean nach bhfuil na fir oibre dílis do “spiorad na hÉireann” agus spiorad náisiúntachta; gur cóir dóibh a bheith ciúin, foighdeach nó go mbeidh ár rialtas féin againn; go bhfuilid meallta le “cumannaithe Shasana”1 agus smaointe Shasana. Sílim féin go bhfuil na Gaeilgeoirí úd ag dul amú go mór.

Tá an scéal céanna—nó scéal i bhfad níos láidre—le hinsint fána lán tíortha seachas Éire agus Sasana. Chím go leor páipéar ón mhórthír gach lá—L’Humanité, La Bataille Syndicaliste,2 srl., srl.—agus baineann siad le troid na n‑oibritheoirí ó thús deireadh, nach mór. Is beag tír san Eoraip nach bhfuil troid den tsaghas sin ar siúl inti. Tá sí ar siúl go dian in Aimeiriceá mar an gcéanna, agus san Aifric Theas, agus anso agus ansúd san Áis féin.

De réir dealraimh is ag dul i dtreise a bheas sí ins na laethanta atá romhainn. Tuigeann na fir oibre nach bhfuilid ag fáil a gcirt; tá eolas ar a gcumhacht ag a lán acu i mórán tíortha anois, agus cuirid rompu aondacht agus cumann iltíriúil (une confédération internationale) a bheith eatarthu. Tá na mílte díobh agus nílid sásta leis an rud ar a dtugtar náisiúntacht. Deireann siad go mbíonn a lán ráiméise dá rá agus a lán tíorántachta dá déanamh in ainm náisiúntachta; go mbíonn saol crua acu féin i ngach uile thír agus só agus saibhreas ag na “máistrí”. Táid cinnte gur mithid dóibh athriaradh a dhéanamh.

Ní dóigh liom go mbeidís in aghaidh fíor-náisiúntachta dá mbeadh a leithéid le fáil. Ach cá bhfuil sí? Ar shlí, tá fíor-náisiúntacht cosúil le fíor-Chríostaíocht. Ba mhór í dá mbeadh sí dá cleachtadh. Is cuid den domhan oideamach3 í agus theip orainn fós í a thabhairt chun cinn.

Bheadh fíor-náisiún cosúil le teaghlach mór breá daonna. Bheadh comhoibriú, cairdeachas, carthanacht, síbhialtacht ann ar fad. Ní bheadh mór-shaibhreas anso agus mór-dhaibhreas ansúd, daoine foghlamtha in áiteacha agus sclábhaithe aineolacha in áiteacha eile; comhlucht oibre agus comhpháirtithe a bheadh i ngach uile áit. Déarfaidh tú nach féidir linn náisiún den tsaghas sin a chur ar bun cé go mbeadh ár rialtas féin againn. Deirimse go mb’fhéidir é ach an spiorad ceart a bheith ionainn. Deirim fós go raibh a lán den spiorad sin ag na Gaeil fadó agus go rabhadar dá chur chun críche ar feadh aoiseanna. Anois, fairíor, ceapann na Gaeil féin, nó a bhformhór, go bhfuil gá le sclábhaithe agus lucht daibhris ó aois go haois. Tuigeann na fir oibre go gceapann na Gaeil amhlaidh agus de bhrí sin níl mórán acu go laidir ar thaobh na nGael agus chúis na Gaeilge. Is ar na Gaeil atá an locht. ’Sé an donas nach bhfuil na Gaeil Gaelach go leor—ina bhfealsúnacht agus ina ngníomhartha.

Ní fiú trácht ar an ‘náisiúntacht’ nach mbíonn in aghaidh an bhochtanais, an daibhris, agus an aineolais. Tá siadsan chomh holc i gcás náisiúin agus atá peacúlacht agus breoiteacht i gcás daoine. Cén fáth go bhfuilid ann? De bhrí go bhfuil daoine áirithe go santach, neamhchóir; de bhrí nach bhfuil go leor leor de thalamh na hÉireann faoi shaothar; de bhrí nach mbíonn oideachas ceart—oideachas ceirde chomh maith le oideachas liteartha—le fáil go fairsing; srl., srl. An mbeidh leigheas ar an drochstaid nuair a bheas ár rialtas féin againn? Is dócha go mbeidh, ar shlí; ach beidh daoine áirithe chomh santach ansin agus atáid anois, agus daoine eile chomh míthuisceanach. Tá athrú spioraid ag teastáil uainn chomh maith le athrú rialtais. Ní foláir dúinn tuiscint nach féidir fíor-náisiún a bheith againn nó go mbeidh daibhreas agus aineolas díbeartha. Caithfidh maoin go leor (idir shaolta agus intleachtach) a bheith ag gach uile dhuine. Nuair a bheas an dúchas riartha i gceart beidh a lan saor agus ceardaithe cliste againn arís, iad faoi mheas agus onóir, agus chomh cumhachtach le lucht na talún. Beidh deireadh le sclábhaithe ó cheann ceann na tíre. Is millteach an rud daibhreas, is damanta an rud sclábhaíocht. Teaspáineann siad go bhfuil an náisiún breoite, míchiallda, santach, neamhchráifeach. Mar a dúirt Lamennais i leabhar clúmhar: “Ce n’est pas que la pauvreté vienne de Dieu, mais elle est une suite de la corruption et des mauvaises convoitises des hommes”.4

Nuair a bheas na hoibritheoirí de gach uile chineál (intleachtach agus ceardúil) aontaithe go dlúth i mbuíonta móra—na múinteoirí go léir, na hiascairí, na treabhadóirí, na saoir cloiche, srl., srl.—beidh ceart le fáil acu gan dua, gan trioblóid. Ní féidir dul ar aghaidh gan iad. Ní fhaigheann siad a gceart anois de bhrí nach bhfuilid aontaithe (i mbaile ná i gcéin) agus go mbíonn comórtas eatarthu. Tá siad ag fáil amach cá bhfuil an locht agus an lagbhrí. Beid chomh haontaithe agus chomh láidir leis na sagairt, na dochtúirí, agus na dlíodóirí in am is i dtráth. Ansin beidh deireadh le daibhreas. Ní bheidh imní ar oibritheoirí mar gheall ar bhia agus deoch. Beidh saol sona acu, agus beid in ann a meanma agus a n‑intleacht a shaothrú. Beidh uain acu i gcóir ealaíon agus smaointe agus litríochta. Beidh fíor-shíbhialtacht le fáil. Teaspánfar na cumhachta is doimhne den chine daonna.

Ba cheart do Ghaeil smaoineamh go dian, doimhin ar na ceisteanna so go léir. Tuigfidh siad sa deireadh go seasann cúis na Gaeilge agus cúis na síbhialtachta ar chúis na n‑oibritheoirí—na hoibritheoirí intleachta agus na hoibritheoirí ceirde.

L P Ó R

Nótaí

  1. Cumannaithe is mó a thugtaí ar shóisialaithe i nGaeilge na linne.
  2. Páipéir lucht oibre ón bhFrainc. Ba leis an bpáirtí sóisialach L’Humanité, agus le cónaidhm na dtionscalchumann La Bataille Syndicaliste.
  3. I cosúil gur ‘domhan teoiriciúil’ atá i gceist anseo, cúrsaí a bhaineann le hoidim seachas leis an bhfíorshaol.
  4. “Ní hé gur ó Dhia an bochtanas, ach gur toradh é ar thruailliú agus drochshaint an duine.” Fealsamh Caitliceach a lochtaigh an caipitleachas ab ea Félicité Robert de Lamennais (1782-1854), agus scríobh sé an méid seo ina leabhar Paroles d’un croyant.

An teaghlach naofa?

In Eagrán 44 (Meitheamh 2011) thug Sinéad Nic Íomhair amharc ar ionad an teaghlaigh sa saol caipitleach.

1°   Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.
2°   Ós é an Teaghlach is fotha riachtanach don ord chomh­dhaonnach agus ós éigeantach é do leas an Náisiúin agus an Stáit, ráthaíonn an Stát comhshuíomh agus údarás an Teaghlaigh a chaomhnú.

Sin agat Airteagal 41.1 de Bhunreacht na hÉireann, cruthúnas soiléir go bhfuil meas millteanach ag ár rialtóirí ar an teaghlach, go ndéanfaidh siad a ndíchealt i dtólamh an tseoid bhreá seo a chosaint. Ach ní thig leat stát a mheas de réir a bhunreachta, ach an oiread is a thig leat leabhar a mheas de réir a chlúdaigh. Is leor amharc gasta ar an scéal le tuigbheáil nach bhfuil anseo ach babhta eile fimíneachta dá gcuid.

Cá mhéad teaghlach atá briste suas ag an eisimirce atá mar thoradh riachtanach ar pholasaithe na mbocanna móra atá i gceannas orainn? Cá mhéid páistí nach bhfeiceann tuismitheoir ach uair an chloig sa ló, b’fhéidir, de thairbhe iad a bheith ag obair ó dhubh go dubh le morgáiste agus billí eile a ghlanadh? Cá mhéad teaghlach atá fá bhrú de shíor ag easpa airgid de bharr na dífhostaíochta?

Ní cúrsaí eacnamaíochta amháin atá i gceist anseo, ach polasaithe polaitiúla a chuireanns an stát i bhfeidhm d’aon ghnó chomh maith. Tá páistí a rugadh agus a tógadh sa tír seo, agus dhíbir an stát tuismitheoir leo thar lear cionn is gur chreid sé go raibh an iomarca daoine gorma anseo. B’éigean do chúirt san Eoraip tabhairt orthu éirí as an pholasaí seo le deireanas. Daoine as taobh amuigh den Eoraip a thaganns ag obair in Éirinn, is annamh a ligtear dóbhtha gaolta a thabhairt anall chun cónaithe leo. Agus caidé a rinne an rialtas le cupla bliain anuas le airgead a spáráilt ach liúntas na leanaí a ghearradh, agus liúntas na ndaoine a thuganns aire do ghaolta sa bhaile?

Mar sin, is beag an meas oifigiúil atá ar an teaghlach le fírinne, is léir. Ach ag an am céanna, cuirtear an teaghlach ós ár gcomhair i gcónaí mar idéal, aidhm a mba chóir dúinn uilig go léir féachaint lena baint amach. Is iomaí polaiteoir a dhéananns scéal mór in aimsir toghcháin as an mhéid atá déanta aige ar mhaithe le teaghlaigh, nó an méid a dhéanfadh dá mbeadh sé féin sa rialtas. Thug cuid acu “Fine” agus “Clann” ar a gcuid páirtithe, fiú. Is é an teaghlach bunús nádúrtha an tsaoil, “buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht”, an dóigh ba mhaith linn ar fad ár saol a chaitheamh—nach ea?

Níl an fabhalscéal ag teacht leis an fhírinne. Tá páiste as gach ceathrar á thógáil ag tuismitheoir amháin, mar shampla. Tá a lán eile á dtógáil ag beirt, ach gan an bheirt sin a bheith pósta: beirtear páiste as gach triúr taobh amuigh den phósadh. Aríst, tá a lán eile á dtógáil ag daoine atá sa dara pósadh, agus clann acu ón chéad phósadh chomh maith, b’fhéidir. Tá níos lú daoine ná riamh ag mairstin de réir tuigbheáil thraidisiúnta an teaghlaigh.

Ach caidé chomh traidisiúnta is atá an teaghlach seo, ar aon nós? Ní bhainfeadh ár seansinsir ciall ar bith as, nó mhair siadsan ar dhóigh eile ar fad. Bhíodh a gcuid clann agus finí i bhfad Éireann níos leithne agus níos scaoilte ná teaghlach an lae inniu. Ní bhíodh aon reifrinn de dhíth orthu le colscaradh a dhéanamh, ná próiseas fada costasach cúirte ach an oiread. Bhíodh páistí mar chúram ar an phobal uilig, ní ar bheirt amháin. Mhair iarsmaí dá leithéid go ceann i bhfad, agus is le fíordheireanas a tháinig an teaghlach núicléach ar an tsaol in Éirinn.

Ach más mall is mithid, a déarfadh cuid mhaith daoine. Mura bhfuil daoine ag cloí leis an mhúnla seo, is mór an trua é, a déarfadh siad, nó is é an teaghlach seo an dóigh is fearr dá bhfuil ann le páistí a thógáil agus sochaí shona a chur ar fáil. Bíonn staidéir agus tuairiscí ar bharr teangan acu leis an mhéid seo a chruthú, chomh maith.

Bhuel, luíonn sé le ciall go bhfuil sé níos éasca ar bheirt tuismitheoirí clann a thógail ná ar an aon tuismitheoir amháin. Nach fearr dhá chloigeann ná ceann amhain? B’fhéidir é, ach ní argóint ar bith é sin i bhfabhar an teaghlach traidisiúnta. Más dada é, is argóint i bhfabhar an ilphósadh é. Más fearr beirt tuismitheoirí, nárbh fhearr fós triúr, ceathrar, cúigear—nó páistí a thógáil i gcomúin, fiú? Agus braitheann sé ar caidé an bheirt atá i gceist, ar ndóighe. An bhfuil muid ag caint ar bheirt atá ag iarraidh a bheith ann ag tógáil na bpáistí, ag iarraidh a bheith le chéile? Nó beirt atá le chéile in éadan a dtola, nach bhfuil fonn orthu clann a thógáil in éineacht, a bhfuil duine acu foréigneach don duine eile? Tá sé amaideach a bheith ag cur an tslat tomhais chéanna le achan chás nuair a bhíonns an oiread sin éagsúlachta ann.

Ach cé nach bhfuil idéal an teaghlaigh ag freagairt don tsaol a bhíonns ag daoine, cuirtear brú millteanach orainn glacadh leis. Is doiligh do dhuine cinneadh a dhéanamh clann a thógáil léi nó leis féin nuair is ionann sin agus a bheith fá mhíbhuntáiste mhór eacnamaíochta. Agus cúram clainne ort féin amháin, is deacra go mór oideachas nó fostaíocht a fháil, agus beidh caighdeán do bheatha thíos leis.

Níl aon éalú ón fhírinne gurb iad na mná seachas na fir a bhíonns sa chruachás seo níos minice ná a mhalairt, nó is ina mbaclainn siúd is mó a fhágtar na leanaí. Is cuid bhunúsach den leatrom atá ar mhná sa tsaol an ról a bhíonns daite dóbhtha sa teaghlach. Is iadsan a thuganns leanaí ar an tsaol, agus tá an saol sin leagtha amach ar dhóigh a ghearranns píonós orthu dá thairbhe sin. Is corrbhean a dtig léi leanbh a bheith aici gan aon díobháil a dhéanamh dá slí bheatha, agus ní leor ar scor ar bith an beagán a thuganns an stát dóbhtha mar mhalairt.

Níl aon réiteach ar an fhadhb sin ach go nglacfadh an tsochaí uilig uirthi féin cúram leanaí a chur ar fáil d’achan duine. Chomh fada is a chuirtear iachall ar mhná a ghabháil fán ualach seo ina n‑aonar, ní féidir nach gcuirfidh sé isteach go míchothrom ar a mbeatha. Tá an teaghlach tábhachtach don chóras caipitleach mar déanann sé príobháidiú ar chúraimí bunúsacha. Dá mbeadh ar an stát íoc as tógáil leanaí, nó as aire a thabhairt do sheandaoine breoite, samhlaigh caidé an costas a bheadh air. Coinníonn an teaghlach na cúraimí seo sa bhaile, mar fhreagracht phríobháideach, ag sábháil na mbilliún ar an chóras.

Aisteach go leor, tá daoine ann atá ag iarraidh an tsaol teaghlaigh seo ach a gcoinnítear uathu é. Maítear gur mór an dul chun cinn é go bhfuil cead ag daoine aeracha páirtnéireacht shibhialta a chur ar bun anois, ach cad chuige nach bhfuil cead acu pósadh cosúil le duine ar bith eile? Cad chuige nach bhfuil cead acu páistí a uchtú cosúil le duine ar bith eile? Cad chuige a gcuirtear cosc ar dhaoine aeracha ar mian leofa gnáthshaol teaghlaigh a bheith acu? Mar b’ionann sin agus glacadh leis go bhfuil an hómaighnéasacht iomlán chomh bailí nádúrtha leis an heitrighnéasacht, go dtig tógáil leanaí a scaradh ó bhreith leanaí—agus bhainfeadh sin cuid mhaith den bhonn atá fán teaghlach sa tsochaí chaipitleach.

Ar ndóighe, is annamh a bhíonns saol an teaghlaigh chomh hiontach lena cháil. Comhfhad a théanns fuath agus grá, a deir an seanfhocal, agus is doiligh a cheapadh nach duine teaghlaigh a bhí sa té a chum é. Is foinse thábhachtach suaimhnis ag a lán daoine é an teaghlach, dídean a ligeanns do dhaoine éalú ó ábhair bhuartha an tsaoil. Ach ag an am céanna, is uafásach an crá croí é uaireanta, áit a gcúngraítear daoine i dteorainneacha plúchtacha. Ag cuid mhaith daoine, páistí agus mná go mór mór, is measa fós é, ionad foréigin is drochúsáide.

Caidé a dhéanfadh muid leis an teaghlach i sochaí shóisialach, mar sin? Ar chúpla cúis, is doiligh freagra a thabhairt ar an cheist sin. Ar an chéad sul síos, ní ceart do shóisialaithe an lae inniu a bheith ag leagan síos caidé mar ba cheart do dhaoine mairstin amach anseo, go háirid agus muid ag caint ar a saol príobháideach. Fúthu féin a bheas sé. Agus ní thig linn a rá caidé na hathruithe eile a thiocfas ar an teaghlach idir seo agus sin. Ach ní chuirfeadh sochaí shóisialach aon bhrú ar dhaoine titim isteach le idéal nó múnla ar leith. Bheadh go leor de na cúraimí atá príobhaideach anois ina gcúraimí sóisialta. Chuirfí naíonraí ar fáil saor in aisce le go mbeadh lánrogha cheart ag daoine maidir le cúram clainne, agus an scéal céanna i dtaobh obair tí fré chéile.

Seans maith go roghnódh go leor daoine cloí leis an sean­teaghlach, agus a chead sin acu, ar ndóighe. Bheadh daoine eile ag cleachtadh bealtaí eile le mairstin le chéile. Is é is dóichí go mbeadh mórchuid daoine ag athrú ó dhóigh amháin go dóigh eile ó uair go chéile. Is é an rud mór go mbeadh achan duine—mná, fir, páistí—saor chun a mbeatha a chaitheamh le chéile de réir a dtola féin, ar dhóigh a ligfeas dóbhtha a mbuanna a fhorbairt go hiomlán, mar dhaoine aonair agus mar chlann an tsaoil.

An brat dearg

Foilsíodh an leagan Gaeilge seo de mhóramhrán sóisialach Jim Connell in Eagrán 43, i Márta 2011.

Go dtí le gairid, ní raibh aon aistriúchán iomlán Gaeilge le fáil ar ‘The Red Flag’, an t‑amhrán sóisialach is fearr aithne anseo agus sa Bhreatain. Tá dhá aistriúchán foilsithe againne le bliain anuas, áfach—agus murar leor na leaganacha atá i Red Banner 32 agus 36, seo iarracht eile fós! Aindrias Ó Cathasaigh a rinne an ceann seo dúinn.

Is dearg brat an phobail mhóir
Taisléine mairtíreach go leor
Is sula raibh siad fuar gear
D’fhág fuil a gcroí an dearg air

LOINNEOG
An brat dearg go hard sa spéir
Is faoi a sheasfaimid go léir
Ainneoin lucht fill is meatachán
An dearg a bheidh ar ár gcrann

Is breá le Francaigh é a fheiceáil
Is Gearmánaigh á mholadh thall
Cantar air i Moscó leis
Is Chicago ag dul sa treis

Bhí sé ann i dtús ár nirt
’S an sruth ag dul in aghaidh an chirt
Tugadh cath is mionna air
Coinnímis a dhath dá réir

Meabhraíonn sé an bua a bhí
Is síocháin chóir i ndeireadh slí
Bratach bhreá í, comhartha beo
Den cheart a thabharfaidh daoine leo

Feileann sé don seoinín claon
Ag santú pribhléide dó féin
Lútáil roimh an rachmasaí
An brat naofa a shatailt faoi

Geallaimid é a iompar linn
Ar aghaidh sa chath go gcaillfear sinn
Pé croch nó géibheann atá i ndán
Seo linn ag canadh ár n‑amhráin

Sóisialachas in aghaidh an chogaidh

Céad bliain tar éis do Grúpa an Internationale é a chur amach, aistríodh an forógra seo in Eagrán 61 (Meán Fómhair 2015).

I 1915 thosaigh sóisialaithe na Gearmáine ag eagrú in aghaidh an chogaidh mhóir, ainneoin formhór a bpáirtí a bheith ar a shon. D’éirigh leo nuachtán a chur amach, Die Internationale, agus ainmníodh a ngrúpa as. Ba í Rosa Luksemburg, agus í i bpríosún, a dhréacht an cháipéis seo le treoir a leagan síos. Tar éis do Karl Liebknecht leasuithe a mholadh, ghlac cruinniú den ghrúpa leis ar Lá Caille 1916, agus cuireadh i gcló é mar bhileog faoin teideal ‘Bunphrionsabail i dtaobh Cúraimí an Daonlathais Shóisialta Idirnáisiúnta’. Aistrítear ó Ghearmáinis go Gaeilge anseo é den chéad uair.

Tá líon mór comrádaithe as gach cearn den Ghearmáin tar éis glacadh leis na bunphrionsabail seo a leanas, a chuireann Clár Erfurt1 i bhfeidhm ar fhadhbanna an tsóisialachais idirnáisiúnta faoi láthair.

1    Tá torthaí dhá scór bliain oibre ag sóisialachas na hEorpa scriosta ag an gcogadh domhanda, sa mhéid go bhfuil brí na prólatáireachta réabhlóidí i gcúrsaí cumhachta polaitiúla agus gradam morálta an tsóisialachais curtha ar ceal aige, idirnáisiúntán na prólatáireachta briste, a ranna i mbun fionaíola ar a chéile,2 agus brath is dóchas na bpobal sna tíortha is mó forbartha caipitlí ceangailte de long an impiriúlachais.

2    Ag vótail airgid ar son an chogaidh agus ag fógairt síochána polaitiúla3 dóibh, tá ceannairí oifigiúla na bpáirtithe sóisialacha sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus i Sasana (cé is moite de Pháirtí Neamh­spleách an Lucht Oibre4) tar éis an t‑impiriúlachas a neartú ar a chúl, ag tabhairt ar na pobail cur suas le dearóile agus uafáis an chogaidh, ag ligean fraoch an impiriúlachais den iall, ag cur fad leis an sléacht agus méadú ar na híobartaigh, ag glacadh freagracht as an gcogadh agus a iarsmaí orthu féin.

3    Tá beart seo cheannasaíocht na bpáirtithe sna tíortha atá i mbun cogaidh, sa Ghearmáin thar aon áit eile, tír thosaigh an Idirnáisiúntáin go dtí seo, ina fheall ar na prionsabail is bunúsaí de chuid an tsóisialachais idirnáisiúnta, ar bhunleas an aicme oibre, ar leas daonlathach na bpobal ar fad. Tá an pholaitíocht shóisialach curtha ar neamhní leis sin i ngach tír, fiú áit ar fhan ceannairí na bpáirtithe dílis dá ndualgais: sa Rúis, sa tSeirbia, san Iodáil agus—seachas eisceacht amháin—sa Bhulgáir.

4    Ó thréig daonlathas sóisialta oifigiúil na dtíortha móra cath na n‑aicmí le linn an chogaidh, á chur ar fionraí go mbeidh an cogadh thart, tá ré an achair tugtha aige do na haicmí ceannais i ngach tír a suíomh a neartú go hollmhór ar chostas eacnamaíochta, polaitiúil agus morálta na prólatáireachta.

5    Ní dhéanann an cogadh domhanda cosaint na náisiún ná leas eacnamaíochta nó polaitiúil pobail ar bith, agus níl ann ach droch­iarsma ar theannais impiriúlacha idir aicmí caipitleacha na dtíortha éagsúla ar son ceannas an domhain agus monaplacht ar bhánú is dúshaothrú na gcríoch nach bhfuil faoi cheannas an chaipitil go fóill. I ré an impiriúlachais seo gan srian, ní féidir cogaí náisiúnta a bheith ann a thuilleadh. Níl i leas an náisiúin ach seift le dallamullóg a chur ar an lucht oibre chun giollaí don impiriúchas, a mbithnamhaid, a dhéanamh díobh.

6    Ní féidir le saoirse agus neamhspleáchas aon náisiúin faoi chois teacht as polaitíocht na stát impiriúlach agus an cogadh impiriúlach. Níl sna náisiúin bheaga, agus a n‑aicmí ceannais ina lútálaithe is ina gcúlpháirtithe ag a gcomrádaithe aicmeacha sna stáit mhóra, ach fichillíní i gcluiche impiriúlach na gcumhachtaí móra, agus—ach oiread leis an lucht oibre—bainfear mí-úsáid astu le linn an chogaidh agus íobrófar ar son leas na gcaipitlithe iad ina dhiaidh.

7    Agus an scéal amhlaidh, cibé a bhuafaidh nó a chaillfidh, tá an cogadh seo ina bhriseadh ar an sóisialachas agus an daonlathas. Cibé toradh a bheidh air—ach amháin an phrólatáireacht idirnáisiúnta a ladar a chur sa scéal—neartaítear an míleatachas, an chointinn idir­náisiúnta, an teannas eacnamíochta domhanda leis. Géaraítear ar an dúshaothrú caipitleach agus an frithghníomh polaitiúil inmheánach leis, lagaítear smacht an phobail agus déantar uirlisí míleatachais de na parlaimintí, níos géilliúla i gcónaí. Leis seo, forbraíonn cogadh domhanda an lae inniu na coinníollacha uile le haghaidh cogaidh úir.

8    Ní féidir síocháin an domhain a chinntiú le pleananna atá útóipeach nó frithghníomhach ó bhonn le haghaidh cúirteanna idir­náisiúnta eadrána de thaidhleoirí caipitleacha, comhaontuithe taidhleoireachta i dtaobh “dí-armála”, “saoirse na mara”, cealú cheart na gabhála ar muir, “cónaidhmeanna de stáit Eorpacha”, “aontais custaim i lár na hEorpa”, stáit idirnáisiúnta eadrána agus a leithéid. Ní féidir fáil réidh leis an impiriúlachas, an míleatachas agus an chogaíocht ná iad a chosc fad a bheidh na haicmí caipitleacha i gceannas gan bhac. Níl aon bhealach le cur ina n‑aghaidh i gceart agus síocháin an domhain a chinntiú ach cumas gnímh pholaitiúil agus toil réabhlóideach na prólatáireachta idirnáisiúnta a cumhacht a chaitheamh sa mheá.

9    Is é an t‑impiriúlachas, mar chéim dheiridh agus ardfhorbairt cheannas domhanda polaitiúil an chaipitil, bithnamhaid choiteann na prólatáireachta i ngach tír. Ach ar nós céimeanna is luaithe den chaipitleachas, tá sé i ndán dó cumais a bhithnamhad a neartú ar aon dul lena fhorbairt féin. Géaraíonn sé ar dhlúthú na gcaipiteal, cnaí na meánaicme, méadú na prólatáireachta, ag dúiseacht ceannairceacht mhéadaithe na ndaoine agus ag cur faobhair ar chontrárthacht na n‑aicmí. Caithfidh cath aicmeach na prólatáireachta cur le chéile in aghaidh an impiriúlachais, in aimsir síochána nó cogaidh, thar rud ar bith eile. Is ionann don phrólatáireacht an cath ina aghaidh agus an cath ar son cumhacht pholaitiúil an stáit, gleic na cinniúna idir sóisialachas agus caipitleachas. Ní chuirfidh an phrólatáireacht cuspóir deiridh an tsóisialachais i gcrích mura dtugann sí faoin impiriúlachas tríd síos, mura nglacann sí le “cogadh ar an gcogadh” mar threoir lena polaitíocht phraiticiúil agus a cumas is a híobairt go léir a chaitheamh leis.

10  Chuige seo, is é príomhchúram an tsóisialachais inniu prólatáireacht na dtíortha go léir a thabhairt le chéile mar chumacht bheo réabhlóideach, trí eagrú idirnáisiúnta láidir agus tuiscint aontaithe aici ar a leas is a cúraimí, beartaíocht aontaithe agus cumas gnímh pholaitiúil in aimsir síochána nó cogaidh, le cumhacht chinniúnach na beatha polaitiúla a dhéanamh di, mar is dual di ón stair.

11  Tá an 2ú hIdirnáisiúntán briste ag an gcogadh. Nuair nach raibh sé in ann bac ceart a chur roimh scoilt na náisiún sa chogadh agus beart is gníomh coiteann don phrólatáireacht i ngach tír a chur i bhfeidhm, chruthaigh sé nach ndéanfaidh sé cúis.

12  I bhfianaise feall ionadaithe oifigiúla pháirtithe sóisialacha na dtíortha móra ar chuspóirí agus leas an aicme oibre, i bhfianaise tréigean thalamh idirnáisiúntán na prólatáireachta ar thalamh na polaitíochta buirgéisí impiriúlaí acu, is bunriachtanas don sóisialachas é idirnáisiúntán nua oibrithe a bhunú agus é de chúram air an cath aicmeach réabhlóideach in aghaidh an impiriúlachais i ngach tír a threorú agus a aontú.

Lena chúram stairiúil a chur i bhfeidhm, caithfidh sé seasamh ar na prionsabail seo a leanas:

1    Tá an cath aicmeach in aghaidh na n‑aicmí ceannais taobh istigh de na stáit bhuirgéiseacha agus dlúthpháirtíocht phrólatáireacht na dtíortha go léir mar dhá bhunriail dhoscartha an aicme oibre ina chath stairiúil saoirse. Ní hann don sóisialachas gan dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta na prólatáireachta, agus ní hann don sóisialachas gan cath na n‑aicmí. Ní féidir leis an bprólatáireacht shóisialach, in aimsir síochána nó cogaidh, éirí as cath na n‑aicmí ná an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta gan lámh a chur ina bás féin.

2    Caithfear gníomh aicmeach na prólatáireachta i ngach tír, in aimsir síochána nó cogaidh, a stiúradh de réir an chath in aghaidh an impiriúlachais agus cosc na cogaíochta mar phríomhchuspóir. Caithfidh gníomhaíocht pharlaiminteach, gníomhaíocht ceard­chumainn agus gníomhaíocht ghluaiseacht na n‑oibrithe ar fad tús áite a thabhairt don aidhm seo, an phrólatáireacht i ngach tír a chur in aghaidh na buirgéiseachta náisiúnta chomh géar agus is féidir, an chontrárthacht pholaitiúil agus intleachtach eatarthu a thabhairt chun cinn ag gach cor agus ag an am céanna bráithreacht idirnáisiúnta phrólatáireacht na dtíortha go léir a chur chun tosaigh agus i ngníomh.

3    San idirnáisiúntán atá croílár eagrú aicmeach na prólatáir­eachta. Is é an t‑idirnáisiúntán a chinneann in aimsir síochána beart­aíocht na ranna náisiúnta maidir leis an míleatachas, an coilíneachas, polasaí tráchtála, Lá Bealtaine, chomh maith leis an mbeartaíocht le cur i bhfeidhm in aimsir cogaidh.

4    Is airde an dualgas rúin an idirnáisiúntáin a chur i bhfeidhm ná aon dualgas eagraithe eile. Ranna náisiúnta a théann in aghaidh a chuid rún, cuireann siad iad féin taobh amuigh den idirnáisiúntán.

5    Sa chath in aghaidh an impiriúlachais agus na cogaíochta, is iad sluaite dlútha na prólatáireachta i ngach tír atá in ann an chumhacht chinniúnach a chur i gcion. Is é príomhsprioc bheart­aíocht na ranna náisiúnta, mar sin, na sluaite fairsinge a thabhairt chun cumas gnímh pholaitiúil agus treallúis chinniúnaigh, dlús idir­náisiúnta ghníomhartha an phobail a chinntiú, an t‑eagrú polaitiúil agus ceardchumainn a thógáil, chun comhar sciobtha gníomhach na ranna uile a ráthú gach uair a chuirtear sa siúl é, i gcaoi gurb ionann toil an idirnáisiúntáin agus gníomh na sluaite fairsinge oibrithe i ngach tír.

6    Is é neaschúram an tsóisialachais fuascailt intleachtach na prólatáireachta ó choimirce na buirgéiseachta, a chuirtear in iúl i dtarraingt idé-eolaíocht an náisiúnachais. Ní mór do na ranna náisiúnta a ngríosadh i bparlaimintí agus i nuachtáin a shocrú chun caint thraidisiúnta an náisiúnachais a cháineadh mar ghléas de chuid an cheannais bhuirgéisigh. Níl de chosaint ar aon fhíorshaoirse náisiúnta inniu ach an cath aicmeach réabhlóideach in aghaidh an impiriúlachais. Tír dhúchais na bprólatáireach, a gcaithfidh gach rud eile tús áite a thabhairt dá cosaint, sin é an t‑idirnáisiúntán sóisialach.

Nótaí

  1. Ghlac Páirtí Daonlathach Sóisialta na Gearmáine le clár ar a ardfheis in Erfurt in 1891, a bhí ina mhúnla ag páirtithe sóisialacha eile.
  2. Bhí geallta go minic ag an Idirnáisiúntán Sóisialach (an Dara hIdir­náisiúntán, a bunaíodh in 1889) go gcuirfeadh sé go tréan in aghaidh an chogaidh a bhí ag bagairt, ach nuair a tháinig sé thacaigh formhór na bpáirtithe ann leis.
  3. Sna tíortha i mbun cogaidh fógraíodh ‘síocháin pholaitiúil’, go n‑éireodh na páirtithe as ionsaithe ar a chéile, ag cur le chéile leis an gcogadh a bhuachan.
  4. Sheas an Independent Labour Party lena chuid prionsabal i 1914, ag cur in aghaidh an chogaidh.

Na Briotánaigh agus an sóisialachas

Aistríodh an saothar seo le Émile Masson in Eagrán 2014 i Meán Fómhair 2014.

Ba shóisialaí Briotánach é Émile Masson (1869-1923). Ba mhúinteoir é a ghlac páirt i ngluaiseachtaí radacacha a linne, agus tionchar an ainrialachais go láidir air. Chuir sé glan in aghaidh sóisialaithe a mhol d’oibrithe na Fraince teacht le chéile mar aon náisiún amháin agus Fraincis amháin á labhairt acu. Chreid sé gur luigh cúis an tsóisialachais agus cúis na Briotáinise le chéile, agus d’fhéadfadh feidhm a bheith lena áiteamh i dtaca le cás na Gaeilge freisin. Aistrítear anseo caibidlí I agus II dá phaimfléad Antaes: Na Briotánaigh agus an Sóisialachas a foilsíodh, faoina ainm cleite Ewan Gweznou, sa Bhriotáin i 1912.

An Bhriotáinis

Castar constaicí ar bholscaireacht an tsóisialachais sa Bhriotáin seo againne, de chineál ar leith nach sárófar gan smaoineamh. Brisfear ar ár gcuid fórsaí ansin, agus cuirfear moill dá réir ar ré an chirt.

Muide Briotánaigh, tá cuimhne coinnithe againn ar an am atá caite. Níl duine againn, an buachaill feirme is ísle orainn, fiú, nach eol dó gur leis a thír agus gur thír faoi leith i gcónaí í; go mbaineann sé le Náisiún a bhraith air féin leis na céadta. Gan stair a thíre a bheith foghlamtha aige (Tiarna na Slua idir ár máistrí agus an anachain!) tá a fhios ag an mbuachaill feirme is lú orainn—go doiléir, ach tá a fhios aige ó dhúchas—go bhfuil cuid mhaith den cháil atá ar an ainm ‘Francach’ ag gabháil d’íobairt sheasta, do laochras fhir a chine.

Tá ár naimhde—agus iad ag gníomhú de réir Maiciaiveilíochas ar mó den dúchas ná den mhachnamh atá ar a chúl, b’fhéidir—tar éis tairbhe a bhaint as an míthuiscint a fhéadfaidh teacht d’úsáid teangacha éagsúla sa taobh tíre céanna, agus as an míthuiscint a mhaireann inár measc fós de thoradh seanchoimhlintí bráthartha. Na bréaga is breá leo a thabhairt ar ár gcuid smaointe, más lucht labhartha na Fraincise amháin a iompraíonn chuig ár gcuid bailte is sráidbhailte iad, braitheann siad go bhfaighfear Briotánaigh na Briotáinise ina seasamh roimh na smaointe seo lena dtroid, nach dtabharfaidh ár gcuid oibrithe ná ár gcuid tuathánach creidiúint ar bith dóibh. Aithníonn an Briotánach a chara ar an gcomhartha go labhraíonn a chara a theanga.

Ansin fógraíonn ár gcuid Maiciaiveilíoch thall is abhus gurb í teanga na barbarthachta í teanga na mBriotánach Íochtarach,1 teanga an diamhróireachais, is é sin, teanga na hEaglaise agus an Fhrithghnímh. Agus cruthaíonn siad i gcónaí é, gach lá, ina gcuid nuachtán, leabhar, comhdhálacha, fiú sna scoileanna agus ina gcuid comhráite príobháideacha.

Cén toradh atá air? Go dtarraingimidne, sóisialaithe, lucht sprid na saoirse is na tuisceana, an ghráin amaideach seo lenár n‑anáil ar nós aer na mara is na coille. Agus cuirimid cogadh ar theanga ár muintire, muid tiomnaithe d’fhuath go bás uirthi.

Ansin tagann an sagart (duine simplí, nach den saol seo a ríocht agus ar rómhinic ar strae é), a labhraíonn Briotáinis leis na Briotánaigh, agus a scaipeann i mBriotáinis i measc an phobail Bhriotánaigh, mar fhírinne chráifeach, an tuairim gur de phór an Diabhail é an Sóisialachas, go bhfuil na sóisialaithe ag iarraidh a bpáirceanna bochta a ghoid ó na saothraithe bochta chun asail na Gearmáine agus muca Shasana a chur ar féarach; go mbainfidh na sóisialaithe a dteanga díobh agus go gcuirfidh siad a ndia ar an gcarn aoiligh.

Cén t‑ionadh má bhraitheann na Briotánaigh seo againne ag sciolladh ina gcroí a ngrá domhain don am atá caite, nuair a dhoirt a n‑aithreacha a gcuid fola ar feadh na gcéadta lena dtalamh eibhir is darach a chosaint ar na hamhais eachtrannacha (Sasanach nó Francach), agus má choinníonn siad greim an fhir bháite air ar nós Carraig ard slánaithe acu?

Teanga a bhaineann le páirtí! Teanga atá frithghníomhach! Amhail is go bhféadfadh aon rud a bheith i dteanga—go háirithe teanga ar faide go mór a stair ná ár gcuid aighneas suarach reatha, stair ina raibh an t‑anam chomh saor fiáin leis na hainmhithe—ach an chaoi a gcuirtear in iúl an t‑ainmhí saor fiáin daonna!

Más linn an bua a fháil sa Bhriotáin, sóisialaithe Briotánacha, labhraímis a dteanga lenár mbráithre faoin tuath, a seanteanga álainn shaor bharbartha, ár dteanga féin. Seo linn, gach duine againn, chun cainte leo inár dteanga ar a gcuid feirmeacha scáinte, agus abraimis leo go neamhbhalbh gur muide, na “daoine gan tír”,2 a chuirfidh ar chumas a dteanga í féin a fhuascailt ó gach lobhar diamhróireach, agus gur muide freisin a chuirfidh ar a gcumas bua a fháil arís ar aintiarnaí an lae inniu—Briotánaigh, mo léan! nó Francaigh—ar chaoi nárbh fhéidir leo a fháil ar aintiarnaí an ama ata caite, go n‑athghabhfaidh siad seanchríoch seo na Briotáine ar leo í, tuathánaigh, de bharr na gcathanna gan chuntas atá tugtha acu ann le cúig chéad bliain déag in aghaidh na naimhde, idir dhaoine is dhúlra.

Kemèr te zoar,
Labourer-doar,
Té e bieu!3

An grá tíre

Ba cheart go mbeadh úsáid na Briotáinise sa bholscaireacht réabhlóideach forleathan freisin mar gurb í an teanga seo an tsean­eochair bhreá óir, an t‑aon eochair draíochta amháin, a osclóidh dúinn na tithe ceann tuí agus na croíthe.

Is constaic eile roimh na sóisialaithe é—ceann a bhaineann leis an mBriotáin amháin, cuid mhaith—scaipeadh a muintire, scaipeadh gan teorainn, beagnach. Níl aon phobal riamh is lú a mhair ina shluaite. Maireann siad—mar a throid siad i gCogadh na bhFathach4—ar bhealach scaipthe, ina dtrodaithe neamhspleácha, ar chúl a gcuid fánaí is creag, ina gcuid bealaí slogtha, fraoch, dumhcha, ar muir! Cine aisteach nach stadann an chinniúint de bheith ag cúngú air, a mbainfidh a cheanndánacht gan sos chun beatha díoltas as an gcinniúint luath nó mall le bua glioscarnach.

Is amhlaidh is diongbháilte is gá dúinn aghaidh a thabhairt ar an gconstaic seo mar, sa Bhriotáin, is í an Talamh a chosnaíonn gach ollmhaitheas; is saothraithe, tuathánaigh, trí cheathrú de mhuintir na Briotáine Íochtair—milliún duine. Anois, is í an bhean a choinníonn súil ar an bhfeirm, cosantóir an teallaigh, na teanga, an tsean­chreidimh. An bholscaireacht shóisialach nach dtugann aird ach ar oibrithe ár gcuid bailte móra, agus a dhéanann dearmad dul chuig an tuathánach, agus go háirithe chuig an mbantuathánach, daorann sí í féin roimh ré chun sáinn iomlán, beagnach. Suíonn an sagart ar gach teallach. Bíonn sé ag caint leis an mbean i dteanga na tíre. Is é fear Dé é, fear an bhaiste, an phósta, an bháis. Sna bailte fearainn iargúlta is é an fear léinn é freisin, an cléireach, i ngach cúrsa saolta. Is é an Cara ar leith ar an uaigneas é.

Más rud eile seachas teagasc eacnamaíochta amháin againn é an Sóisialachas—más é an rud is gá dó a bheith: borradh croí, toil an chirt—caithfidh sé dul chuig na daoine simplí seo, bualadh ar dhoirse na bhfeirmeacha, suí ar na binsí, teacht chun a bheith mar chara, rún agus dóchas na mbantuathánach seo againne é féin. I gcaoi is go múineann siadsan é do na buachaillí is na cailíní i bpaitíní, i gcaoi is nach mbíonn aon difríocht idir é agus labhairt na Briotáinise ach oiread leis an gCaitliceachas go dtí seo; agus tiocfaidh sé chun a bheith mar reiligiún acu.

Caithfidh an Sóisialachas agus an Bhriotáinis a bheith mar aon chorp agus aon anam amháin sa Bhriotáin. Tá a ndán fite fuaite ina chéile, agus dán an chine. Ní bhuafaidh an Sóisialachas mura scaiptear i dteanga na tíre é, agus beidh todhchaí níos glórmhaire aige leis sin ná a bhí aige riamh. Más ar an mbealach Francach a iompraítear an Sóisialachas, ní chuirfear i bhfeidhm sa Bhriotáin é ach ar an modh Seacaibíneach5 aintiarnúil, agus ní chuirfidh sé fréamh sna hanamacha dochloíte seo nach nglacann leis an gCaitliceachas féin ach de réir mar a chumtar ar a ndeilbh fhiáin féin é.

Ach tá an iomarca oibrithe ann agus, cé go bhfuil forbhríste agus tok6 orthu, is léir sna cúrsaí seo meon buirgéiseach a bheith acu. Léiríonn siad drochmheas an duine ata tugtha chun sibhialtachta ar a dteanga; agus iad ag spalpadh Fraincise “a chodail amuigh”, déanann siad dearmad thar oíche a dteanga fein a labhairt. Na hamadáin! Dá gcuirfidís an teanga is dual dóibh chun tairbhe do chúis an tsóisialachais—cúis a bhfuil dea-mhein acu di freisin—in áit caitheamh anuas uirthi, seachas a bheith ina hábhar fuatha i dteaghlaigh na saothraithe is na mairnéalach seo againne, mar a bhíonn rómhinic, dhéanfaí cúis mhuirneach an uile dhuine den chúis naofa seo, nasc nua cairdis, foinse comhthaithí agus fuinnimh gan áireamh.

Dá bpléifeadh na hoibrithe, na mairnéalaigh ag filleadh ar an bhfeirm, i mBriotáinis, tráthnóna, lena gcomhghleacaithe, a gcailíní, a ndeirfiúracha, an dea-scéala atá cloiste acu; dá n‑aistreodh na comrádaithe go Briotáinis agus dá scaipfidís sna sráidbhailte, i gcomhráite, sna mílte leabhrán, briathra fuascailteacha leithéidí Reclus, Ibsen, Tolstáí, Proudhon, Renan, Cropóitcin,7 srl., ní bheadh aon amhras orthu faoi chomhbhá dhíograiseach na ndaoine atá ag fanacht leo! Óir táthar ag fanacht leo, teachtairí seo ré an chirt, le paisean an chine ar mó a ghrá don bheatha dá mhéid a lasctar le gach éagóir é, cosúil leis na Giúdaigh. Na teachtairí seo féin—tuathánaigh dhúra amaideacha inné féin agus géilliúlacht na Róimhe iontu—gur féidir leo a bheith ina n‑oibrithe inniu, claochlaithe ag an bhfocal réabhlóideach ar nós na toirní, nach iad sin an cruthúnas is fearr?

Níl i “sprid chúlchéimnitheach” na mBriotánach ach cuid den tseafóid shollúnta is breá lenár ndea-bhuirgéisigh, “Párasaigh ón iargúil”,8 a thabhairt uathu i gceo na haipsinte. Tugann annála mhuintir na Briotáine a mhalairt d’fhianaise agus neart di, gur i gcroí na muintire céanna seo is túisce a chrith na smaointe móra, ó fhuascailt na seirfeach go dtí Réabhlóid na Fraince, atá ag tabhairt an tsaoil leo arís inniu. Ón oileánach Pélage (Morgan i mBriotáinis) nó ó Abélard trí Descartes (de bhunadh Roazhon) go dtí Châteaubriand, Lamennais,9 agus an Briotánach Íochtarach Renan, cé na fathaigh ba bhródúla ná iad a d’éiligh, in aghaidh gach sórt aintiarnais, cearta an choinsiasa aonair, an ghrá dhaonna, an phobail agus na beatha, murab é slua na laochra gan iomrá ónar shíolraigh siad? Pobal laoich, pobal ridire gach cúis uasal, tá muintir na Briotáine tiomnaithe do bhreith na Réabhlóide le teacht; tá siad á feiceáil, tá siad á hullmhú, leis na céadta… agus tá an Tríú Poblacht ag dúnadh a cuid príosún ar an bhfuinneamh is féile dá gcuid cheana.10

Nótaí

  1. Na Bas-Bretons, muintir na Briotáine Íochtair nó Breizh Izel, an leath thiar den Bhriotáin, an limistéar is láidre an Bhriotáinis.
  2. Thugadh a gcuid naimhde sans patries ar shóisialaithe na Fraince, agus bhí cuid acu a ghlac leis an ainm go bródúil.
  3. “Tóg leat an talamh, / A shaothraí na talún, / Is leatsa í!”
  4. Thug Napoléon an t‑ainm seo ar threallchogaíocht na dtuathánach, Briotánaigh is eile, a throid in aghaidh na réabhlóide sna 1790idí.
  5. Leag na Seacaibínigh síos gurbh aon náisiún amháin í an Fhrainc, agus an Fhraincis amháin mar theanga aige.
  6. Caipín.
  7. Élisée Reclus, ainrialaí; Henrik Ibsen, drámadóir; Leiv Tolstáí, údar agus ainrialaí; Pierre-Joséph Proudhon, ainrialaí; Ernest Renan, fealsamh ar chúrsaí náisiúntachta; Peotar Cropóitcin, ainrialaí.
  8. Parisiens de Landerneau: daoine a cheapann go bhfuil siad fíor­shofaisiticúil fíorthábhachtach ach gurb é meon cúng an bhaile tuaithe atá acu i ndáiríre.
  9. Julien Pélage Auguste Brizeux, file; Pierre Abélard, diagaí; René Descartes, fealsamh; François-René de Chateaubriand, údar; Robert de Lamennais, teoiricí polaitiúil.
  10. Bhí an Tríú Poblacht i réim sa Fhrainc ó 1870 i leith. Mura raibh Briotánaigh á gcur i bpríosún aici, bhí a brú ar an mBriotáinis ag méadú le deich mbliana anuas.

Ár mbeatha agus ár dtalamh

Foilsíodh na haistí nua-aimsithe seo le Pádraic Ó Conaire ar Eagrán 56 i Meitheamh 2014.

Tá na scórtha aistí cnuasaithe in An tAthrú Mór: Scríbhinní sóisialacha le Pádraic Ó Conaire (Aindrias Ó Cathasaigh a chuir in eagar, Coiscéim 2007) a chruthaíonn go cinnte a thugtha is a bhí an scríbhneoir seo don sóisialachas sna blianta corracha i ndiaidh an chogaidh mhóir. Tá dhá aiste shóisialacha eile óna pheann aimsithe againn anseo. Foilsíodh iad ar Ár gCeart / Rights: The Irish Labour Review, páipéar a d’fhoilsigh an Irish Clerical and Allied Workers’ Union i 1919-20. Áitíonn sé iontu gur gá do na hoibrithe smacht a fháil ar an talamh agus táirgeadh an bhia, ceist a phléigh sé go minic sa tréimhse sin.

Ár mBeatha
Dualgas an fheilméara

[21 Bealtaine 1920]

Is iontach an rud é nach raibh sé de mhisneach ag aon cheann des na páipéir laethúla atá againn sa tír seo cur síos a dhéanamh ar an ngníomh mór a rinne Comhlucht Oibre Éireann nuair a chuireadar cosc ar imeacht an bhia as ár dtír.1 Bhí eagla orthu a rá roimh na feilméaraí agus na ceannaithe agus lucht saothraithe bagúin go raibh an ceart ag an lucht oibre; bhí eagla orthu a rá nach raibh sé ceart, mar bhéadh, ní amháin an lucht oibre ach an chuid is mó den phobal anuas ina mullach; agus de bhrí a meatachta fágadh na páipéir gan meas gan urraim ag aon dream.

Dúirt mé gur mór an gníomh a rinne Comhlucht Oibre Éireann agus an bia a choinneáil sa mbaile do mhuintir na tíre seo agus iallach a chur ar cheannaithe agus eile an bia sin a dhíol ar airgead cothrom; go deimhin, ní bheinn ag dul amú go mór dá n‑abraínn go mb’é an gníomh is tábhachtaí dá ndearnadar ariamh é. Ba mhó, le féachaint air, an Stailc Náisiúnta ar son na bPríosúnach,2 ach is mó agus is buaine an toradh a bhéas ar an ngníomh eile. Chuir an gníomh eile sin i gcéill do chách gur le muintir na tíre seo a saothraítear de bhia in Éirinn, agus nach mbeidh sé de chead ná de cheart ag aon duine, ná ag aon dream, beatha na tíre a sheoladh thar farraige anonn go dtí go mbeidh riar ár gcáis againn féin. Réiteodh duine ciallmhar ar bith leis an méid sin; chuir Comhlucht Oibre Éireann aguisín leis ag rá nach bhfuil an cead ná an ceart sin ann gan é a bheith i gcumas an fhir oibre a chuid a cheannacht ar airgead cothrom. Agus ní hé sin amháin ach shocraigh Comhlucht Oibre Éireann céard is airgead cothrom ann.

San aimsir atá imithe, b’é bun-bharúil na sua as Manchain gur ar éigin go bhfanfadh an ghrian ar an spéir dá gcuirtí isteach ar dhlithe na tráchtála, de réir mar a thuig siadsan iad; agus lean gach rialtas dá raibh i Sasana den chuspóir sin gur tháinig an cogadh mór. Cuireadh cosc le imeacht mórán cineál earraí as Sasana i dtosach an chogaidh sin; socraíodh luach gach cineál bia ann. Rinneadh praiseach de gach barúil a bhí ag Scoil Mhanchain agus níor tógadh glór in aghaidh na hoibre sin. Ach nuair a rinne Comhlucht Oibre Éireann a leithéid chéanna d’obair don tír seo is a rinne an Rialtas i Sasana don tír sin, tháinig feilméaraí na hÉireann i gceann comhairle agus chuireadar scréach astu ag rá nach raibh sé de cheart ag an bpobal, nó ag aon dream sa tír, cur isteach ar a saothar. Agus an Rialtas Gallda ag cur isteach orthu gach lá sa mbliain!

Comhlucht Oibre Éireann cuid den ghléas atá ag an bPoblacht seo le toil an náisiúin a chur i bhfeidhm; saighdiúirí agus póilíní agus a bhaineann leo, an gléas atá ag ár namhaid le toil Shasana a chur i bhfeidhm; deir na feilméaraí, an chuid is mó acu, go bhfuilid dílis don Phoblacht, ach má tá is ait an dílseacht é agus géilleadh don namhaid agus dul i gcoinne toil an Rialtais a thoghadar féin.

Dob fhiú don uile dhuine an freagra a thug Cumann na bhFeilméaraí ar Chomhlucht Oibre Éireann a léamh. Cuireann siad i gcéill don saol nach ligfidh siad (má fhéadann siad é) don phobal cur isteach ar ghnó na feilméarachta; go bhfuil sé de chead agus de cheart acu a gcuid ime agus a gcuid bagúin, a gcuid uibheacha agus a gcuid mart a dhíol in aon áit a mbeidh an scilling ba mhó le fáil orthu, cuma a dtír dhúchais féin a bheith gann nó gan a bheith. “Ná leag méar ar an muic sin” an fógra a thugadar don lucht oibre agus do mhuintir na tíre seo.

Níor mhór dhóibh machnamh ar chupla rud: ar an gcéad chur síos is le muintir na tíre seo talamh na tíre seo agus a bhfuil faoi agus a bhfuil ós a chionn, agus nach bhfuil sé ach ar seilbh agus ar bannaí acusan ó mhuintir na tíre; go bhfuil sé de dhualgas ar an talmhaí ábhar bia a sholáthar dá thír féin i dtosach, agus nach bhfuil sé de cheart aige punt ime a chur thar sáile go mbeifear sásta go bhfuil ár ndóthain féin le fáil againn in Éirinn ar airgead cothrom.

Sin cuid de dhualgas an fheilméara go bhfuil talamh ina sheilbh ó mhuintir a thíre; ar comhlíonadh an dualgas sin? Tá fhios againn uile go léir nár comhlíonadh. Airgead páipéir an tSasanaigh is mó a bhí ó na feilméaraí ó thosaigh an cogadh mór, agus ba chuma leo ó neamh anuas céard a dhéanfadh an fear oibre sa mbaile mór, nó faoin tuaith féin. Bhí an scéal chomh dona sin go mb’éigin do Sinn Féin gníomh a dhéanamh leis an mbeatha a choinneáil in Éirinn ar eagla go gcaillfí leis an ocras sinn. Rugadh ar na muca ar shráideanna Átha Cliath, maraíodh iad agus roinneadh an fheoil leis an bpobal ar luach cothrom. Marach an gníomh sin a rinneadh leis na muca a bhí dhá gcur go Sasana, agus an toradh a bhí air, is beag bagúin a bhéadh againn le linn deireadh an chogaidh mhóir. An do na feilméaraí atá ár mbuíochas ag dul nár creachadh an tír le cúig bliana? Dualgas an fheilméara ár ndóthain bia a sholáthar don tír—cé atá in ann a rá gur chomhlíonadar an dualgas sin? Agus tá fhios againn uile go léir céard ba chóra a dhéanamh le dream nach gcomhlíonann a ndualgas dá dtír agus don phobal a thug an talamh dhóibh lena shaothrú ar son na tíre.

Ach deir Cumann na bhFeilméaraí sa bhfreagra a tugadh ar Chomhlucht Oibre Éireann go raibh siad ag iarraidh prís an bhia a laghdú, go raibh Comhdháil acu féin agus ag an Department3 le chéile leis an gceist a shocrú. Maith go leor—más ea, má bhí an chomhdháil sin ann, comhdháil na bhfaolchon faoi roinnt na n‑uan a bhí ann, mar ní túisce a bhí cead ag na feilméaraí a rogha airgid a bhaint amach ar an mbeatha ná ardaíodh luach an bhagúin scilling sa bpunt agus an t‑im dá réir. Admhaíonn siad féin é sin, agus le linn na hadmhachtála sin dóibh taspáineann siad nach dtuigeann siad céard atá in aigne Chomhlucht Oibre Éireann ar chor ar bith. “In response to the operation of supply and demand” na focla a deir siad. Tá fhios ag an saol go bhfuil an glaoch ann, tá fhios ag an saol nach dtógtar mart, muc ná caora in Éirinn nach bhféadfaí a dhíol ar luach níos mó thar lear ná a d’fhéadfaí a fháil air in Éirinn. An abróidh siad linn go bhfuil sé de chead agus de cheart acu é sin a dhéanamh agus an tír seo a fhágáil bán? Bhfuil sé de dhánacht iontu a rá go bhfuil sé de cheart acu torthaí thalamh fhir Éireann a chur thar sáile lena bpócaí féin a líonadh le airgead páipéir Shasana?

Deir lucht oibre na tíre seo, agus muintir na tíre i gcoitinne, nach bhfuil an cead sin acu, agus nach mbéarfar dhóibh go deo é. Ach tá an ceart ag muintir na tíre gan aon bhlas bia a ligint thar sáile go mbeimid sásta go mbeidh a dhóthain mhór ag an uile bhean, páiste agus fear a chónaíonn in Éirinn, agus an dóthain sin le fáil acu de réir na páidhe atá ann. Tá an ceart sin ag Comhlucht Oibre Éireann, agus an comhacht acu chuige, agus chomh cinnte is atá grian ar an spéir inniu déanfaidh siad é, cuma cé a bheas ina n‑aghaidh.

Go n‑éirí an obair mhaith leo!

PÁDRAIC Ó CONAIRE

An Cléireach agus an Talamh
Scéim nua

[Meitheamh 1920]

Níl aon dream sa tír seo, ná in aon tír eile, is mó a ghoillfeadh droch­shaol agus anró agus cruatan orthu ná lucht na bpeann, idir cléirigh agus scríobhnóirí agus eile. Agus ní mór d’aon chumann cléireach machnamh maith a dhéanamh ar an bhfírinne sin, agus beart dá réir a dhéanamh. Is cinnte go dtiocfaidh aimsir na contúirte nuair a bhéas ar lucht oibre na hÉireann éirí amach i gcoinne na máistrí, idir máistrí dúchasacha agus máistrí iasachta, ar son a gceart, agus ní mór dhúinn a bheith ag síor-ullmhúchán i gcomhair na haimsire sin. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb, deirtear, agus is fíor an focal é, agus ná bímís ag baint scolb lá na gaoithe móire, ach bímís ullamh ina chomhair. Ach ní faoi lá na gaoithe móire, ní faoin lá go mbeidh ar lucht oibre na tíre seo éirí amach in aghaidh na ndaoine saibhre sotalacha a bhí dhá gcreachadh agus dhá gcrá le linn na n‑aoiseanna is mian liom caint a dhéanamh an tseachtain seo, ach faoin ngnáthshaol a bhíos ag cléirigh agus lucht oibre nach iad.

Gan stailc ná aon rud dá sórt a bheith ar siúl ag aon dream ceardaithe, ag na cléirigh, abair, bíonn costas an-mhór ar a gcumainn. Bíonn ar an gcumann airgead tinnis, airgead díomhaointis, airgead na seanbhall agus airgead nach iad a íoc i gcónaí; cosnaíonn na fiacha seo a bhfuil de shíntiúisí ag teacht isteach ag an gcumann, beagnach, agus gan tairbhe dá réir ann; ualach mór trom ar gach cumann ceard an íocaíocht sin—an féidir an t‑ualach mór sin a thógáil de na cumainn? An féidir le Cumann na gCléireach, abair, an t‑ualach trom sin a chaitheamh ar leataobh agus an buntáiste a théas leis an ualach a choinneáil? An féidir cuid den ualach a chaitheamh ar leataobh agus an buntáiste a choinneáil? Sílim féin gur féidir.

Dá mbeadh talamh dá chuid féin ag Cumann na gCléireach (agus ag cumainn nach é freisin) d’fhéadfaí an chuid is mó den ualach ar ar thráchtas a chaitheamh ar leataobh. Agus ní hé sin amháin, ach bhéadh buntáistí ann nach bhféadfaí a cheannacht ar airgead .i. saol iomlán aoibhinn a bheith ag na baill a bhí gan obair, agus ag a gcúram, ar thalamh an chumainn.

Cuirim i gcás go bhfuil feilm mhaith i seilbh Chumann na gCléireach: an cléireach a chaithfí amach as a chuid oibre, ní bhéadh air ach a scéal a inseacht dá chumann agus sheolfaí é go dtí an áit a mbéadh an fheilm sin. Chuirfí ag obair ar an bhfeilm é, ag soláthar beatha dhó féin agus do mhuintir an chumainn a bhéadh ag obair sna bailte móra. Dá chiotaí dá mbéadh ridire na cleite caoile leis an talmhaíocht i dtosach (agus admhaím go mbéadh cuid acu sách tuathalach) d’fhéadfadh an duine ba mheasa agus ba neamh­chleachtaithe acu obair éigin a dhéanamh ar an bhfeilm, an oiread is a shaothródh greim a bhéil ar a laghad. Ní chaillfeadh an cumann aon cheo dá chothú, agus maidir leis an bhfear a bhí aiclí feidhmiúil, bhéadh brabach maith aige féin de bharr a shaothair, agus ag an gcumann chomh maith. Agus is ag dul i gcliste a bhéadh an dá dhream, an dream ciotógach agus an dream deasógach, in aghaidh na seachtaine.

Cuimhnítear ar an tairbhe a bhéadh ag an gcléireach a chaill a ghnáthphosta agus a bhéadh ag obair ar fheilm a chumainn, seachas mar a bhíos ag an gcléireach atá gan posta faoi láthair: an cléireach atá gan posta faoi láthair, is éigin dó airgead a éileamh ar an gcumann len é féin a bheathú; bíonn sé ag dul thart ar fud na cathrach ó oifig go hoifig ag súil le obair agus gan obair le fáil go minic; is mór an díol trua é ar an tsráid—culaith ghalánta de réir nósanna a cheirde ar a dhroim, an croí agus an misneach agus an dóchas ag imeacht uaidh, gan mórán ina bholg, níos lú ná sin ina phóca, agus gan aon rud atá aige ag dul i méid ach an poll beag atá ar thóin a bhríste.

Traigéideacht4 ann féin cás an fhir sin; ach más bean atá ina leithéid de chás is seacht measa an scéal aici é. Is beag duine den chumann gur leis an páipéar seo nach dtuigeann an scéal chomh maith liomsa, is beag duine againn nach dtabharfadh a lán ar an scéal a leigheas.

Agus tá a leigheas ann, agus ní chosnódh an leigheas aon rud. Ní chaillfí aon airgead leis an leigheas ach a mhalairt. Níl ag teastáil ach misneach agus éirim agus léargas.

An cléireach a bhíos gan posta faoi láthair agus a bheag nó a mhór d’airgead ag teacht chuige ón gcumann, tuigeann cách cén saol cráite a bhíos aige faoi láthair; ach cén saol a bhéadh aige dá mbéadh feilm talún ag an gcumann, áit a bhféadfadh sé tréimhse a chaitheamh ar mhaithe lena phóca agus ar mhaithe lena shláinte?

Saol nua ar fad a bhéadh ag a leithéid d’fhear, saol tuaithe in ionad saol cathrach; ceird nua ar fad dhá foghlaim agus dhá cleachtadh aige, ceird na talmhaíochta in ionad ceird na cleite; mhéadófaí ar na tréithre ba mhó agus ab uaisle a bhéadh ann, mar is ceird iomlán an talmhaíocht; mhéadófaí ar a mheas air féin, agus nuair a d’fhillfeadh sé ar an gcathair bhéadh feabhas dá réir ar a shaothar agus ar thoradh a shaothair.

Ach an tairbhe ba mhó, níor labhradh fós faoi: an spleáchas an duáilce is mó a bhaineas leis an gcléireach de ghnáth: eolas aige cén drochbhail a bhéadh air dá gcailleadh sé a phosta is siocair leis an spleáchas sin; dá mbéadh fhios go bhféadfadh sé a thréimhse díomhaointis a chur isteach ar fheilm a chumainn, ar mhaithe leis féin agus ar mhaithe lena chumann, níorbh fhada go dtráfadh ar an spleáchas sin, níorbh fhada go gcaillfeadh sé an umhlaíocht agus an eagla a bhíos air roimh a mháistir sotalach, thuigfeadh sé gur fear a bhí ann, go raibh sé in ann seasamh ar a bhonna féin, gur cruthaíodh é i múnla Dé.

Don té go bhfuil léargas aige ní gá dhom tuilleadh a rá faoin taobh seo den scéal; agus an duine atá gan léargas, ní mian liom labhairt [leis] ar chor ar bith.

Cluinim lucht an lagmhisnigh agus lucht an bheag-is-fiú agus iad ag labhairt d’aon ghuth: ní féidir é a dhéanamh! an t‑aon phort amháin atá acu, agus dar Crom, ní port uasal é.

Deirimse gur féidir é a dhéanamh agus cruthód é.

Is féidir leis an Rúnaí Ionaid […]5 agus an talamh a cheannacht amach ’s amach leis an gcaipiteal sin, mar bhéadh a gcothú agus luach a saothair ag na daoine go bhfuil an pháidhe díomhaointis ag gabháil dóibh faoi láthair agus ní theastódh an pháidhe eile uathu. Ach ní mór do dhuine aiste faoi leith a scríobh faoin gcuid seo den scéim agus tá fúm é a dhéanamh uair éigin eile.6

Tá mórán buntáistí eile sa scéim seo nach bhfuil sé d’fhaill agam trácht orthu an tseachtain seo, ach d’fhífeadh sé lucht cheird an chléireachais go dlúth le chéile. An té a bhéadh ag obair ar an bhfeilm nó ar an gcoilíneacht seo atá i gceist agam, chuirfeadh sé aithne níos fearr ar a chomhoibritheoirí mar ní aithne go aontíos. Bráithre aon chumainn a bhéadh iontu, cinnte, agus ní cumann ceirde amháin a bhéadh sa gcumann seo ach cumann cairdeasa agus ceana nach scaoilfeadh an saol.

Is léir dom rud eile freisin, is léir dom gurab é an cairdeas seo agus an cion seo is mó atá ag teastáil sa saol in Éirinn inniu, agus dá mbéadh na suáilcí uaisle seo ann, go bhféadfaí ár saol a mhúnlú ar ár dtoil féin, agus Éire faoina háilneacht a bhaint [amach dá] muintir atá faoi chois […]7

Nótaí

  1. Comhlucht nó Cuallacht Oibre Éireann an leagan a bhíodh ag an gConaireach ar an Irish Labour Party and Trade Union Congress. An mhí roimhe seo chuir dugadóirí i mBaile Átha Cliath stop le bia a easportáil gur díoladh cuid de in Éirinn ar phraghas socraithe.
  2. Bhí stailc ghinearálta ann an mhí roimhe seo ag éileamh go scaoilfí saor príosúnaigh phoblachtacha, rud a rinneadh tar éis trí lá.
  3. An Department of Agriculture and Technical Instruction.
  4. “Tráighidheacht” atá sa téacs.
  5. Tá cuid den nuachtán ar iarraidh, agus thart ar chúig líne den aiste anseo.
  6. Ní cosúil gur foilsíodh aon eagrán eile de Ár gCeart.
  7. Tá an chuid dheireanach seo den aiste ar an bpíosa den nuachtán atá ar iarraidh. Ach ina aiste ‘Déantar Tús Maith’ a foilsíodh ar an Irishman 11 Bealtaine 1918 agus a phléann an cheist chéanna, scríobh Ó Conaire: “is léir dhom go bhféadfaí an saol seo a mhúnlú ar ár dtoil féin, agus Éire faoina háilneacht a bhaint amach don mhuintir atá faoi chois inniu, agus í a bhronnadh mar oidhreacht uasal ar shliocht ár sleachta.” (Féach An tAthrú Mór, lch 52.)