Caithfidh cumannacht a bheith ar bun

Foilsíodh na haltanna seo le Peadar Ó Maicín ar Eagrán 30 i mí na Nollag 2007.

Bhí páirt shuntasach ag Peadar Ó Maicín (1878-1916) i ngluaiseacht shóisialach na hÉireann i dtús an fhichiú céad. Ba cheardchumannaí é, ball den pháirtí sóisialach Cumannacht na hÉireann, agus bhí sé ar an dornán sóisialaithe a chuaigh isteach i Sinn Féin. Toghadh ar Bhardas Átha Cliath é mar ionadaí lucht oibre i 1912. Throid sé in éirí amach na Cásca agus maraíodh é lena linn. Seo cúpla sampla de pheann Uí Mhaicín ag cur ar son an tsóisialachais, nó ‘an chumannacht’ mar a thugtaí air go minic san am.

Cumannacht, Sinn Féin agus O H1

[An Náisiún Gaodhlach, 17 Iúil 1909]

Ós duine é ‘O H’ nach gcuireann suim i gconradh nó cumann ar bith ach amháin Conradh na Gaeilge, is inmheasta go bhfuil eolas aige ar an teanga agus go bhféadann sé an méad atá anso a thuiscint gan sinne dá aistriú go Béarla na mbodach dó.

Dar le ‘O H’ níorbh fhéidir An Náisiún a shárú ar ghaois nó ar dheise mura mbeadh go dtugtar de ghnáth an iomarca slí do Sinn Féin is do Chumannacht san pháipéar seo. Is geal leis ‘Sinn Féin’ ar a dhóigh féin ach níorbh áil leis Sinn Féin de réir mar a thuigtear é i measc lucht leanúna Uí Ghríofa agus Shuatmann.2 Deir sé go bhfuil imeacht gan filleadh ar an tsaghas sin de ‘Sinn Féin’, ach is ag Dia amháin atá a fhios—níl a fhios ag ‘O H’ nó ag lucht stiúraithe Sinn Féin—cad a tharlóidh in Éirinn i gcaitheamh na mblian atá le teacht: b’fhéidir go n‑éireoidh le Sinn Féin, agus is dealrathach go n‑éireoidh, agus ansin is dócha go dtiocfaidh ‘O H’ amach agus go mbainfidh sé an folach de agus go n‑abróidh sé linn: “Bhíos im’ Shinn Féiní ó thús deireadh.” Ní inseann sé dúinn cad é an chuid de Sinn Féin nach dtaitníonn leis. Deir sé gur mian leis Gaeilge, go gcaitheann sé éadaí Gaelacha, go n‑ólann sé tobac is uisce beatha na hÉireann (nó a chuid féin díobh) agus go gcónaíonn sé in Éirinn—agus ó tharla nach mian leis an UIL, is dócha nach ndiúltaíonn sé do na Feisirí a thabhairt abhaile ó Westminster.3

Maidir le Cumannacht, caithfidh ‘O H’ nó aoinne eile gur maith leis Cumannacht a chur síos [rud] níos tábhachtaí a thabhairt dúinn ina ionad: ní dhéanfaidh sé an gnó a thuairim féin a thabhairt dúinn is gan cur leis.

Is mian le ‘O H’ an teanga a chur ar aghaidh agus a fhóir­leathnadh ar fud na tíre. Bhfuil an teanga ag dul ar aghaidh fé mar is maith le ‘O H’, nó mura bhfuil, cad ina thaobh nach bhfuil? B’fhéidir go dtig liom a rá. Tá difear idir an ghluaiseacht seo na teangan agus aon ghluaiseacht poilitíochta dar cuireadh ar siúl san tír seo riamh: sé sin, aon ghluaiseacht phoilitíochta gur féidir a chur ar bun anso, caithfidh sí a thaispeáint go bhfeabhsóidh sí staid na ndaoine, nó cuid de na daoine. Ní iontuigthe é don chuid is mó de mhuintir na hÉireann go mbéadh saol níos compórdaí aca fé réim na Gaeilge ná atá aca fé réim an Bhéarla. Na daoine atá ag gabháil don Ghaeilge agus go bhfuil meas aca uirthi, is daoine iad go bhfuil a ndóthain d’ollmhaitheas an tsaoil aca cheana. Ní haon mhaitheas dúinn an chéad leabhar de shliocht Uí Ghramhna4 a thaispeáint do dhuine atá ar easpa béile nó do dhuine nárbh fheasach dó cá bhfaigheadh sé lóistín na hoíche.

Sin iad na rudaí a chuireann an Chumannacht roimpi a sholáthar do na daoine ach obair a thabhairt ina n‑éiric. Tá a lán daoine anso in Éirinn toilteanach ar obair a dhéanamh agus gan an obair le fáil. Agus go dtí go mbeidh slí mhaith bheatha ag gach aoinne anso in Éirinn ní bheidh teanga na hÉireann saor ó bhaol báis. Ní féidir slí bheatha a thabhairt do gach aoinne fé réim so na sealbhaíochta príobháideach atá ar bun anois. Caithfidh Cumann­acht a bheith ar bun agus dá cur chun cinn anso in Éirinn sara gcuirfear deireadh le bochtanas nach tuillte agus le hanró nár ghá.

Tá ‘O H’ bréan den bhFrainc, an Fhrainc a bhí ann breis is céad bliain ó shoin is an Fhrainc atá ann fé láthair.

Is mó dream ar fud an domhain gur ceart dóibh a bheith buíoch do mhuintir na Fraince as ucht gur chuireadar críoch le lámh láidir is leatrom Ríthe is Prionsaí, agus de réir mar a thuigimse an scéal, ní móide é ná gur ceart dúinn a bheith buíoch do mhuintir na Fraince dá dtabharfaidís beagáinín comhairle dúinn conas is féidir dúinn comhacht na nEaspag a sheasamh san troid so na Gaeilge.5

PEADAR Ó MAICÍN

An Soiscéalaí S’Againne

[An Náisiún Gaodhlach, 27 Lúnasa 1910]

Ba cheart áthas a bheith ar Ghaela Átha Cliath ar theacht do Shéamas Ó Conghaile ón Oileán Úr.6 Togha Gaeil atá ann a bhfuil eolas cruinn aige ar Éirinn is ar Stair na hÉireann, agus fear é Séamas a thuigeann dála na bhfear oibre in Éirinn go maith.

Is mór an feall é nár thig leis fanacht anso againn tráth a bhí sé inár measc suim aimsire ó shoin ach gurbh éigin dó imeacht as Éirinn. Dá bhféadfaimís Séamas a choinneáil inár measc an babhta so, níor bhaol do chúis na Cumannachta. Rachaidh an chúis chun cinn má fhanann Séamas in Éirinn. Sé an t‑aon fhear amháin é a thuigeann an scéal chomh fada is a théann le muintir na tíre seo. Ní éisteoimid le daoine a deireann linn: “Ó, caith uaibh an ráiméis seo i dtaobh náisiúntachta; caithfidh sibh bhur gcúl a thabhairt le gach aon rud a bhaineann le Caitlín Ní Uallacháin.” Sin iad na daoine is coitianta atá ag spreagadh soiscéal na Cumannachta i mBaile Átha Cliath go háirithe, agus ní nach ionadh, is beag suim a chuireann lucht oibre Átha Cliath ina gcuid cainte, agus mar gheall air sin do theip ortha agus teipfidh ortha an chúis a chur chun cinn. Níor mhar sin do Shéamas, ámh: deireadh sé i gcónaí gcónaí—agus chím de réir an Náisiún go ndeireann sé fós é—go gcaithfimid, mar a dúirt Seán Mistéalach, “a bheith ag smaointiú ar Éirinn ó thús deireadh”.7

Caithfimid a bheith ag smaointiú ar Éirinn is ar mhuintir na hÉireann, díreach mar a smaointíonn Blatchford ar Shasana agus ar mhuintir Shasana, agus pé locht a fhaightear ar Bhlatchford, caithfear a admháil gur duine é a bhfuil grá aige dá mhuintir féin.8 A dhálta siúd do Shéamas Ó Conghaile: tá a chroí sa tír seo agus i muintir na tíre seo. Agus tá sé deimhnitheach de go dteastaíonn uainn an Chumannacht seo chun go mbeidh sonas is só le fáil ag Clanna Gael ina dtír dúchais féin. Aoinne de lucht ‘Éire Ghaelach’ gur ghnáthach leis tarcaisne a thabhairt do Chumannacht, sé mo chomhairle dó, dul ag éisteacht le Séamas. Gheobhaidh sé fios fátha an scéil uaidh sin, geallaim dó; agus sé mo dhóchas go mbeidh Cumannacht na hÉireann ag dul i neart is i dtreise de dheasca óráidí agus saothar Shéamais. Gura fada a mhairfidh sé chun labhairt linn is chun scríobh dúinn.

Teastaíonn leabhraíní uainn a bhaineas le staid na sclábhaithe agus le beatha lucht saothair i gcoitinne sa tír seo, agus sé Séamas an fear a chuirfeadh a leithéid de leabhraíní in eagar dúinn.

PEADAR Ó MAICÍN
Ar Oileán Tóraigh i dTír Chonaill dhom

I gCead na gCumannaithe

[An t‑Éireannach, Deireadh Fóghmhair 1910]

Dá mbéadh a mhalairt de chruth ar ár dtír seachas a bheith faoi chuing chrua na nAllmhúrach níor ghá dhom nó d’aoinne eile leith­scéal na gCumannaithe do ghabháil, ach faoi mar a gheobhfar an scéal faoi láthair, tá orainn a thaispeáint cúis fána ndéanfaimís muintir na hÉireann do roinnt nó do dhealú ó chéile, óir sé an rud é a deir ár naimhde go bhfuil dhá dhéanamh againn.

Ar na daoine bochta atá seasamh chúis Saoirseachta na hÉireann. Ní haon mhaith a bheith ag dréim le cabhair a fháil ó lucht maoine nó ó dhaoine uaisle. Daoine a oibríonn ar a bpáighe lae, sin iad na daoine atá dílis d’Éirinn agus níor cheart a iarraidh ortha siúd cuidiú le haon dream atá ag iarraidh Éire a athógáil ina macasamhail de Shasana, faoi mar a chímid Sasana inniu.

Éire agus rialtas ar leith aici; Éireannaigh saibhre díomhaoine falsa a’ tarraingt fiú an deor dheireanach d’fhuil na nÉireannach bocht a chaithfeas a bheith ag obair dóibh; saighdiúirí an Rialtais Ghaelaigh ag scuabadh den tsráid, le grán is púdar, na hÉireannaigh a dhiúltódh d’oibriú ach ar chothrom páighe. An é siúd an cruth a bheidh ar Éirinn le linn a saortha di—nó an ceart a insint do na daoine roimh ré gurb é atá fúinn ná Stát a chur ar bun in Éirinn a mbeidh cothrom na Féinne dá thabhairt do gach aoinne ann? Más ceart é sin a rá leo, conas a choimhlíonfar an gheallúint sin gan an Chumannacht a bheith ann?

Conas a shocróimís réir an náisiúin ar an gcaoi nach mbeidh sé riachtanach ar na daoine imeacht thar lear chun a mbeatha do thuilleamh? An dtig le Rialtas Gaelach na daoine a choinneáil sa bhaile nuair a loiceann an baile ar a gcothú?

Táimse dá scríobh seo ar bheith dhom ar oileán beag atá ar imeall-bhord na hÉireann, ar an gceann thiar aduaidh.9 Níl rí ná Rialtas ann; níl oiread is pílear ann; sé an sagart an t‑aon chara, an t‑aon treoraí amháin atá ag na daoine. Is beag baint atá ag rialtas Shasana leo, ach tá na daoine óga ag imeacht gach aon bhliain go dtí an Astráil is don Oileán Úr.

Ní thuigim cén chaoi a bhféadfadh Rialtas a bhéadh i lámha Gael aon chosc a chur leis an imirce seo gan an Chumannacht a chur i bhfeidhm.

Inseoidh mé an mhí seo chugainn conas a d’fhéadfadh an Chumannacht na daoine seo d’fheabhsú.10

PEADAR Ó MAICÍN

Nótaí

  1. Freagra a bhí san alt seo ar ‘A Little Blast from Belfast’ le O H, a foilsíodh ar an eagrán roimhe seo den Náisiún Gaodhlach.
  2. Art Ó Gríofa a bhí mar cheannaire ar Shinn Féin, agus bhí an fear gnó Roger Sweetman ina thaca láidir aige sa pháirtí.
  3. Ba é an United Irish League eagraíocht pháirtí an rialtas dúchais. Ba é polasaí Shinn Féin go dtarraingeodh feisirí na hÉireann amach as parlaimint na Breataine le parlaimint neamhspleách a bhunú in Éirinn.
  4. Simple Lessons in Irish le Eoghan Ó Gramhnaigh, sraith leabhrán a raibh an-tóir go deo orthu san am.
  5. Bhí na heaspaig Chaitliceacha agus gluaiseacht na Gaeilge in adharca a chéile faoi éileamh na gluaiseachta go mbeadh eolas ar an nGaeilge riachtanach le dul isteach san Ollscoil Náisiúnta nua.
  6. Bhí Ó Conghaile díreach tar éis filleadh ar Éirinn le camchuairt a thabhairt ar mhaithe leis an ngluaiseacht shóisialach. Bhí sé sna Stáit Aontaithe ó 1903 i leith.
  7. An poblachtóir John Mitchel atá i gceist anseo. Bhí tuairiscí ag An Náisiún Gaodhlach ar óráidí Uí Chonghaile le linn a chamchuairte.
  8. Scríobh Robert Blatchford an leabhar Merrie England, agus bhí sé ina eagarthóir ar The Clarion, páipéar sóisialach i Sasana. Bhí a náisiúnachas Sasanach cáinte ag an Maicíneach san alt ‘As ár stuaim féin, The Harp, Feabhra 1910.
  9. Oileán Thoraí.
  10. Ní raibh aon alt eile ag an Maicíneach ar An t‑Éireannach.