Rogha ban Éireann

Chuir Sinéad Nic Íomhair an cás ar son ceart an ghinmhillte in Eagrán 46 (Nollaig 2011).

Tá rud amháin ann a aontaíonns polaiteoirí na tíre seo ar fad, thuaidh agus theas, ó achan pháirtí. Is é sin gur cheart ceist an ghinmhillte a choinneáil ar an mhéar fhada, ar an mhéar is faide dá bhfuil ann, agus í a bhrú síos níos faide uirthi más féidir. Cibé rud a dhéananns tú, ná dean dada: sin é a mana uilig ar an ábhar seo.

Tá toirmeasc bunreachtúil ar an ghinmhilleadh ó dheas, agus tá sé ionann is dodhéanta ginmhilleadh a fháil ó thuaidh. Ach is cuma caidé an cosc a chuirtear air nó an neamhaird a dhéantar de, ní imeoidh sé. Faigheann na mílte ban Éireannach ginmhilleadh achan bhliain, agus tá sé chomh coitianta ina measc is atá i measc mná aon tíre eile. Is gné choitianta de thaithí saoil mhná na hÉireann é. Is minic a d’éirigh leis an dlí é a dhíbirt chun na gcúlsráideanna, ach níor éirigh le dlí ar bith i dtír ar bith deireadh a chur leis.

Tír a bhfuil seasamh oifigiúil chomh láidir sin in éadan an ghin­mhillte glactha aici, bheadh duine ag súil go ndéanfadh sí a díchealt le déanamh cinnte nach dtarlódh toircheas gan choinne. Bheadh frith­ghiniúint ar fáil saor in aisce, chomh maith le hoideachas cuimsitheach oscailte collaíochta sna scoltacha. Bheadh achan tacaíocht le fáil ag máithreacha go réidh, cúram leanaí is eile. Ach níl, agus nach aisteach gurb iad na daoine is glóraí in éadan an ghinmhillte is mó a chuireanns in éadan a leithéide?

Deir lucht frithghinmhillte go ndéanann ginmhilleadh dochar millteanach do bhean agus go mbíonn aiféala an domhain uirthi ina dhiaidh. Níl aon obráid ann nach mbaineann contúirt inteacht léi, leoga, ach níl fianaise leighis ar bith ann go bhfágann ginmhilleadh máchail sláinte ar bhean. Nuair a dhéantar dochar dá meon, is mó a bhaineanns sin leis an chiapadh uathu siúd a thabharfadh dún­mharfóir uirthi. Ar ndóighe, tá mná a mbíonn aiféala orthu i ndiaidh ginmhillte, ach bíonn aiféala ar a lán ban de bharr páistí a bheith acu —ar an dea-uair, áfach, níl aon duine ag iarraidh é sin a chosc orthu.

Is doiligh an cinneadh é ginmhilleadh a fháil, ach is é an buille gurb í an bhean féin an duine ceart leis an chinneadh sin a dhéanamh. Thig léi comhairle a ghlacadh ó dhuine ar bith, ach ní ceart go ndéanfadh duine ar bith eile an cinneadh di, fear céile, sagart, polaiteoir ná eile. Cosúil le haon chinneadh eile, tá seans ann nach ndéanfaidh sí an rogha cheart, ach is í a rogha sise í ar deireadh.

Níl smacht ag bean ar a corp féin mura dtig léi a roghnú di féin an mbeidh leanbh aici nó cén uair a mbeidh leanbh aici. Caidé an saol atá aici agus bagairt ann go mbeidh uirthi leanbh a thabhairt ar an saol in éadan a tola? Athrú millteanach a dhéananns toircheas ar bhean, ar a corp is a saol uilig, athrú nach cóir a bhrú uirthi dá hainneoin féin. Ní fiú a bheith ag caint ar chomhionannas na mban mura mbíonn an buncheart sin aici, ceannas ar a torthúlacht féin.

Nach bhfuil ceart ag an leanbh sa bhroinn, áfach? Ní duine é ach suth go dtugann an bhean ar an saol é. Tá an suth sin ag brath go huile is go hiomlán uirthise agus uirthise amháin le cothú a fháil. Is cuid di féin é i ndáiríre, agus ní féidir é a chur ar comhcheart leis an bhean gan a daonnacht a bhaint di. Nuair a dhéantar sin, níl inti ach soitheach le leanbh a iompar, broinn ar a cosa, gan aici ach beatha bhitheolaíoch seachas saol daonna.

Tá fimíneacht bhunúsach ag baint leis an chuid is mó den díospóireacht ar cheist an ghinmhillte. Iad siúd a chuireanns cosc ar an ghinmhilleadh in Éirinn, tá áthas an domhain orthu go bhfuil sé ar fáil forleathan go leor i Sasain. Ní miste leo ar scor ar bith go bhfuil na mílte ban Éireannach ag fáil ginmhilleadh, chomh fada is a imíonns siad thar lear lena fháil. An rud nach bhfeiceann a súil, ní ghoilleann sé ar a gcroí, agus is mór an faoiseamh dóbhtha go dtig leofa an fhadhb a easportáil. Thug 5,503 bean seoladh in Éirinn agus ginmhilleadh á fháil acu sa Bhreatain anuraidh, agus níl mná a thug seoladh carad nó gaoil thall san áireamh ansin, ná mná a chuaigh don Ísiltír nó tír inteacht eile.

Is é toradh an heasportála seo go gcuirtear go mór leis an bhuairt a bhíonns ar bhean atá ag iompar in éadan a tola. In áit ginmhilleadh a fháil ina hospidéal áitiúil, bíonn uirthi na céadta a bhailiú ar dhóigh inteacht, aistear thar lear a eagrú, roinnt laethe a ghlacadh saor ón obair, rud deacair a dhéanamh níos deacra fós, leis an ghinmhilleadh céanna a fháil. Dá bhoichte í, is amhlaidh is measa a chuireanns an costas breise isteach uirthi. Fágann sé seo gur ceist don aicme oibre go háirid í ceist an ghinmhillte in Éirinn, mar baineann fáil air go dlúth le stádas aicmeach na mná.

Dá mbeadh naimhde an ghinmhillte ionraic, bheadh siad ag gníomhú in éadan na heasportála seo. Más fíor dóbhtha siúd, is ionann ginmhilleadh agus dúnmharú. Má chreideann siad i ndáiríre go bhfuil cúig mhíle Éireannach á marú ag an chóras sláinte thall achan bhliain, cad chuige nach bhfuil siad ag iarraidh rialtas na Breataine a chúisiú os comhair na Náisiún Aontaithe? Cad chuige nach bhfuil siad ag éiliú ar na Gardaí mná a stopadh ag gach calafort is aerfort go gcruthaítear nach bhfuil siad páirteach sa sléacht seo? An é go bhfuil eagla orthu go dtaispeánfadh gníomhartha mar sin—atá loighciúil óna seasamh siúd—cé chomh héagórach is atá an clár oibre s’acu?

Agus is scanrúil an clár oibre é sin. Dar leofa, tá an suth ina dhuine a luaithe is a theangmhaíonns speirm le hubh, agus an ceart céanna aige is atá ag duine ar bith eile. Is mian leofa achan cheart de chuid na mná a shéanadh ar mhaithe leis an suth sin. Fiú nuair nach bhfuil seans dá laghad ag an suth sin mairstin—i gcás aineinceifealachta, mar shampla—cuireann siad iachall ar an bhean a dhul ar aghaidh leis. Tá dochtúirí ag aimsiú leigheas ar ghalair is gortuithe tromchúiseacha le gaschealla, ach tá ‘lucht cosanta na beatha’ ar a ndíchealt ag iarraidh an léas úr seo ar a saol a choinneáil ó dhaoine, mar is mó leofa ceart na gceall.

Caidé a cheapanns na bunchreidmhigh Chaitliceacha seo fán líon ard toircheas a dtagann deireadh nádúrtha leofa? Cailltear an bhreith go hanaibí i gcuid an-mhór díobhtha, thart ar 40%, meastar. Dar leis an Chríostaí bunchreidmheach, ní timpiste atá anseo nó rud a bhfuil míniú ag lucht leighis air, ach toil Dé. Más é toil Dé é an oiread sin ginte a mhilleadh achan lá, is é Dia an ginmhillteoir is mó da bhfuil ann.

Tá neart Caitliceach ann nach nglacann le teagasc a n‑eaglaise ar an ghinmhilleadh, ar ndóighe, agus tá diagairí Caitliceacha, fiú, a áitíonns go bhfuil an teagasc sin ag teacht salach ar an charthanacht ba chóir a bheith i gcroí a gcreidimh. Ach ní bheadh easpa an ghin­mhillte leath chomh daingean mura mbeadh smacht na heaglaise sin. Tugann scoltacha Caitliceacha ardán do lucht ginmhillte le bolscaireacht bhréagach uafáis a bhrú ar dhaltaí, agus cuireann ‘coistí eitice’ prionsabail reiligiúin chun tosaigh ar phrionsabail leighis i reachtáil ospidéal Caitliceach.

Na daoine a thacaíonn le reifrinn chun cosaint bhunreachtúil a thabhairt don leanbh sa bhroinn, mar a thuganns siad air, bíonn siad glan in éadan aon reifreann chun cosaint bhunreachtúil a thabhairt do leanaí taobh amuigh den bhroinn. A luaithe is a thaganns leanbh ar an saol, ní spéis leofa a thuilleadh é nó í. Agus muid ag cur ar son ceart na mban gan leanaí a bheith acu, ba chóir dúinn a bheith chomh láidir céanna ag cur ar son ceart na mban ar mian leo leanaí a bheith acu.

Bheadh an bheatha á cosaint i gceart againn dá dtiocfadh le mná a bheith ina máithreacha gan a bheith thíos leis, gan dochar ar bith dá slí bheatha, dá dteacht isteach, dá gcuid oideachais. Ba chóir go mbeadh níos mó ná leathbhliain ghortach mar shaoire máithreachais acu, agus ba chóir saoire a bheith ag athracha chomh maith le páirt a ghlacadh i dtógáil an linbh. Ba cheart go mbeadh naíonraí agus cúram leanaí ar fáil ar chostas an stáit. Tá mionrudaí eile, ach rudaí tábhachtacha, de dhíth, cosúil le córas iompair is áiseanna eile a d’fháilteodh roimh pháistí seachas bac a chur rompu. Níl na riachtanais seo ann do mhná a bhfuil páistí acu, agus tá feachtais leis an mhéid seo is tuilleadh a bhaint amach mar chuid den troid le rogha cheart a bheith acu i gcúrsaí máithreachais.

Is seamsán rialta é ‘nach bhfuil duine ar bith ag iarraidh ginmhilleadh in Éirinn’, ach seamsán bréagach. De réir pobalbhreith anuraidh, níl ach 3% den phobal in éadan ginmhilleadh in achan chás. Tá 41% i bhfabhar ginmhilleadh a bheith ar fáil nuair a cheapanns an bhean gur chun a leasa féin nó leas a muintire é. Tá lear mór daoine idir eatarthu sin: 78% i bhfabhar é a bheith ar fáil i gcás éigniú nó drochíde, 79% agus bagairt do shláinte na mná ann, 87% agus a beatha i mbaol.

Tá líon na ndaoine atá ar son rogha na mná i bhfad níos mó ná a chreidtear, agus líon na ndaoine atá glan ina héadan i bhfad níos lú. Daoine a ghlacanns leis an rogha i gcruachásanna áiride, tá siad ag rá i ndáiríre go bhfuil i bhfad níos mó ná beatha fhisiceach amháin ag dul do bhean, go bhfuil saol slán cuimsitheach de cheart aici, agus go dtagann an ceart sin roimh cibé éiliú atá ag an suth. Tá an-chuid daoine ann a bhfuil fadhb acu leis an ghinmhilleadh mar choincheap teibí, ach a aithníonns an gá leis nuair a chuirtear fíorchásanna chucu.

Thig linn an argóint ar son ceart an ghinmhillte a bhuachan má chuireann muid chun tosaigh í ar dhóigh stuama, ag labhairt go neamhbhalbh le daoine agus ag gearradh tríd an fhimíneacht. Tá sé in am againn éirí as an chosc is an cheilt ar an cheist seo. Is í an rogha an réiteach.

Gluaiseacht na saoirse

Phléigh Sinéad Nic Íomhair cás na dteifeach ag bogadh chun na hEorpa, agus doicheall an chórais rompu , in Eagrán 62 (Nollaig 2015) .

Caidé a thug an nath “géarchéim na dteifeach” chuig barr achan mheán cumarsáide an samhradh seo a chuaigh thart? Bhí na milliúin teifeach ar domhan, cinnte, ach ní nuaíocht ar bith é sin. Is é an rud úr a tharlaigh i mbliana nach raibh na teifigh seo sásta fanacht ciúin san áit a raibh siad go mbeadh lucht na cumhachta ullamh rud inteacht a dhéanamh ar a son. Ina ionad sin, rug siad greim ar a gcinniúint féin. D’fhág siad na campaí ina ndiaidh, agus thug siad fá réiteach a fháil ar a gcruachás. Bhog siad go dtí áit a dtiocfadh leofa saol níos fearr a fháil, agus ba sin an ghéarchéim nach raibh an córas in ann aici.

Thógfadh sé do chroí a bheith ag amharc ar na scórtha teifeach ag leagan na gclaíocha a sheas sa bhealach orthu, ag rith fríd na teorainneacha a tarraingíodh lena gcoinneáil amach, agus gan neart ar bith ag saighdiúirí is gardaí air. Ba chuma caidé a rinne na húdaráis le bac a chur rompu, d’éirigh le daoine é a shárú. Ní ábhar trua a bhí sna daoine seo a thuilleadh, íospartaigh ag fulaingt, ach daoine a bhí ag iarraidh a bhfuascailt féin a bhaint amach, cibé rialacha a bhí le briseadh acu. Gluaiseacht saoirse a bhí ann.

Cad chuige a bhfuil an oiread sin teifeach ann? Mar go bhfuil an córas caipitleach ag milleadh an domhain ar a dhícheall. Brabach is bun agus barr leis mar chóras, agus le blianta beaga ní thig leis an méid céanna brabaigh a bhaint. Go deimhin, is fadhb é sin a bhuaileann an córas céanna go rialta, agus fiú nuair atá airgead millteanach á charnú aige, ní bhíonn sé ach ag cothú trioblóide dó féin san am le teacht.

Le fada an lá, tá an chogaíocht ar na freagraí is fearr leis an chóras seo ar a chuid géarchéimeanna féin. Nuair nach bhfuil an oiread céanna creiche le fáil ag na gadaithe, titeann siad amach fán dóigh is ceart í a roinnt eatarthu. Tugann na stáit is cumhachtaí iarraidh fá thíortha eile a thabhairt fána smacht, go díreach nó go neamh­dhíreach. Ma thagann sin salach ar chumhacht eile, is é an claíomh—nó na buamaí ollscriosta, ba chirte a rá—a shocraíonn an t‑aighneas. Ar ndóiche, aon phobal nach bhfuil sásta luí fá thiarnas ollchumhachta, bíonn lámh láidir an impiriúlachais ann i dtólamh agus fonn uirthi iad a chur fá chois.

Le deireanas tá saint an chórais ag gabháil thar fóir. Tá acmhainní nádúrtha an domhain á n‑ídiú aige, agus na rudaí a choinníonn an córas ag imeacht ag gabháil i laghad. Dá bharr sin, is géire fós an iomaíocht ar son an mhéid atá fágtha. Déanann seo díobháil as cuimse don domhan féin, ag cur na haeráide as a riocht agus ag milleadh na dtimpeallachtaí a mbraitheann muid orthu le bheith beo.

Cúlú eacnamaíochta, cogaíocht, géarchéim timpeallachta: is tubaist ceann ar bith acu seo ina aonar, ach nuair a chuirtear le chéile iad, tá an saol ina dhiabhal. Fágtar daoine gan dóchas, gan dadaidh i ndán daofa, agus ní hionadh go ndéanann siad a ndícheall bogadh chuig áit inteacht eile ina mbeidh seans níos fearr acu, b’fhéidir. Tá an cine daonna á dhéanamh seo chomh fada is atá an cine daonna ann. Is cuid dár ndúchas é, agus níl fál go haer a thig le rialtas ar bith a thógáil a stopfas é.

Is cruthúnas beo ar anchás na ndaoine seo go raibh na mílte acu ullamh a ghabháil sa tseans ar bhádaí beaga contúirteacha plódaithe trasna na Meánmhara le héalú uaidh. Fuair corradh le trí mhíle acu fód a mbáis sa mhuir chéanna anuraidh, ar mhacasamhail na linne seo de longa báis an ghorta mhóir s’againne. Ní thugann duine ar bith fá aistear den chineál sin ar mhaithe le spraoi.

Agus ba leor imirce seo an tsamhraidh leis an Eoraip a chur bun os cionn ar fad. Tionóladh cruinnithe éigeandála ar mhuin a chéile le gabháil i ngleic leis an fhadhb uafásach seo—agus níorbh í staid na ndaoine seo an fhadhb, ach a mhéid a bhí siad ag cur isteach ar fheidhmiú an chórais. Neartaíodh teorainneacha agus lucht a bhfaire, na milliúin á gcaitheamh le Dún na hEorpa a chosaint ar na sluaite isteach. Nach trua nach ngníomhóidís chomh gasta céanna fán athrú aeráide, fán bhochtanas, nó ceann ar bith eile de na fíorfhadhbanna atá ag crá an domhain?

Chuir siad an milleán ar na gáinneálaithe. Is cinnte gur suarach é a gceird, ag teacht i dtír ar dhaoine dealbha, ag baint airgid díofa le iad a thabhairt ar aistear contúirteach, gan a bheith cinnte go mbainfear an ceann scríbe amach ar scor ar bith. Ach is iad stáit na hEorpa na cairde is fearr atá ag an lucht gáinneála. Murach na coscanna a chuireann stáit leis an imirce, ní bheadh gnó ar bith ag na gáinneálaithe, agus achan uair a dhaingníonn siad a gcuid teorainneacha, méadaítear ar an airgead fola a bhaineann siad as daoine san fhaopach.

Is é an fhírinne nach mallacht ach beannacht don Eoraip í an imirce. Ní gá d’Éireannaigh ach amharc ar ár dtaithí féin anseo. Caidé an córas iompair a bheadh le fáil sa Bhreatain murach imircigh ó Éirinn a thóg bóithre agus tolláin daofa? Tá fíor-dhrochdhóigh ar chóras leighis na hÉireann, ach thitfeadh sé as a chéile roimh mhaidin gan na dochtúirí is banaltraí as tíortha eile atá ag obair ann. Ní easpa spáis ach easpa daoine atá ag cur ar an Eoraip, agus an daonra s’againn féin fós dhá mhilliún faoi bhun an daonra roimh an ghorta mór.

Ní ualach ar thír iad lucht inimirce, cé go ndéantar ualach díofa nuair a cheiltear comhchearta orthu. Má chuirtear cosc orthu a bheith ag obair, má choinnítear i gcampaí nó ionaid ar leith iad, is doiligh daofa aon pháirt a ghlacadh i saol na tíre. Ach má ligtear daofa obair a dhéanamh, ar an pháidhe agus na coinníollacha céanna le achan duine eile, thig leo comaoin a chur ar an tír, cuidiú le seirbhísí  agus earraí riachtanacha a chur ar fáil. Agus is feabhas ar thír ar bith dathanna úra a chur lena tuar ceatha, cultúir nua a chuireann le héagsúlacht an tsaoil. In Éirinn, tá monaplacht an Bhéarla briste ag teangacha eile, rud a thugann áiméar níos fearr don Ghaeilge féin.

Tuigeann caipitlithe na hEorpa go mbeidh an imirce de dhíth orthu féin, nó beidh ganntanas oibrithe orthu roimh i bhfad eile. Cad chuige a ndoicheall, mar sin? Teastaíonn na hoibrithe uathu, ach teastaíonn uathu srian a chur leo agus lena gcearta, beagán a ligean isteach ó uair go chéile agus iad ar chearta níos lú ná daoine eile. Ansin thig leo úsáid a bhaint astu mar fhoireann oibre ar pháidhe níos measa agus coinníollacha níos measa, le méadú ar a mbrabach agus ding a chur san aicme oibre. Má sheasann siad air gur fadhb atá sna hinimircigh seo, baol dár sibhialtacht, b’fhéidir go scoiltfidh siad a thuilleadh fós muid. Is é an seanchleas céanna ó impireacht na Róimhe anall é: roinnt agus rialú.

Is cuid den iarracht seo polasaí na hEorpa maidir le cuótaí teifeach a leagan síos. Ba cheart go mbeadh cead ag daoine a ghabháil chuig cibé tír is mian leofa, agus go mbeadh achan tír sásta fáiltiú rompu. Ba ghránna an dóigh a raibh airí Éireannacha ag diúltú glacadh le daoine go mb’éigean daofa, agus ansin féin ní raibh san fhigiúr a luaigh siad ach sprioc fhadtréimhseach a dtiocfadh leis a bheith fíor nó bréagach i gcionn na mblianta fada. An méid sin féin, bhí brú de dhíth lena bhaint astu, ó phobal ar mó go mór a mbá le teifigh ná a bhí ag rialtas a bhfuil dualgas ón dlí idirnáisiúnta air tearmann a thabhairt daofa.

Lena chois sin, ní mar theifigh a ligfear isteach iad ach mar dhídeanaithe. Beidh cosc orthu a bheith ag obair nó ag staidéar, ach cead acu iarratas a dhéanamh fanacht in Éirinn. Córas claon a thabharfas breith ar an iarratas sin, córas a dhiúltaíonn os cionn 90% de na hiarratais mar atá. Idir an dá linn, is é an “soláthar díreach” atá i ndán daofa, beatha gan dóchas in ionaid gan mhaith.

Tá an córas dídine sin in ainm is aithint idir teifeach polaitíochta agus imirceach eacnamaíochta. Le fírinne, is déistineach an deighilt bhréige é. Cá bhfuil an líne le tarraingt idir polaitíocht agus eacnamaíocht? Nuair nach mbíonn saol ceart le fáil ag daoine ina dtír féin, meascán de theip pholaitiúil agus eacnamaíochta is cúis leis i gcónaí. Ba cheart go mbeadh bealach amach ag daoine ón bhochtanas, ón chos ar bolg, nó ón dá rud le chéile.

Ar ndóiche, níl inimircigh de dhíth ó chiníochas na hÉireann, nó tá sé sásta fuath a léiriú do phobal dúchasach fosta: an lucht siúil. Níl sé i bhfad ó fuair deichniúr acu bás i gCarraig Mhaighin a bhuíochas ar dhrochstaid na n‑áiteanna cónaithe a gcaithfidh siad cur suas leofa. Nuair a rinneadh iarracht malairt áit chónaithe a chur ar fáil do dhaoine a tháinig slán ón dóiteán, chuir pobal socraithe an cheantair a gcuid carranna mar bhac rompu. In áit iad a ghabháil agus a gcarranna a tharraingt ar shiúl, tugadh cuireadh daofa an scéal a phlé leis an chomhairle condae, agus labhair an Taoiseach féin leofa. Fuair siad a mhian ar deireadh nuair a lonnaíodh na daoine ar iar-dhumpa gan córas ceart séarachais. Níl ann ach giota eile den leatrom atá á imirt ar an lucht siúil in Éirinn leis na blianta.

Nuair atá deireadh ráite, nach eachtrannaigh muid uilig? Má théann muid siar, gheobhaidh achan duine againn Lochlannach nó Normannach nó Cromaileach inteacht ar ár sinsir. Fonn gabhála a thug iad siúd go hÉirinn, ach níl d’fhonn ar inimiricigh an lae inniu ach maireachtáil anseo mar chomharsana. Tá dualgas orainn a chinntiú go dtiocfaidh leofa sin a dhéanamh, agus na cearta céanna acu is atá ag achan duine eile. Má dhéanann muid sin, is láidre a bheas muid le chéile agus is fearrde a bheas muid in ann cearta eile fós a bhaint amach dúinn uilig, agus aghaidh a thabhairt ar an fhíor­namhaid: an aicme brabúsóirí a mhillfeas ár ndomhan an fad a fhágtar i gceannas air iad.

Níl leigheas ar an chrá ach pósadh

In Eagrán 58 (Nollaig 2014) phléigh Sinéad Nic Íomhair cuid de na ceisteanna a bhain leis an reifreann ar chomhionannas pósta a bhí geallta.

Ba rud mór ag na Gaeil le fada é pósadh cothrom a dhéanamh. Beidh reifreann ar siúl go gairid a chuirfeas ar ár gcumas pósadh cothrom a chur ar bun fá dheireadh, pósadh a bheas ar fáil d’aon bheirt a bhfuil fonn orthu a bheith in éineacht. Céim eile a bheas ann i dtreo saol nach gcuirfidh cos ar bholg daoine i ngeall ar a gcuid collaíochta.

Níl call dáiríre le reifreann, ar ndóigh. Áit ar bith a luaitear an pósadh i mbunreacht na sé chondae fichead, níl dada ag rá gur fear agus bean amháin atá i gceist leis. I ndlí an stáit atá an t‑idirdhealú sin le fáil, san Acht um Chlárú Sibhialta 2004. Ba leor Alt 2(2)(e) den acht sin a aisghairm, seacht bhfocailín a bhaint as, le cead a thabhairt do dhaoine atá ar aon inscne pósadh. Ach tá Teach Laighean lán go béal le liobrálaithe gan chnámh droma, polaiteoirí ar dual dóibh fadhbanna a chur ar an mhéar fhada—ach amháin fadhbanna atá ag cur as do dhaoine saibhre, a réitítear thar oíche le reachtaíocht éigeandála más gá. Scór bliain i ndiaidh Cás X a thóg sé orthu dlí ginmhillte a thabhairt isteach, agus an uair sin féin níor leigheas ar bith é ag na mílte ban a chaithfeas a ghabháil thar lear le haghaidh rud ba chóir a bheith ar fáil daofa anseo. Faichill a dtóna féin is bun lena reifreann, iad ag gabháil i bhfolach ón chás a réiteach iad féin.

Ach bíodh acu: tá reifreann chugainn, agus níl fáth ar bith nach mbuafadh muid go réidh é. De réir sraith pobalbhreitheanna, tá trí cheathrú den phobal sásta an pósadh cothrom a thabhairt isteach. Is annamh a chastar an hómafóibe ghlan ort ar na saolta seo, duine a déarfadh amach nach cóir comhchearta a bheith ag daoine hómaighnéasacha.

Go deimhin, bíonn na hómafóbaigh féin ag séanadh na hómafóibe anois. Tá sparán mór ag cuid acu, agus é méadaithe ag meatacháin shuaracha in RTÉ nach raibh iontu an fód a sheasamh ar son saoirse díospóireachta. Ná baintear a ainm den bhairneach, áfach: hómafóibe is bun leis na hargóintí in éadan cead pósta a bheith ag daoine aeracha. Nuair a deir siad nár cheart sainmhíniú an phósta a athrú, tá siad ag rá nár cheart na hómaighnéasaigh a ligean isteach ann. Nuair a deir siad go mba cheart don phósadh a bheith ina institiúid speisialta, tá siad ag rá go dtruailleofaí é dá mbeadh sé ar fáil do hómaighnéasaigh. Nuair a deir siad nach é leas na bpáistí é, tá siad ag maíomh gur dochar do pháiste a bheith in aice le hómaighnéasach.

Domlas mailíseach atá á chur amach acu, agus is é an chuid is measa den scéal go dtabharfaidh an reifreann ardán eile daofa lena gcuid nimhe a spré. Cé go bhfuil titim an-mhór ar a gcuid tacaíochta, tá neart airgid sa bhanc agus cairde sa chúirt acu fós. Caithfear an deis seo is achan deis eile a thapú le buille eile fós a bhualadh orthu. Is hómafóibe é comhchearta a cheilt ar dhaoine de bharr a gcollaíochta, agus ní mór an scéal sin a chur abhaile.

Ar ndóigh, tá sainmhíniú an phósta athraithe go minic. Bhí lá ann agus ní thiocfadh leat pósadh gan bliain is fiche a bheith sáraithe agat. Ba chiallmhaire go mór an argóint go bhfuil 18 mbliana ró-óg le pósadh ná aon argóint in éadan pósadh aerach. Go dtí le deireanas, ba ionann pósadh agus a ghabháil fá chuing bhuan, ach anois is féidir pósadh a scaoileadh—más le stró rómhór é, stró a chuireann leis an bhuairt a leanann de chliseadh caidrimh go minic. Ba mhó go mór d’athrú iad laghdú na haoise agus teacht an cholscartha ná an leasú atá i gceist anois, an leasú a chuireann olc mór orthu siúd atá ag impí go mbeadh a dteastas pósta ina chruthúnas heitrighnéasachais.

Is cleas eile acu a rá nach bhfuil aon chall leis an phósadh aon inscne, tharla go bhfuil an pháirtnéireacht shibhialta ar fáil. Na daoine céanna a chuir a mbundúin Chríostaí amach le cinntiú nach mbeadh an pháirtnéaracht shibhialta ar fáil agus an dlí sin á thabhairt isteach, tá siad ag gabháil ar a scáth anois leis an phósadh cothrom a chosc. Ach ní hionann iad ar chor ar bith. Tá na scórtha difríochtaí aimsithe ag lucht dlí, cearta bunúsacha atá ag daoine pósta nach bhfuil ag páirtnéirí sibhialta. Agus is minic a admhaíonn naimhde an chomh­ionannais gurb éard atá uathu, nach mbeadh ainm an phósta ar chaidreamh hómaighnéasach. Ba chuma lena lán acu cad é a thabharfaí air nó cé na cearta a ghabhfadh leis, a fhad is nach n‑ionannaítear leis an phósadh é. Sin é go díreach an fáth nach mór an t‑éitheach a thabhairt dóibh: le daoine aeracha a thabhairt ar comhchéim go hiomlán le daoine heitrighnéasacha, leis an rian is lú de stádas níos ísle a bhaint díofa.

Níl aon rud ‘nádúrtha’ fán phósadh: is rud é a tháinig ar an saol, atá ag athrú in imeacht na staire, agus a ghlacfas cruthanna eile amach anseo mura n‑imíonn sé as uilig. Ní grá ná rómánsaíocht is foinse dó, ach sealúchas. Nuair a bhí talamh nó saibhreas príobháideach á chruinniú, theastaigh ó lucht a chruinnithe a bheith cinnte gur ag a gclann féin amháin a d’fhágfaidís é. Nuair a cuireadh an monagamas i bhfeidhm ar na mná chuige seo, leag an pósadh buanchruth dlí ar an nós sóisialta, agus séala níos daingne ar an sealúchas príobháideach.

Is gné de dhul chun cinn na staire é go bhfuil an pósadh á chlaonadh ó chonradh sealúchais go dtí compánachas daonna le deireanas. Níos mó ná mar a bhíodh, thig le daoine pósadh nó gan pósadh mar is toil leofa, clann a bheith acu gan pósadh, socrú síos le daoine agus scaradh leofa mar is fearr leofa féin é. Níl an t‑aistear sin críochnaithe ná baol air. Tá cuid mhór daoine nach ligeann faitíos fá chúrsaí airgid, tithíochta agus eile daofa éirí as pósadh cliste, mar shampla. Ach beidh an pósadh aerach ina chéim mhór eile ar an bhóthar. Dearbhóidh sé tuilleadh nach ionann pósadh agus giniúint, gur féidir an dá rud sin a dhealú óna chéile, agus a shocrú de réir breith na ndaoine féin a bhíonn i gceist, gan an stát a bheith ag bualadh múnla fá leith anuas orthu.

Tá daoine a deir nár chóir don eite chlé bacadh le ceist mar seo. Tá ár ndóthain ar ár n‑aire, dar leo, ag cur in aghaidh ciorruithe, táillí agus a leithéid, gan am is fuinneamh a chaitheamh le ceist mar seo nach mbaineann le bunfhadhbanna an aicme oibre. Ach ba dhiachta don dream seo níos lú den cheart a bheith acu.

Nuair a labhrann muid fá dhaoine aeracha, is cuid den aicme seo againne atá i gceist, cuid a bhfuil ualach breise leatroim le n‑iompar acu i dteannta na héagóra is dán d’oibrithe i gcoitinne. Agus cuireann an leatrom breise seo leis na fadhbanna a bhíonn rompu mar oibrithe. Mura dtig leat, cuir i gcás, post múinteora a fháil nó a bhuanú mar gheall ar chráifeachas hómafóbach bhainisteoirí na scoile, aireoidh tú sin i do phóca agus i do shaol trí chéile. Nó má choisceann an hómafóbachas céanna agus a thionchar ar dhaltaí páirt iomlán a ghlacadh i saol na scoile, féadfaidh a thoradh sin dochar a dhéanamh dá gcuid oideachais agus dá mbeatha.

Nuair a thugtar leadradh do dhaoine ag siúl i ngreim láimhe de bhrí gur d’aon inscne iad, tá an oiread dualgais orainn troid ina éadan sin agus atá orainn troid in aghaidh an Gharda a thugann leadradh do stailceoir ar líne picéid. Is cuma sa mhí-ádh mór cén aicme lena mbaineann siad, mar is cúrsa oinigh don aicme oibre é seasamh gualainn ar ghualainn le achan dream atá fá chois. Is fíor fós do Leinin nach ceardchumannaí cúng ach curadh an phobail atá sa sóisialaí, duine a thugann dúshlán gach leatrom mar chuid de choimhlint leathan in éadan an chaipitleachais. Is fánach dúinn a bheith ag caint ar shaol sóisialach mura saol é a chuirfeas deireadh le gach cineál daoirse in éineacht le bundaoirse an oibrí féin.

Agus beidh saol mar sin de dhíth chun deireadh a chur leis an daoirse. Is suarach an beart é ag go leor den ghluaiseacht aerach glacadh le nead bheag taobh istigh den chaipitleachas. Is nead é atá bunaithe ar gheilleagar aerach, lucht gnótha ag cnuasach bonn bán­dearg ina gcuid scipéad. Dar leis an ghrúpa feachtais MarriagEquality, bheadh sé “good for foreign investment” dá gceadófaí póstaí aeracha in Éirinn: “It leads to better productivity… The ‘business case’ for civil marriage equality is well recognised by major US and inter­national companies.” Luann siad liosta díofa, go fiú: Amazon, Starbucks, Ben & Jerry’s, Microsoft, Google… cad chuige a mbeadh beann ar bith againn ar a ndearcadh siúd? Nár chóra an cháin ar fad atá seachanta acu a lorg uathu sula lorgfaí a mbarúil ar an cheist seo? Is é an mallacht atá orainn go bhfuil ár saol á rialú de réir mar a fheileann do bhrabach na n‑ollchomhlachtaí seo: ní argóint ar bith ar son pósadh cothrom é go bhfuil sé ag teacht lena mianta siadsan.

Ná ní haon argóint é seo acu:

marriage is good for people… it keeps couples together and families together. It is accepted by the majority of people as good for society e.g. the family unit looks after itself, takes on a caring role for the members of that family and therefore is less dependent on the State for support.

Tá an pósadh go maith do dhaoine pósta atá ag iarraidh a bheith pósta. Leofa féin amháin a bhaineann sé, agus níor cheart d’aon ‘sochaí’ a ladar a chur isteach ar son nó in éadan an phósta. Ní maith ar chor ar bith an teaghlach a bheith ina aonad iata fá leith, rud a chaitheann ualach rómhór ar thuistí is cúramóirí. Ba cheart go mbeadh muid ar fad ag baint taca as an phobal, ag roinnt na hoibre mar fhreagracht shóisialta. Deir MarriagEquality go dtugann an bun­reacht cosaint ar leith don teaghlach atá bunaithe ar phósadh: “This means that other families… do not have this special, elevated and protected status in Irish law.” Sea, ach ba cheart é sin a athrú agus an chosaint chéanna a thabhairt do chách, pósta nó neamhphósta, seachas an chosaint chlaonta a leathnú amach de bheagán.

Cuid acu siúd ag cur ar son ceart pósta do dhaoine aeracha, is aisteach an cás atá siad a dhéanamh. Le fada an lá in Éirinn, tá cineál amháin teaghlaigh á chur chun cinn mar mhúnla, agus teir ar dhaoine nach bhfuil san áireamh seo, daoine nach gcloíonn leis an bharr­shamhail oifigiúil. Seachas é sin a athrú, táthar ag glacadh leis an bharrshamhail sin ach ag rá nach ndéanfaidh sé aon dochar daoine aeracha a ghlacann léi a ligean isteach sa chlub.

Ach sin é an buille: caithfear an scothchlub seo a leagan, in áit a chuid rialacha a dhéanamh níos liobrálaí. Bíodh cead pósta ag daoine a bhfuil sé uathu, ach ná cuirtear an saol pósta ar chéim is airde ná aon chaidreamh eile. Ba cheart ligean do dhaoine a dtoil féin a dhéanamh le chéile, cibé bealach is áil leofa féin nach gcuireann isteach ar dhaoine eile. Níor chóir aon chreat a leagan síos, aon fhábhar sóisialta ná pribhléid dlí a thabhairt do dhaoine a mhaireann dá réir. Bheadh muid níos sona mar phobal agus an pobal bunaithe ar shonas gach duine de. Aisling inteacht mar sin a spreag na glúnta daoine aeracha a throid go calma ar son cearta agus fuascailte. Más múchta atá sí faoi láthair, tá ag an sóisialachas an aisling sin a choinneáil in airde le linn an reifrinn seo chugainn agus na gcathanna go léir a thiocfas ina dhiaidh.

An teaghlach naofa?

In Eagrán 44 (Meitheamh 2011) thug Sinéad Nic Íomhair amharc ar ionad an teaghlaigh sa saol caipitleach.

1°   Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.
2°   Ós é an Teaghlach is fotha riachtanach don ord chomh­dhaonnach agus ós éigeantach é do leas an Náisiúin agus an Stáit, ráthaíonn an Stát comhshuíomh agus údarás an Teaghlaigh a chaomhnú.

Sin agat Airteagal 41.1 de Bhunreacht na hÉireann, cruthúnas soiléir go bhfuil meas millteanach ag ár rialtóirí ar an teaghlach, go ndéanfaidh siad a ndíchealt i dtólamh an tseoid bhreá seo a chosaint. Ach ní thig leat stát a mheas de réir a bhunreachta, ach an oiread is a thig leat leabhar a mheas de réir a chlúdaigh. Is leor amharc gasta ar an scéal le tuigbheáil nach bhfuil anseo ach babhta eile fimíneachta dá gcuid.

Cá mhéad teaghlach atá briste suas ag an eisimirce atá mar thoradh riachtanach ar pholasaithe na mbocanna móra atá i gceannas orainn? Cá mhéid páistí nach bhfeiceann tuismitheoir ach uair an chloig sa ló, b’fhéidir, de thairbhe iad a bheith ag obair ó dhubh go dubh le morgáiste agus billí eile a ghlanadh? Cá mhéad teaghlach atá fá bhrú de shíor ag easpa airgid de bharr na dífhostaíochta?

Ní cúrsaí eacnamaíochta amháin atá i gceist anseo, ach polasaithe polaitiúla a chuireanns an stát i bhfeidhm d’aon ghnó chomh maith. Tá páistí a rugadh agus a tógadh sa tír seo, agus dhíbir an stát tuismitheoir leo thar lear cionn is gur chreid sé go raibh an iomarca daoine gorma anseo. B’éigean do chúirt san Eoraip tabhairt orthu éirí as an pholasaí seo le deireanas. Daoine as taobh amuigh den Eoraip a thaganns ag obair in Éirinn, is annamh a ligtear dóbhtha gaolta a thabhairt anall chun cónaithe leo. Agus caidé a rinne an rialtas le cupla bliain anuas le airgead a spáráilt ach liúntas na leanaí a ghearradh, agus liúntas na ndaoine a thuganns aire do ghaolta sa bhaile?

Mar sin, is beag an meas oifigiúil atá ar an teaghlach le fírinne, is léir. Ach ag an am céanna, cuirtear an teaghlach ós ár gcomhair i gcónaí mar idéal, aidhm a mba chóir dúinn uilig go léir féachaint lena baint amach. Is iomaí polaiteoir a dhéananns scéal mór in aimsir toghcháin as an mhéid atá déanta aige ar mhaithe le teaghlaigh, nó an méid a dhéanfadh dá mbeadh sé féin sa rialtas. Thug cuid acu “Fine” agus “Clann” ar a gcuid páirtithe, fiú. Is é an teaghlach bunús nádúrtha an tsaoil, “buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht”, an dóigh ba mhaith linn ar fad ár saol a chaitheamh—nach ea?

Níl an fabhalscéal ag teacht leis an fhírinne. Tá páiste as gach ceathrar á thógáil ag tuismitheoir amháin, mar shampla. Tá a lán eile á dtógáil ag beirt, ach gan an bheirt sin a bheith pósta: beirtear páiste as gach triúr taobh amuigh den phósadh. Aríst, tá a lán eile á dtógáil ag daoine atá sa dara pósadh, agus clann acu ón chéad phósadh chomh maith, b’fhéidir. Tá níos lú daoine ná riamh ag mairstin de réir tuigbheáil thraidisiúnta an teaghlaigh.

Ach caidé chomh traidisiúnta is atá an teaghlach seo, ar aon nós? Ní bhainfeadh ár seansinsir ciall ar bith as, nó mhair siadsan ar dhóigh eile ar fad. Bhíodh a gcuid clann agus finí i bhfad Éireann níos leithne agus níos scaoilte ná teaghlach an lae inniu. Ní bhíodh aon reifrinn de dhíth orthu le colscaradh a dhéanamh, ná próiseas fada costasach cúirte ach an oiread. Bhíodh páistí mar chúram ar an phobal uilig, ní ar bheirt amháin. Mhair iarsmaí dá leithéid go ceann i bhfad, agus is le fíordheireanas a tháinig an teaghlach núicléach ar an tsaol in Éirinn.

Ach más mall is mithid, a déarfadh cuid mhaith daoine. Mura bhfuil daoine ag cloí leis an mhúnla seo, is mór an trua é, a déarfadh siad, nó is é an teaghlach seo an dóigh is fearr dá bhfuil ann le páistí a thógáil agus sochaí shona a chur ar fáil. Bíonn staidéir agus tuairiscí ar bharr teangan acu leis an mhéid seo a chruthú, chomh maith.

Bhuel, luíonn sé le ciall go bhfuil sé níos éasca ar bheirt tuismitheoirí clann a thógail ná ar an aon tuismitheoir amháin. Nach fearr dhá chloigeann ná ceann amhain? B’fhéidir é, ach ní argóint ar bith é sin i bhfabhar an teaghlach traidisiúnta. Más dada é, is argóint i bhfabhar an ilphósadh é. Más fearr beirt tuismitheoirí, nárbh fhearr fós triúr, ceathrar, cúigear—nó páistí a thógáil i gcomúin, fiú? Agus braitheann sé ar caidé an bheirt atá i gceist, ar ndóighe. An bhfuil muid ag caint ar bheirt atá ag iarraidh a bheith ann ag tógáil na bpáistí, ag iarraidh a bheith le chéile? Nó beirt atá le chéile in éadan a dtola, nach bhfuil fonn orthu clann a thógáil in éineacht, a bhfuil duine acu foréigneach don duine eile? Tá sé amaideach a bheith ag cur an tslat tomhais chéanna le achan chás nuair a bhíonns an oiread sin éagsúlachta ann.

Ach cé nach bhfuil idéal an teaghlaigh ag freagairt don tsaol a bhíonns ag daoine, cuirtear brú millteanach orainn glacadh leis. Is doiligh do dhuine cinneadh a dhéanamh clann a thógáil léi nó leis féin nuair is ionann sin agus a bheith fá mhíbhuntáiste mhór eacnamaíochta. Agus cúram clainne ort féin amháin, is deacra go mór oideachas nó fostaíocht a fháil, agus beidh caighdeán do bheatha thíos leis.

Níl aon éalú ón fhírinne gurb iad na mná seachas na fir a bhíonns sa chruachás seo níos minice ná a mhalairt, nó is ina mbaclainn siúd is mó a fhágtar na leanaí. Is cuid bhunúsach den leatrom atá ar mhná sa tsaol an ról a bhíonns daite dóbhtha sa teaghlach. Is iadsan a thuganns leanaí ar an tsaol, agus tá an saol sin leagtha amach ar dhóigh a ghearranns píonós orthu dá thairbhe sin. Is corrbhean a dtig léi leanbh a bheith aici gan aon díobháil a dhéanamh dá slí bheatha, agus ní leor ar scor ar bith an beagán a thuganns an stát dóbhtha mar mhalairt.

Níl aon réiteach ar an fhadhb sin ach go nglacfadh an tsochaí uilig uirthi féin cúram leanaí a chur ar fáil d’achan duine. Chomh fada is a chuirtear iachall ar mhná a ghabháil fán ualach seo ina n‑aonar, ní féidir nach gcuirfidh sé isteach go míchothrom ar a mbeatha. Tá an teaghlach tábhachtach don chóras caipitleach mar déanann sé príobháidiú ar chúraimí bunúsacha. Dá mbeadh ar an stát íoc as tógáil leanaí, nó as aire a thabhairt do sheandaoine breoite, samhlaigh caidé an costas a bheadh air. Coinníonn an teaghlach na cúraimí seo sa bhaile, mar fhreagracht phríobháideach, ag sábháil na mbilliún ar an chóras.

Aisteach go leor, tá daoine ann atá ag iarraidh an tsaol teaghlaigh seo ach a gcoinnítear uathu é. Maítear gur mór an dul chun cinn é go bhfuil cead ag daoine aeracha páirtnéireacht shibhialta a chur ar bun anois, ach cad chuige nach bhfuil cead acu pósadh cosúil le duine ar bith eile? Cad chuige nach bhfuil cead acu páistí a uchtú cosúil le duine ar bith eile? Cad chuige a gcuirtear cosc ar dhaoine aeracha ar mian leofa gnáthshaol teaghlaigh a bheith acu? Mar b’ionann sin agus glacadh leis go bhfuil an hómaighnéasacht iomlán chomh bailí nádúrtha leis an heitrighnéasacht, go dtig tógáil leanaí a scaradh ó bhreith leanaí—agus bhainfeadh sin cuid mhaith den bhonn atá fán teaghlach sa tsochaí chaipitleach.

Ar ndóighe, is annamh a bhíonns saol an teaghlaigh chomh hiontach lena cháil. Comhfhad a théanns fuath agus grá, a deir an seanfhocal, agus is doiligh a cheapadh nach duine teaghlaigh a bhí sa té a chum é. Is foinse thábhachtach suaimhnis ag a lán daoine é an teaghlach, dídean a ligeanns do dhaoine éalú ó ábhair bhuartha an tsaoil. Ach ag an am céanna, is uafásach an crá croí é uaireanta, áit a gcúngraítear daoine i dteorainneacha plúchtacha. Ag cuid mhaith daoine, páistí agus mná go mór mór, is measa fós é, ionad foréigin is drochúsáide.

Caidé a dhéanfadh muid leis an teaghlach i sochaí shóisialach, mar sin? Ar chúpla cúis, is doiligh freagra a thabhairt ar an cheist sin. Ar an chéad sul síos, ní ceart do shóisialaithe an lae inniu a bheith ag leagan síos caidé mar ba cheart do dhaoine mairstin amach anseo, go háirid agus muid ag caint ar a saol príobháideach. Fúthu féin a bheas sé. Agus ní thig linn a rá caidé na hathruithe eile a thiocfas ar an teaghlach idir seo agus sin. Ach ní chuirfeadh sochaí shóisialach aon bhrú ar dhaoine titim isteach le idéal nó múnla ar leith. Bheadh go leor de na cúraimí atá príobhaideach anois ina gcúraimí sóisialta. Chuirfí naíonraí ar fáil saor in aisce le go mbeadh lánrogha cheart ag daoine maidir le cúram clainne, agus an scéal céanna i dtaobh obair tí fré chéile.

Seans maith go roghnódh go leor daoine cloí leis an sean­teaghlach, agus a chead sin acu, ar ndóighe. Bheadh daoine eile ag cleachtadh bealtaí eile le mairstin le chéile. Is é is dóichí go mbeadh mórchuid daoine ag athrú ó dhóigh amháin go dóigh eile ó uair go chéile. Is é an rud mór go mbeadh achan duine—mná, fir, páistí—saor chun a mbeatha a chaitheamh le chéile de réir a dtola féin, ar dhóigh a ligfeas dóbhtha a mbuanna a fhorbairt go hiomlán, mar dhaoine aonair agus mar chlann an tsaoil.