Stailceanna agus comhcheangail oibrithe

Foilsíodh an chéad aistriúchán Gaeilge ar théacs tábhachtach de chuid Karl Marx in Eagrán 62 (Nollaig 2015).

In 1846 d’fhoilsigh an sóisialaí Francach Pierre-Joseph Proudhon Córas na gContrárthachtaí Eacnamaíochta, nó Fealsúnacht na hAinnise. An bhliain dár gcionn, scríobh Karl Marx Ainnise na Fealsúnachta mar fhreagra air. Lochtaigh sé míthuiscint Proudhon ar oibriú an chaipitleachais agus coimhlintí na n‑oibrithe. Sa roinn dheiridh seo den leabhar, pléann Marx obair na gceardchumann—“comhcheangail”, mar a tugadh orthu san am—ag cosaint staid na n‑oibrithe agus ag cur tús le troid in aghaidh an chórais, ar son saoil nua. Aistrítear ó Fhraincis go Gaeilge den chéad uair í anseo.

Ní féidir a bheith de thoradh ar gach ardú tuarastal ach an toradh a bheadh ar ardú ar an arbhar, ar an bhfíon, srl., is é sin, an toradh a bheadh ar ghanntanas. Óir céard is tuarastal ann? Is é costas ceannaithe an arbhair, srl., é; is é praghas iomlán na rudaí go léir é. Téimis níos faide fós: is é an tuarastal comhréir ghnéithe an tsaibhris a chaitheann slua na n‑oibrithe gach lá ar bhealach atáirgiúil. Mar sin, tuarastail a dhúbailt…, is ionann é agus sciar níos mó ná a tháirge a dháileadh ar gach táirgeoir, rud a thagann salach air féin; agus mura mbaineann an t‑ardú ach le beagán tionscal, spreagtar corraí ginearálta sa mhalartú, nó le scéal gearr a dhéanamh de, ganntanas… Fágaim le huacht nach féidir go dtiocfaidh as stailceanna dá leanann méadú tuarastal ach boilsciú ginearálta: tá sé seo chomh cinnte is atá sé gurb ionann a dó is a dó agus a ceathair. (Proudhon, Leabhar I, lgh 110 agus 111.)

Séanaimid gach ceann de na dearbhuithe seo, ach amháin gurb ionann a dó is a dó agus a ceathair.

Ar an gcéad dul síos, níl a leithéid de rud agus boilsciú ginearálta ann. Má dhúblaítear praghas gach ruda san am céanna a dhúblaítear an tuarastal, ní athrú ar an bpraghas atá ann, ach athrú ar na téarmaí amháin.

Lena chois sin, ní féidir go dtiocfaidh boilsciú ginearálta earraí, nó geall leis, as ardú ginearálta tuarastal riamh. I ndáiríre, má fhostaíonn na tionscail go léir an líon céanna oibrithe i gcomhréir leis an gcaipiteal seasta nó leis na gléasanna a mbaineann siad úsáid astu, tiocfaidh ísliú ginearálta brabaigh as ardú ginearálta tuarastal agus ní dhéanfar athrú ar bith ar phraghas reatha na n‑earraí.

Ach ós amhlaidh nach ionann comhréir idir an obair láimhe agus an caipiteal seasta sna tionscail éagsúla, na tionscail go léir a bhaineann leas as níos mó caipitil sheasta agus níos lú oibrithe i gcomórtas lena leithéidí eile, cuirfear iallach orthu luath nó mall praghas a gcuid earraí a ísliú. Ina mhalairt de chás nuair nach n‑íslítear praghas a gcuid earraí, rachaidh a mbrabach os cionn an ráta coiteann brabaigh. Ní oibrithe ar tuarastal iad meaisíní. Mar sin, is lú a chuirfidh ardú ginearálta na dtuarastal isteach ar na tionscail a bhaineann leas as níos mó meaisíní ná oibrithe i gcomparáid le tionscail eile. Ach is é claonadh na hiomaíochta i gcónaí brabach a chothromú, agus ní féidir le brabach a théann os cionn an ghnáthráta ach a bheith neamhbhuan. Dá bhrí sin, cés moite de chorrluasca, ní hé an boilsciú ginearálta a luann an tUasal Proudhon a thiocfaidh as ardú ginearálta tuarastal, ach ísliú áirithe, is é sin, ísliú ar phraghas reatha na n‑earraí a tháirgtear le cúnamh meaisíní go príomha.

Ní dhéanann ardú agus ísliú brabaigh agus tuarastal ach an sciar a bhíonn ag na caipitlithe agus ag na hoibrithe de tháirge lá oibre a chur in iúl, gan tionchar ar phraghas an táirge den chuid is mó. Ach “nach dtagann as stailceanna dá leanann méadú tuarastal ach boilsciú ginearálta, nó ganntanas féin”, is é an cineál smaoinimh é nach bhféadfadh teacht ach as intinn file nach dtuigtear.

I Sasana, tá meaisíní nua fionnta agus curtha sa siúl de dheasca stailceanna go rialta. D’fhéadfá á rá gurb iad na meaisíní an t‑arm a mbaineann na caipitlithe leas as chun an lucht sainoibre i mbun ceannairce a chloí. Threascair an self-acting mule, an fhionnachtain is mó de chuid na nua-thionsclaíochta, na fíodóirí ceannairceacha.1 Mura mbeadh de thoradh ar chomhcheangail agus stailceanna ach iarrachtaí na héirime meicniúla a spreagadh ina n‑aghaidh, b’ollmhór a dtionchar ar fhorbairt na tionsclaíochta i gcónaí.

Feicim, a leanann an tUasal Proudhon, in alt a d’fhoilsigh an tUasal Léon Faucher2… Meán Fómhair 1845, go bhfuil nós na gcomhcheangal curtha díobh ag oibrithe Shasana le tamall anuas, dul chun cinn nach féidir gan a thréaslú leo, gan amhras: ach go dtagann an feabhas seo ar sprid na n‑oibrithe dá dteagasc eacnamaíochta. Ní ar na déantúsóirí, a scairt oibrí fíodóireachta ag cruinniú i mBolton, a bhraitheann na tuarastail. In aimsir lagtrá níl sna máistrí ach mar a bheadh lasc i lámha an éigin, agus más olc maith leo é, caithfidh siad buillí a bhualadh. Is é an coibhneas idir an soláthar agus an ráchairt an prionsabal rialaithe; agus ní ag na máistrí atá an chumhacht seo… Más maith is mithid, a scríobhann an tUasal Proudhon, seo againn na hoibrithe dea-ghléasta, na hoibrithe eiseamláireacha, srl., srl. Níorbh ann don ainnise seo i Sasana: ní rachaidh sí thar an gcaol.3 (Proudhon, Leabhar I, lgh 261 agus 262.)

De bhailte móra Shasana go léir, is i mBolton is mó atá an radacachas forbartha. Aithnítear nach bhféadfadh oibrithe Bolton a bheith níos réabhlóidí. Le linn an chorraíl mhór i Sasana ar son na dlíthe arbhair a chur ar ceal,4 níor chreid déantúsóirí Shasana go bhféadfaidís aghaidh a thabhairt ar na húinéirí talún gan na hoibrithe a chur chun tosaigh. Ach ós amhlaidh nár lú a bhí leas na n‑oibrithe in aghaidh leas na ndéantúsóirí ná a bhí leas na ndéantúsóirí in aghaidh leas na n‑úinéirí talún, ba dhual go mbeadh an chuid ba mheasa den scéal ag na déantúsóirí i gcruinnithe na n‑oibrithe. Céard a rinne na déantúsóirí? Le dea-chuma a chur ar an scéal, d’eagraigh siad cruinnithe ar saoistí is mó a bhí i láthair acu, beagán oibrithe a bhí dílis dóibh, agus cairde na tráchtála féin. Nuair a rinne fíoroibrithe iarracht ina dhiaidh sin, mar a rinneadh i mBolton agus i Manchain, páirt a ghlacadh chun cur in aghaidh na léirsithe bréige seo, cuireadh cosc orthu teacht isteach, faoi rá is gur ticket meeting é. Is é is brí leis seo, cruinnithe nach ligtear isteach iontu ach daoine a bhfuil cárta acu le teacht isteach. D’fhógair na póstaeir a greamaíodh de na ballaí, áfach, gur chruinnithe poiblí iad. Uair ar bith a mbíonn ceann de na cruinnithe seo ann, bíonn mionchuntas taibhseach ag nuachtáin na ndéantúsóirí ar na hóráidí a tugadh. Ní gá a rá gurbh iad na saoistí a thug na hóráidí seo. Aithrisíonn ceirteacha Londan iad focal ar fhocal. Tá sé de mhí-ádh ar an Uasal Proudhon na saoistí a thógáil in amhlachas na ngnáthoibrithe, agus ordaíonn sé dóibh gan dul thar an gcaol.

Más lú an suntas a tharraing stailceanna in 1844 agus in 1845, is de bharr gurbh iad 1844 agus 1845 an chéad dá bhliain ratha a bhí ag tionsclaíocht Shasana ó 1837 é. Mar sin féin, níor scoireadh aon cheann de na trades unions.

Éistimis anois le saoistí Bolton. Dar leo, ní hiad na déantúsóirí atá i gceannas ar thuarastail, mar ní hiad atá i gceannas ar phraghas an táirge, agus ní hiad atá i gceannas ar phraghas an táirge mar ní hiad atá i gceannas ar mhargadh na cruinne. Ar an gcúis seo, tugann siad le fios nár cheart comhcheangail a chur ar bun chun ardú tuarastal a bhaint de na máistrí. Coisceann an tUasal Proudhon comhcheangail orthu, áfach, ar eagla nach dtiocfadh as comhcheangal ach ardú tuarastal agus ganntanas ginearálta mar thoradh air. Ní gá dúinn a rá go bhfuil comhaontú cairdis idir an tUasal Proudhon agus na saoistí i dtaobh pointe amháin: gurb ionann ardú tuarastal agus ardú ar phraghsanna earraí.

Ach an í eagla an ghanntanais atá ag cur oilc ar an Uasal Proudhon i ndáiríre? Ní hí. Go bunúsach, tá nimh san fheoil aige do shaoistí Bolton, mar cinneann siad an luach de réir soláthar agus ráchairt agus is beag a n‑aird ar an luach bunaithe, ar an luach tar éis dul ar staid an bhunaithe dó, ar bhunú an luacha, agus an in­mhalartacht bhuan ann chomh maith leis na comhréireanna coibhneasa is coibhneasa comhréire eile go léir agus Dia lena dtaobh.5

Tá stailc na n‑oibrithe in aghaidh an dlí, agus ní hé an Cód Pionóis amháin a deir amhlaidh, ach an córas eacnamaíochta, riachtanas an oird bhunaithe… Go bhfuil saorchead ag gach oibrí aonair maidir lena phearsa agus a lámha féin, is féidir cur suas leis sin; ach go dtabharfadh na hoibrithe i gcomhcheangail faoin lámh láidir a imirt ar an monaplacht, sin rud nach féidir leis an tsochaí a cheadú. (Leabhar I, lgh 237 agus 235.)

Cuireann an tUasal Proudhon i gcéill gur toradh riachtanach ginearálta ar chaidreamh an táirgthe bhuirgéisigh is ea airteagal den Chód Pionóis.6

I Sasana, tá comhcheangail ceadaithe ag Acht Parlaiminte agus is é an córas eacnamaíochta a thug ar an bParlaimint an ceadú seo a thabhairt mar dhlí. In 1825, nuair ab éigean, faoin Aire Huskisson, an reachtaíocht a leasú chun é a thabhairt níos gaire do chúrsaí mar a bhí de bharr na saoriomaíochta, b’éigean dó na dlíthe go léir a choisc comhcheangail oibrithe a chur ar ceal.7 Dá mhéad a d’fhorbair an nua-thionscláíocht agus an iomaíocht, is amhlaidh ba mhó gnéithe a bhí ann a spreag is a chothaigh comhcheangail, agus chomh luath is atá na comhcheangail ina bhfíric eacnamaíochta, ag dul i mbuaine ó lá go lá, ní féidir iad a choinneáil ó bheith ina bhfíric dhlíthiúil.

Dá bhrí sin, cruthaíonn an t‑airteagal den Chód Pionóis, ar a mhéad, nach raibh an nua-thionsclaíocht agus an iomaíocht forbartha go maith fós faoin Tionól Bunreachta agus faoin Impireacht.8

Tá na heacnamaithe agus na sóisialaithe9 ar aon aigne i dtaobh aon phointe amháin: cáineadh na gcomhcheangal. Níl ann ach go bhfuil fáthanna éagsúla acu lena gcáineadh.

Deir na heacnamaithe leis na hoibrithe: Ná déanaigí comh­cheangal. Agus sibh ag déanamh comhcheangail, cuireann sibh cúl ar ghnáthshiúl na tionsclaíochta, bacann sibh na déantúsóirí ó orduithe a chomhlíonadh, cuireann sibh isteach ar an tráchtáil, agus brostaíonn sibh ionradh na meaisíní a chuireann roinnt de bhur gcuid oibre ó mhaith is a thugann oraibh glacadh le tuarastal níos ísle fós. Rud eile de, is cuma céard a dhéanann sibh, is é an coibhneas idir na lámha atá ag teastáil agus na lámha atá ar tairiscint a chinneann bhur dtuarastal i gcónaí, agus is seafóideach contúirteach an iarracht agaibh cur in aghaidh dlíthe síoraí na heacnamaíochta polaitiúla.

Deir na sóisialaithe leis na hoibrithe: Ná déanaigí comhcheangal, mar, tar éis an tsaoil, céard a bheidh dá bharr agaibh? Ardú tuarastal? Cruthóidh na heacnamaithe daoibh de réir na fianaise go dtiocfaidh ísliú go deo i ndiaidh daoibh cúpla pingin a ghnóthachan as ar feadh tamaillín má éiríonn libh. Cruthóidh áiritheoirí cliste daoibh go dtógfadh sé na blianta oraibh na costais is gá daoibh le comhcheangail a eagrú is a choinneáil ar siúl a fháil ar ais mar mhéadú tuarastal. Agus muidne, déarfaimidne libh, inár gcáilíocht mar shóisialaithe, amach ó cheist seo an airgid, nach lú a bheidh sibh in bhur n‑oibrithe ina dhiaidh, agus na máistrí ina máistrí i gcónaí, ná mar a bhí roimhe. Dá bhrí sin, ná bacaigí le comhcheangail, agus ná bacaigí le polaitíocht, mar nach ionann dul i mbun comhcheangail agus dul i mbun polaitíochta?

Teastaíonn ó na heacnamaithe go bhfanfaidh na hoibrithe sa saol mar atá sé bunaithe, a bhfuil míniú agus séala air le fáil ina gcuid lámhleabhar.

Teastaíonn ó na sóisialaithe go bhfágfaidh na hoibrithe an sean­saol ina ndiaidh, le gur fearr a bheidh siad in ann dul isteach sa saol nua atá ullmhaithe dóibh chomh fadbhreathnaitheach sin acu.

Ainneoin ceachtar den dá dhream, ainneoin na lámhleabhar is na n‑útóipí, níor stad na comhcheangail ar chor ar bith ag dul ar aghaidh agus ag méadú le forbairt agus méadú na nua-thionsclaíochta. Tá sé tagtha chomh fada anois go dtugann an chéim atá bainte amach ag na comhcheangail i dtír léiriú soiléir ar an ionad atá aici i gcéimíocht mhargadh na cruinne. Is i Sasana, mar a bhfuil an chéim forbartha is airde bainte amach ag an tionsclaíocht, atá na comhcheangail is ollmhó agus is dea-eagraithe.

I Sasana, níltear taobh le comhcheangail neamhiomlána, gan de chuspóir leo ach stailc neamhbhuan, ag dul as ina diaidh. Tá comh­cheangail bhuana curtha ar bun, trades unions a fheidhmíonn mar bhábhún na n‑oibrithe ina gcuid coimhlintí leis na fostóirí. Agus i láthair na huaire, tá na trades unions áitiúla go léir ag teacht le chéile sa National Association of United Trades, a bhfuil lárchoiste i Londain agus 80,000 ball aige cheana. Chuaigh eagrú na stailceanna, na gcomhcheangal, na trades unions seo ar aghaidh bonn ar bhonn le coimhlintí polaitiúla na n‑oibrithe atá anois ina bpáirtí mór polaitiúil darb ainm na Chartists.10

Is faoi chruth na gcomhcheangal a tharlaíonn chéad iarrachtaí na n‑oibrithe cur le chéile i gcónaí.

Tugann an mhórthionsclaíocht le chéile in aon áit amháin slua mór daoine gan aithne acu ar a chéile. Dealaíonn an iomaíocht a leas óna chéile. Ach tugann cosaint an tuarastail, an comhleas seo acu in aghaidh a máistir, le chéile iad agus é ar intinn acu ar fad cur ina aghaidh—comhcheangal. Dá bhrí sin, bíonn cuspóir dúbailte leis an gcomhcheangal i gcónaí, stad a chur leis an iomaíocht eatarthu, chun dul in iomaíocht ghinearálta leis an gcaipitlí. Mura mbíonn sa chéad chuspóir troda ach cosaint a dtuarastal, sa mhéid a thugtar na caipitlithe le chéile agus é ar intinn acu iad a chur faoi chois, tagann na comhcheangail, a scoitear óna chéile ar dtús, le chéile ina ngrúpaí, agus os comhair an chaipitil a bhíonn aontaithe i gcónaí, bíonn cosaint an chumainn níos riachtanaí dóibh ná cosaint an tuarastail. Tá an méid seo chomh fíor sin go mbíonn ionadh an domhain ar eacnamaithe Shasana nuair a fheiceann siad na hoibrithe ag íobairt sciar maith den tuarastal ar mhaithe leis na cumainn nár cuireadh ar bun, dar leis na heacnamaithe, ach ar son tuarastal. Sa choimhlint seo—cogadh cathartha ceart—tugtar le chéile agus forbraítear na gnéithe go léir atá ag teastáil i gcomhair catha atá le teacht. Agus an méid seo bainte amach, bíonn nádúr polaitiúil ag baint leis an gcumann.

Ar dtús, rinne cúinsí eacnamaíochta oibrithe d’fhormhór na tíre. Tá staid choiteann cruthaithe don slua seo ag smacht an chaipitil, leas coiteann. Dá bhrí sin, is aicme os comhair an chaipitil cheana é an slua seo, ach ní aicme di féin í fós. Le linn na coimhlinte, nach bhfuil ach cuid dá céimeanna luaite againn, aontaíonn an slua seo, ag déanamh aicme ar a son féin. Déantar leas aicme den leas a chosnaíonn sí. Ach tá coimhlint aicme le haicme ina coimhlint pholaitiúil.

Sa bhuirgéiseacht, tá dhá chéim le haithint againn: an chéim nuair a rinne sí aicme faoi réimeas an fheodachais is na monarcachta absalóidí, ansin an chéim, agus aicme déanta di cheana, nuair a threascair sí an feodachas is an mhonarcacht chun saol buirgéiseach a dhéanamh den saol. Ba í an chéad chéim díobh seo ab fhaide agus na hiarrachtaí is mó ag teastáil inti. Thosaigh sí seo freisin le comh­cheangail neamhiomlána in aghaidh na dtiarnaí feodacha.

Tá a lán taighde déanta leis na céimeanna stairiúla éagsúla a shiúil an bhuirgéiseacht a rianú, ón gcomún11 go ndearnadh aicme di.

Ach nuair atá cuntas cruinn le tabhairt ar na stailceanna, na comhcheangail agus na cruthanna eile faoina gcuireann na prólatáirigh a n‑eagrú mar aicme i gcrích os comhair ár súl, gabhann fíoreagla cuid de na daoine, agus bíonn dímheas tarchéimnitheach le feiceáil ar chuid eile.

Tá aicme faoi chois ina coinníoll riachtanach le gach saol atá bunaithe ar naimhdeas na n‑aicmí. Mar sin, caithfear cruthú saoil nua a thuiscint le fuascailt na haicme faoi chois. Le gur féidir leis an aicme faoi chois í féin a fhuascailt, ní foláir nach féidir leis na cumhachtaí táirgthe atá faighte maireachtáil le taobh an chaidrimh shóisialta atá i réim. De na gléasanna táirgthe go léir, is í an aicme réabhlóideach féin an chumhacht táirgthe is mó. Glacann eagrú na ngnéithe réabhlóid­eacha mar aicme leis go bhfuil na fórsaí táirgthe go léir is féidir a ghiniúint i mbrollach an tseansaoil ar fáil.

An ionann sin is a rá go mbeidh smacht aicmeach nua ann tar éis titim an tseansaoil, agus cumhacht pholaitiúil nua ina bharr? Ní hionann.

Is é coinníoll fhuascailt an aicme oibre go gcuirtear na haicmí go léir ar ceal, ar an gcaoi chéanna gurbh é coinníoll fhuascailt an tríú heastát, an oird bhuirgéisigh,12 gur cuireadh na heastáit agus na hoird go léir ar ceal.

Cuirfidh an aicme oibre le linn a forbartha, in áit an tseansaoil, cumann a choinneoidh amach aicmí agus a naimhdeas, agus ní bheidh aon chumhacht pholaitiúil ó cheart ann, ó nach bhfuil sa chumhacht pholaitiúil ach an leagan oifigiúil den naimhdeas sa saol cathartha.

Idir an dá linn, tá an naimhdeas idir an phrólatáireacht agus an bhuirgéiseacht ina coimhlint idir aicme is aicme, coimhlint atá, ach í a thabhairt go dtí an leagan is airde, ina réabhlóid iomlán. Agus an cúis iontais ar bith é go gcríochnódh saol atá bunaithe ar theannas na n‑aicmí ina chontrárthacht bhrúidiúil, bualadh coirp in aghaidh coirp mar chríoch dheiridh?

Ná habair nach féidir le gluaiseacht shóisialta a bheith ina gluaiseacht pholaitiúil. Ní bhíonn gluaiseacht pholaitiúil riamh ann nach mbíonn sóisialta san am céanna.

Nuair a bheidh cúrsaí leagtha amach gan a thuilleadh aicmí ná naimhdeas aicmí, ansin amháin a stadfaidh éabhlóidí sóisialta de bheith ina réabhlóidí polaitiúla. Go dtí sin, ar thairseach gach atheagar ginearálta ar an saol, is é an focal scoir a bheidh ag an eolaíocht shóisialta i gcónaí:

An troid nó an bás: báire na fola nó an neamhní. Is mar sin a chuirtear an cheist, gan aon dul as.

—George Sand13

Nótaí

  1. Tháinig an miúil sníofa uathoibritheach isteach in 1825, i gcaoi is nach raibh gá le hoibrí chun cadás a shníomh.
  2. Eacnamaí agus polaiteoir meathliobrálach.
  3. Is é sin, thar Mhuir nIocht go dtí an Fhrainc.
  4. Ó 1815 chuir na dlíthe arbhair dleacht trom ar arbhar ag teacht isteach sa Bhreatain. Thaitin siad leis na mórúinéirí talún, ach choinnigh siad praghas an bhia ard, agus theastaigh ó thionsclóirí an bia a shaoirsiú le go bhféadfaidís tuarastal níos ísle a íoc. Cuireadh na dlíthe ar ceal in 1846.
  5. Tagraíonn sé seo do thuiscint Proudhon ar an luach, a bhí lochtaithe ag Marx níos luaithe sa leabhar.
  6. I 1791 rith tionól bunreachta na Fraince dlí a chuir cosc le ceard­chumainn agus stailceanna, cuid den chód pionóis ar ghlac an tionól leis i rith an bliana sin, agus de chóid eile a tháinig ina dhiaidh.
  7. Níl insint Marx iomlán cruinn anseo. In 1824 chuir William Huskisson, Uachtarán an Bhord Tráchtála, deireadh leis an gcosc ar cheard­chumainn is stailceanna. Ach an bhliain dár gcionn, thug sé dlí isteach a chuir cosc orthu athuair. Ba ghearr go raibh na ceardchumainn chomh láidir sin, áfach, gur beag brí a bhí leis an gcosc.
  8. Bhí an Fhrainc ina himpireacht faoi Napoléon 1804-14 agus seal gearr in 1815.
  9. Sóisialaithe na linne atá i gceist, a raibh dearcadh diúltach Proudhon acu ar an gceardchumannachas.
  10. Ó 1838 bhí ollfheachtas ag iarraidh Cairt an Phobail a chur i bhfeidhm agus córas lándaonlathach a chur ar bun sa Bhreatain.
  11. Stáit chathrach a bhí i gcomúin na meánaoise, inar eagraigh na buirgéisigh den chéad uair.
  12. Sa Fhrainc roimh an réabhlóid, tugadh an Tríú hEastát orthu siúd nár bhain leis na heastáit eile (an chléir, agus na huaisle), agus na buirgéisigh chun tosaigh ina measc.
  13. Ón úrscéal Jean Ziska (1843) le George Sand (Amantine-Lucile-Aurore Dupin).